Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cruinniughadh Mór i mBéilfeirsde

Title
Cruinniughadh Mór i mBéilfeirsde
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cruinniughadh Mór i mBéilfeirsde.



Dia hAoine seo chuaidh thart bhí cruinniughadh
againn i Halla Uladh, an halla is mó i mBéil-
feirsde. Cha rabh an halla lán go dearbhtha nó
leath-lán acht bhí cuid mhaith daoine i láthair. Is
iad muinntear an Chonnartha féin is mó theip
orainn. Dá mbéidís i láthair, mar ba chóir
dóbhtha a bheith, bheadh an halla lán. Bhí a lán
daoine i láthair nach raibh baint aca leis an
Chonnradh, cuid mhaith acu na bProtestúnaibh. Ba
bhreágh an tionól é ar dóigheannaibh eile. Bhí
roinnt de na cainteoiribh is fearr 'sa Chonnradh
againn, mar atá An Craoibhín féin, Eoin Mac
Néill, agus Pádraig Mac Piarais. Bhí beirt
eile ar an árdán fósda, a labhair go bríoghmhar
nár de lucht an Chonnartha iad .i. Alasdair Mac
Uilliam nó Wilson agus Aralt Barbóir.
Is iad an bheirt is éifeachtaighe i gConnradh
na nDéantús i mBéilfeirsde iad. Fuaradar
amach agus iad i mbun na hoibre sin go rabh
Connradh na Gaedhilge ag tabhairt cabhrach agus
lámh chonganta dóibh agus gurbh fusa dóbhtha a
ngnó féin de bhárr shaothair an Chonnartha. “Is
iomdha fear i mBéilfeirsde agus ar fud na
tíre,” arsa fear aca, “nach bhfuil báidh nó
dáimh aige do Chonnradh na Gaedhilge acht b'éidir
éad agus géar-fhuath, a bhfuil a chiste 'sa bhannc
méaduighthe aige tré shaothar an Chonnartha.”
B'fhíor dó an méid sin acht mheasas nár thuig-
eadar na daoine seo chomh beacht é is tuigid siad.
Fear eile aca a mbíonn ag taisteal na tíre dó
ag iarraidh comhoibriughadh do chur chun tosaigh
thug sé teistis uaidh gur casadh obair na
Gaedhilge air i mórán d'áitibh agus gurbh fheairrde
a shaothar féin í. Go háithrid mhol sé na feis-
eanna agus na haeridheachtanna bhíos ar cois
ag na Gaedhilgeoiribh le croidhe agus meisneach
thabhairt do na daoinibh agus a stuaim agus a
n-intinn a spreagadh. Is ar na hádhbharaibh seo
agus ar ádhbharaibh mar iad d'eirigh muinighin san
bheirt so as obair na Gaedhilge agus thángadar
do chuidiughadh linn. Tá fear aca ag foghluim na
Gaedhilge é féin agus is dóigh liom gur Gaedheal
dílis é anois. Is protastúnaighe an bheirt fhear
seo agus iad go láidir ar an tsaoghal iad féin
agus measaim go rachaidh a sompla chua tairbhe
do'n Gaedhilg agus d'obair na Gaedhilge i
mBéilfeirsde. Is iad na ruda chuir an cruin-
niughadh mar chuspóra roimhe iarraidh ar an
phoiblidheacht cabhair airgid thabhairt do'n
Chonnradh shan am fá láthair, agus iarraidh ar
Sheanaid Iolsgoile Bhéilfeirsde réim na
Gaedhilge d'árdughadh sa iolsgoil, agus iarraidh
ar Chomhairle Chathrach Bhéilfeirsde múinteachasa
Gaedhealach do chur ar cois i Sgoil na gCéard
agus na nDán. Tá mé déanamh go n-éireochaidh
linn i ngach cuspóir aca seo. Tá an bailiughadh
airgid ag gabhail ar aghaidh againn fá láthair
agus tá ag eirghe linn go measardha maith.
Déanfaidh an cruinnighuadh mór maitheas dúinn
tá mé cinnte. Fá dtaoibh den Iolsgoil,
ní mheasaim go mbéidh sé a bhfad go n-ardochar
an léigheachtaidhe atá ann cheana féin le bheith
'na ollamh agus ann sin béidh léigheachtaidhe ag
teastáil fósda mar tá na mic léighinn atá
ag gabhail do'n Ghaedhilg ag méadughadh
ó lá go lá. Is mó iad fá dhó anois féin ná na
sgoláirí atá ag gabhail d'ealadhan tráchtála
agus árd-ollamh aca siúd cheana féin.



Agus fá dtaoibh de Sgoil na gCéard, béidh
an Ghaedhilg dhá teagasg innti gan mhoill, tá
súil agam. Heitigheadh ar n-éilimh ar seo cúpla
bliadhain ó shoin agus chuir an Chomhairle Chathrach
ina gcoinnibh go nimhneach éadmhar acht ní mhairfidh
an t-éad nó an droch-aigne sin. Tiocfaidh
náire ortha ar ball an Ghaedhilg do choinnealt
faoi chois agus í i n-áird-réim san Iolsgoil.
Ba hiad lucht an aineolais do chuir i n-aghaidh
na Gaedhilge agus tá an t-aineolas dhá sgapadh
agus ag glanadh leis, buidheachas do Dhia.



Eireochaidh linn i ngach rud ar chuireamar
romhainn ag an chruinniughadh mór, acht
d'eireochadh linn níos túisge b'éidir dá dtigeadh
na Gaedhil go dtí an cruinniughadh agus suim
do chur san obair. B'éidir nach dtuigidh go léir
an méid seo: dá dtuigfeadh ní dóigh liom go
leigfeadh siad do'n leisge agus do'n neamh-
shuim sárughadh ortha. Ná bíodh siad 'na gcodladh
an darna huair acht déanadaois faire agus
freastail san chúis dá bhfuil siad ceangailte.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services