Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feiseanna agus an Ghaedhilg
Title
Feiseanna agus an Ghaedhilg
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Feiseanna agus an Ghaedhilg. Taitneann go maith liom, a Fhir an Chlaidhimh, do smaoineadh ar an cheist seo. Ó thoisigheamar ar obair na Gaedhilge ins na craobhachaibh tá ag gabhail ó n-ár saothar de bhrigh nach bhfuil ceangal ar an obair acht gach dream againn ag saothrughadh ar a láimh féin agus i ngainfhios do'n tsaoghal, mar a déirfeá. Bíonn feis againn anois agus arís ina dtig linn na mic léighinn do chur a dréim le chéile agus tugtar duaiseanna do na daoinibh is fearr acht ní cluintear focal ortha súd arís go bráthach b'éidir, agus is lughaide cluintear focal ar bith ar na sgoláiribh nár rug buaidh bíodh go raibh an Ghaedhilg go maith aca. Go dtí go gcuirtear athrughadh iomlán ar an oideachas atá dhá thabhairt do pháistibh na tíre teastóchaidh oideachas Gaedhealach ar leith uatha agus teastóchaidh eolas uainn ar an oideachas Gaedhealach atá siad a fhághail. Teastóchaidh an t-eolas seo ó n-a lán daoine, diombainte do lucht Chonnartha na Gaedhilge. Cuir i gcás na comhairlithe puiblidhe. Is minic thugann siad seo gealladh uatha oifig ná post a thabhairt do dhuine thar dhaoinibh eile acht an Ghaedhilg do bheith aige. Nuair a thigeann an cheist ós a gcomhair agus an oifig le tabhairt uatha goidé an cruthughadh tá aca go bhfuil Gaedhilg ag aon duine de na hiarratóiribh. Corr uair ní siad sgrúdughadh ar na hiarratóiribh atá i láthair acht ní go minic a bhíonn duine ar an chomhairle i ndán sgrúdughadh ceart a dhéanamh agus dá mbeadh féin ní comhgárach nó fóirstineach an áit nó an tráth sgrúdughadh do dhéanamh lá na togha. Ní hé lá na gaoithe lá na sgolb. Dá mbeadh dearbhadh ag iarra- tóir roimhe ré faoi láimh Chonnartha na Gaeidhilge gur sgoláire Gaedhealach é nach mór a rachadh sé i sochar do na comhairithibh agus i dtairbhe do'n Ghaedhilg? Agus ní hiad na comhairlithe amháin atá ins an chás seo acht lucht bannca, lucht na mbóthar iarainn agus ó shin siar. Tá cuid mhaith trácht anois ar sheirbhísighe puiblidhe Gaedhealacha do cheapadh le haghaidh gach oifig agus post atá i seilbh na poiblidheachta i nÉirinn; agus má níthear amhlaidh nach mór é dá mbeadh clár sgoláireachta Gaedhealaighe leagtha amach agus i bhfeidhm roimhe ré ag Connradh na Gaedhilge. Ins na coláistibh Gaedhealacha is féidir le hoidibh sgoile céim sgoláireachta d'fhághail fá choinne na gcéirde féin, acht níl aon ghléas le céim sgoláireachta do thabhairt do sgoláire Ghaedhealach fhoghluimneas an Ghaedhilg agus an sgoláireacht a bhaineas léithe ins na craobhachaibh nó sa bhaile. Ar an adhbhar sin chan fhuil iachaill ar an sgoláire leanmhaint do'n sgoláireacht acht mar a bhfuil dúil mhór aige féin innti. Ní bheadh sé ró-dheacair, tá mé déanamh, an gléas atá ann do cheann do chur i bhfeidhm. Tugtar duaiseanna cheana féin ó'n Choisde Gnotha do na feiseannaibh. D'fhéadfaidhe iad seo do láidriughadh beagán ar choingiall go gcuideochadh coisde na feise le sgúdughadh an Choisde Gnotha. Ní thigim leat ar fad fá dtaoibh de árd-ollamh na gceisteanna do cheapadh agus a gcuir go dtí na feiseanna. Chan eadh tré sgríbhinn ar fad budh cheart an sgrúdughadh do dhéanamh. Seo ceann de na lochtaibh atá ar Oideachas Mheadhonach nach mbíonn ann acht ceisteanna sgríobhtha agus go gcaithfear freagraí sgríobhtha thabhairt ortha. Theastochadh uainn fromhadh cainnte na sgoláirí chomh maith le n-a gcuid sgríbhinn, agus déar- fainn gur bhfearr béalsgrúdughadh ar stair fosda. Sé an rud a mholfainn-se úghdardhas thabhairt do dhaoinibh áithrighthe, tá go leor aca ann anois, mar lucht sgrúduighthe fain'n choisde, agus fhágail ar choisde na feise ceann nó beirt aca seo do bheith i láthair ag gach fheis agus na sgóláirí atá ag éilimh céim ó'n Chonnradh do chur faoi sgrúdughadh. Na hadhbhair sgoláireachta do luaidhis is dóigh liom go bhfóirfeadh siad ar feadh tamaill ar sgor ar bith .i. (1) An Ghaedhilg edar cainnt agus sgríbhinn;(2) stair na hÉireann; (3) ruda áithrighthe bhaineas le hÉireann, cuir i gcás an mianach agus an saidhbhreas nádúrtha atá i dtalamh na hÉireann, na déantúsa agus adhbhar na ndéantús, ceist na ngearrtha agus na gcánach atá ar an tír, agus beagán eolais ar thráchtáil na tíre. Budh cheart go mbeadh eolas measardha maith ar na rudaibh seo ag mac-léighinn sul a dtiubhfaidhe dearbhadh na céime is áirde dó, agus ann sin b'fhiú a shaothar é fhághail. Thuigfeadh cách gur sgoláire aibidh Ghaedhilge an té a rabh an dearbhadh úd aige. Go dtí go ndéantar gléas éigin mar é seo do cheapadh agus do chur i bhfeidhm caillfear mórán de'n fhoghluim atáthar d'fhághail i gConnradh na Gaedhilge agus is féidir do na Bórdaibh Gallda atá againn gach uile leasughadh ar oideachas do chur ar athlá. Dá luath is téid sinn féin ag obair caithfidh siadsan ar leanmhaint. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services