Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cáin an Oileáin Úir agus Déantúisí na hÉireann - I.

Title
Cáin an Oileáin Úir agus Déantúisí na hÉireann - I.
Author(s)
Ua Concheanainn, Tomás,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cáin an Oileáin Úir agus Déantúisí
na hÉireann — I.



Nuair a bhíos san Oileán Úr anuraidh chualas
a lán daoine, idir Éireannaighibh agus eile,
ag cur síos ar Dhlighe na Cánach. Cias is maoite
de na Coinghil Shasannach-Phuncánach (má's sé
sin an leagan ceart air an Anglo-American
Alliance) ní'l aon nídh eile in a gcuireann
na daoine go hiomlán an oiread suime is
chuireann siad i nDlighe na Cánach.



Níl na Republicans ná na Democrats ná aon
aicme eile polaiteidheachta sásta leis an Dlighe
mar atá sé faoi láthair. Is ceart a rádh annso
go bhfuil muinntir Mheiriocá ar fad a bhfabhar
cáin do chur ar gach earraidh a tugtar isteach
san tír, acht an dream ata i gceannas le suas
agus anuas le sgór bliadhan anois, siad sin
na Republicans, tá siad-san i bhfabhar Cáin
ana-árd ar fad; síleann na Democrats go
mba chóir an cháin a laigheadughadh go dtí an
méid difrigheacht' ata idir an pháighe a tugtar
do na hoibrightheóirí thar lear agus an pháighe
a tugtar dóibh san Oileán Úr.



Ní shásuigheann seo na Republicans ar fad.
Badh mhaith leó é bheith i bhfad níos áirde; acht
mar dúbhras cheana admhuigheann siad agus gach
aicme eile go mba chóir an Cháin do ísliúghadh
seachas mar atá sé.



Deireann na Democrats gurab í an Cháin árd
is cionntach leis an bheatha a bheith chomh daor is atá
sí. Chuaidh an bheatha suas agus chuaidh an cíos
suas agus an t-éadach suas, agus gach rud
eile riachtanach chun an t-anam agus an cholainn
a choinneáil le chéile, cion 50% le 20 bliadhain,
agus ní dheachaidh an pháighe suas dá réir sin.



Deireann daoine eile gurab iad na Cumannacha
Móra sin in a dtugtar na Trusts ortha is
cionntach leis an gcosdas do árdúghadh. Creidim
go bhfuil cuid de'n cheart aca araon, acht is
dóighide go mba goire de'n fhírinne a rádh go
bhfuil cuid de'n chionnta ag baint leis an gCáin
<04>
Árd a chur na Republicans i bhfeidhm, agus cuid
de'n chionnta leis na Trusts.



Sé baramhail gach n-aon go mbéidh Uachdarán
Democratic in áit Taft an bhliadhain seo chugainn
nuair a bhéas an Togha Coitcheannta aca. Tá
furmhór Baill Chongress ina nDemocrats cheana
féin, agus is dóighide freisin nach fada go mbéidh
furmhór na Seanaide de'n 'aicme chéanna
polaitidheacht'. Má thuiteann na nithidhe seo
amach roimh bhliadhain ó indiu (agus do réir gach
cosamhlacht' tuitfidh) béidh Cáin an Oileáin Úir
dá hísliúghadh. Beidh athrúghadh bunudhasach
curtha ar an dlighe agus sin é an t-am tráthamhail
dúinne féachaint leis an dlíghe athrúghadh sa gcaoi
go rachfadh sé chun tairbhe dá'r dtírín féin.



Cuireann cuid mhaith de na Gaedhil sa Oileán
Úr suim mhór i nÉirnn. Cuireann siad níos
mór suime ins na Déantúisí, b'fhéidir, ná mar
chuireann siad in aon roinn eile de náisiúntacht,
cia is maoite de Fhéin-Riaghaltas, agus níl
aimhreas ar bith agam nach dtabharfaidís gach
congnamh uatha, dá gcuirfidhe an sgéal rompa
mar is ceart.



Bhí mé ag cainnt le Éireannach darab ainm
Séamus MacThomáis as Louisville, Kentucky,
agus sé a thuairim seisean go mbeadh seans
maith go dtabharfaidhe tús áite sa Dlighe nuadh
do Earraidhe na hÉireann dá dtiucfaidhe in
éadan na hoibre mar is ceart. Tá an fear
seo ag cur suim san teanga agus 'ins na
Déantúisí le bliadhanta. Tá ainm i n-áirde
aige ar a theach mhór gnótha i nGaedhilg agus tá
níos mó de earraidhe na hÉireann ina theach ná
mar tá i dteach an té is Gaedhealaighe againn
san mbaile.



Tomás Ua Concheanainn



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services