Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cruinniughadh Mór i mBéilfeirsde
Title
Cruinniughadh Mór i mBéilfeirsde
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cruinniughadh Mór i mBéilfeirsde. Dia hAoine seo chuaidh thart bhí cruinniughadh againn i Halla Uladh, an halla is mó i mBéil- feirsde. Cha rabh an halla lán go dearbhtha nó leath-lán acht bhí cuid mhaith daoine i láthair. Is iad muinntear an Chonnartha féin is mó theip orainn. Dá mbéidís i láthair, mar ba chóir dóbhtha a bheith, bheadh an halla lán. Bhí a lán daoine i láthair nach raibh baint aca leis an Chonnradh, cuid mhaith acu na bProtestúnaibh. Ba bhreágh an tionól é ar dóigheannaibh eile. Bhí roinnt de na cainteoiribh is fearr 'sa Chonnradh againn, mar atá An Craoibhín féin, Eoin Mac Néill, agus Pádraig Mac Piarais. Bhí beirt eile ar an árdán fósda, a labhair go bríoghmhar nár de lucht an Chonnartha iad .i. Alasdair Mac Uilliam nó Wilson agus Aralt Barbóir. Is iad an bheirt is éifeachtaighe i gConnradh na nDéantús i mBéilfeirsde iad. Fuaradar amach agus iad i mbun na hoibre sin go rabh Connradh na Gaedhilge ag tabhairt cabhrach agus lámh chonganta dóibh agus gurbh fusa dóbhtha a ngnó féin de bhárr shaothair an Chonnartha. “Is iomdha fear i mBéilfeirsde agus ar fud na tíre,” arsa fear aca, “nach bhfuil báidh nó dáimh aige do Chonnradh na Gaedhilge acht b'éidir éad agus géar-fhuath, a bhfuil a chiste 'sa bhannc méaduighthe aige tré shaothar an Chonnartha.” B'fhíor dó an méid sin acht mheasas nár thuig- eadar na daoine seo chomh beacht é is tuigid siad. Fear eile aca a mbíonn ag taisteal na tíre dó ag iarraidh comhoibriughadh do chur chun tosaigh thug sé teistis uaidh gur casadh obair na Gaedhilge air i mórán d'áitibh agus gurbh fheairrde a shaothar féin í. Go háithrid mhol sé na feis- eanna agus na haeridheachtanna bhíos ar cois ag na Gaedhilgeoiribh le croidhe agus meisneach thabhairt do na daoinibh agus a stuaim agus a n-intinn a spreagadh. Is ar na hádhbharaibh seo agus ar ádhbharaibh mar iad d'eirigh muinighin san bheirt so as obair na Gaedhilge agus thángadar do chuidiughadh linn. Tá fear aca ag foghluim na Gaedhilge é féin agus is dóigh liom gur Gaedheal dílis é anois. Is protastúnaighe an bheirt fhear seo agus iad go láidir ar an tsaoghal iad féin agus measaim go rachaidh a sompla chua tairbhe do'n Gaedhilg agus d'obair na Gaedhilge i mBéilfeirsde. Is iad na ruda chuir an cruin- niughadh mar chuspóra roimhe iarraidh ar an phoiblidheacht cabhair airgid thabhairt do'n Chonnradh shan am fá láthair, agus iarraidh ar Sheanaid Iolsgoile Bhéilfeirsde réim na Gaedhilge d'árdughadh sa iolsgoil, agus iarraidh ar Chomhairle Chathrach Bhéilfeirsde múinteachasa Gaedhealach do chur ar cois i Sgoil na gCéard agus na nDán. Tá mé déanamh go n-éireochaidh linn i ngach cuspóir aca seo. Tá an bailiughadh airgid ag gabhail ar aghaidh againn fá láthair agus tá ag eirghe linn go measardha maith. Déanfaidh an cruinnighuadh mór maitheas dúinn tá mé cinnte. Fá dtaoibh den Iolsgoil, ní mheasaim go mbéidh sé a bhfad go n-ardochar an léigheachtaidhe atá ann cheana féin le bheith 'na ollamh agus ann sin béidh léigheachtaidhe ag teastáil fósda mar tá na mic léighinn atá ag gabhail do'n Ghaedhilg ag méadughadh ó lá go lá. Is mó iad fá dhó anois féin ná na sgoláirí atá ag gabhail d'ealadhan tráchtála agus árd-ollamh aca siúd cheana féin. Agus fá dtaoibh de Sgoil na gCéard, béidh an Ghaedhilg dhá teagasg innti gan mhoill, tá súil agam. Heitigheadh ar n-éilimh ar seo cúpla bliadhain ó shoin agus chuir an Chomhairle Chathrach ina gcoinnibh go nimhneach éadmhar acht ní mhairfidh an t-éad nó an droch-aigne sin. Tiocfaidh náire ortha ar ball an Ghaedhilg do choinnealt faoi chois agus í i n-áird-réim san Iolsgoil. Ba hiad lucht an aineolais do chuir i n-aghaidh na Gaedhilge agus tá an t-aineolas dhá sgapadh agus ag glanadh leis, buidheachas do Dhia. Eireochaidh linn i ngach rud ar chuireamar romhainn ag an chruinniughadh mór, acht d'eireochadh linn níos túisge b'éidir dá dtigeadh na Gaedhil go dtí an cruinniughadh agus suim do chur san obair. B'éidir nach dtuigidh go léir an méid seo: dá dtuigfeadh ní dóigh liom go leigfeadh siad do'n leisge agus do'n neamh- shuim sárughadh ortha. Ná bíodh siad 'na gcodladh an darna huair acht déanadaois faire agus freastail san chúis dá bhfuil siad ceangailte. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services