Feiseanna agus an Ghaedhilg.
Taitneann go maith liom, a Fhir an Chlaidhimh,
do smaoineadh ar an cheist seo. Ó thoisigheamar
ar obair na Gaedhilge ins na craobhachaibh tá ag
gabhail ó n-ár saothar de bhrigh nach bhfuil ceangal
ar an obair acht gach dream againn ag saothrughadh
ar a láimh féin agus i ngainfhios do'n tsaoghal,
mar a déirfeá. Bíonn feis againn anois agus
arís ina dtig linn na mic léighinn do chur a
dréim le chéile agus tugtar duaiseanna do na
daoinibh is fearr acht ní cluintear focal ortha
súd arís go bráthach b'éidir, agus is lughaide
cluintear focal ar bith ar na sgoláiribh nár
rug buaidh bíodh go raibh an Ghaedhilg go maith
aca. Go dtí go gcuirtear athrughadh iomlán ar
an oideachas atá dhá thabhairt do pháistibh na
tíre teastóchaidh oideachas Gaedhealach ar leith
uatha agus teastóchaidh eolas uainn ar an
oideachas Gaedhealach atá siad a fhághail.
Teastóchaidh an t-eolas seo ó n-a lán daoine,
diombainte do lucht Chonnartha na Gaedhilge.
Cuir i gcás na comhairlithe puiblidhe. Is minic
thugann siad seo gealladh uatha oifig ná post
a thabhairt do dhuine thar dhaoinibh eile acht an
Ghaedhilg do bheith aige. Nuair a thigeann an cheist
ós a gcomhair agus an oifig le tabhairt uatha
goidé an cruthughadh tá aca go bhfuil Gaedhilg
ag aon duine de na hiarratóiribh. Corr uair
ní siad sgrúdughadh ar na hiarratóiribh atá
i láthair acht ní go minic a bhíonn duine ar
an chomhairle i ndán sgrúdughadh ceart a
dhéanamh agus dá mbeadh féin ní comhgárach
nó fóirstineach an áit nó an tráth sgrúdughadh
do dhéanamh lá na togha. Ní hé lá na gaoithe
lá na sgolb. Dá mbeadh dearbhadh ag iarra-
tóir roimhe ré faoi láimh Chonnartha na Gaeidhilge
gur sgoláire Gaedhealach é nach mór a rachadh
sé i sochar do na comhairithibh agus i dtairbhe
do'n Ghaedhilg? Agus ní hiad na comhairlithe
amháin atá ins an chás seo acht lucht bannca, lucht
na mbóthar iarainn agus ó shin siar. Tá
cuid mhaith trácht anois ar sheirbhísighe puiblidhe
Gaedhealacha do cheapadh le haghaidh gach oifig
agus post atá i seilbh na poiblidheachta i
nÉirinn; agus má níthear amhlaidh nach mór
é dá mbeadh clár sgoláireachta Gaedhealaighe
leagtha amach agus i bhfeidhm roimhe ré ag
Connradh na Gaedhilge. Ins na coláistibh
Gaedhealacha is féidir le hoidibh sgoile céim
sgoláireachta d'fhághail fá choinne na gcéirde
féin, acht níl aon ghléas le céim sgoláireachta
do thabhairt do sgoláire Ghaedhealach fhoghluimneas
an Ghaedhilg agus an sgoláireacht a bhaineas
léithe ins na craobhachaibh nó sa bhaile. Ar an
adhbhar sin chan fhuil iachaill ar an sgoláire
leanmhaint do'n sgoláireacht acht mar a bhfuil
dúil mhór aige féin innti.
Ní bheadh sé ró-dheacair, tá mé déanamh, an
gléas atá ann do cheann do chur i bhfeidhm.
Tugtar duaiseanna cheana féin ó'n Choisde
Gnotha do na feiseannaibh. D'fhéadfaidhe iad
seo do láidriughadh beagán ar choingiall go
gcuideochadh coisde na feise le sgúdughadh
an Choisde Gnotha. Ní thigim leat ar fad fá
dtaoibh de árd-ollamh na gceisteanna do
cheapadh agus a gcuir go dtí na feiseanna.
Chan eadh tré sgríbhinn ar fad budh cheart an
sgrúdughadh do dhéanamh. Seo ceann de na
lochtaibh atá ar Oideachas Mheadhonach nach
mbíonn ann acht ceisteanna sgríobhtha agus
go gcaithfear freagraí sgríobhtha thabhairt ortha.
Theastochadh uainn fromhadh cainnte na sgoláirí
chomh maith le n-a gcuid sgríbhinn, agus déar-
fainn gur bhfearr béalsgrúdughadh ar stair
fosda. Sé an rud a mholfainn-se úghdardhas
thabhairt do dhaoinibh áithrighthe, tá go leor aca
ann anois, mar lucht sgrúduighthe fain'n choisde,
agus fhágail ar choisde na feise ceann nó beirt
aca seo do bheith i láthair ag gach fheis agus na
sgóláirí atá ag éilimh céim ó'n Chonnradh do chur
faoi sgrúdughadh.
Na hadhbhair sgoláireachta do luaidhis is dóigh
liom go bhfóirfeadh siad ar feadh tamaill ar
sgor ar bith .i. (1) An Ghaedhilg edar cainnt
agus sgríbhinn;(2) stair na hÉireann; (3) ruda
áithrighthe bhaineas le hÉireann, cuir i gcás
an mianach agus an saidhbhreas nádúrtha atá
i dtalamh na hÉireann, na déantúsa agus adhbhar
na ndéantús, ceist na ngearrtha agus na
gcánach atá ar an tír, agus beagán eolais ar
thráchtáil na tíre. Budh cheart go mbeadh eolas
measardha maith ar na rudaibh seo ag mac-léighinn
sul a dtiubhfaidhe dearbhadh na céime is áirde
dó, agus ann sin b'fhiú a shaothar é fhághail.
Thuigfeadh cách gur sgoláire aibidh Ghaedhilge
an té a rabh an dearbhadh úd aige.
Go dtí go ndéantar gléas éigin mar é seo
do cheapadh agus do chur i bhfeidhm caillfear
mórán de'n fhoghluim atáthar d'fhághail i gConnradh
na Gaedhilge agus is féidir do na Bórdaibh
Gallda atá againn gach uile leasughadh ar
oideachas do chur ar athlá. Dá luath is téid sinn
féin ag obair caithfidh siadsan ar leanmhaint.
Cú Uladh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11