Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis Bhaile Átha Cliath
Title
Feis Bhaile Átha Cliath
Author(s)
Ó Maoláin, Mícheál,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Feis Bhaile Átha Cliath Ó tharla críoch le obair Fheise Bhaile Átha Cliath anois nach mór, b'fhéidir nár mhisde focal a sgríobhadh fúithe i dtreo is go mbéadh a fhios cé mar d'éirigh léithe agus céard is mó a bhí in easnamh uirthi i mbliadhana. Go dtí seo bhíodh Feis Bhaile Átha Cliath sáithte i bhfolach, mar a déarfá, i seomra éigin i gcúl-sráid 'sa chathair, gan a fhios ag aoinne céard a bhíodh ar siubhal, má bhí a fhios aca an mbíodh feis ann chor ar bith, acht amháin, b'fhéidir ag na hiomaidhtheoiribh agus ní bhíodh leath a ndóthain trácht ar obair na Feise ins na páipéaraibh. Cuireadh athrughadh ar an sgéal sin i mbliadhna. Tugadh an Fheis as comhair an phobail. Bhí trácht uirthi ins na páipéaraibh agus is mó an tsuim a chuir an choitcheanntacht i n-obair na Feise ná mar chuireadar go dtí seo. Acht ar an taoibh eile níor chabhruigh na Craobhacha chomh fonnmhar le Coiste na Feise agus do ghnithí bliadhanta eile. Ní raibh an oiread Craobh astigh ar na comórtasaibh agus ba cheart i n-aon chor. Muna gcabhróchaidh na Craobhacha leis an bhFeis, is fánach an obair do Choiste ar bith bheith ag iarraidh “éirghe amach” chomh mór le feis a chur chun cinn. Ní féidir é a dhéanamh. Muna mbéidh feis mhaith ann ceapfaidh na daoine taobh amuigh de'n Chonnradh nach bhfuil cúis na Gaedhilge ag dul ar aghaidh 'sa gcathair agus béidh a rian orainn; ní chuirfear an oiread suime i n-obair an Chonnartha agus ba mhaith le Gaedhealaibh go gcuirfidhe innti. I dtaobh comórtas na gCraobh i mbliadhna, b'é tuairim na moltóirí gur fearr a bhí an Ghaedhilg dhá múineadh ins na Craobhachaibh ná mar bhí aon bhliadhain eile. Is rí bheag an t-eolas a bhí agá na lán de na himidhtheoiribh i dtaoibh seanchais na hÉireann. Is mór an truagh nach gcuirtear an tsuim ba chóir a chur sa gceist seo. Sé mo thuairim-se, agus b'é mo thuairim le fada é nach fuláir eolas a thabhairt d'ógánaibh na gCraobh agus do dhaoinibh fásta chomh maith le ógánaighibh faoi Éirinn, le go gcuirfidís suim i n-obair na Gaedhilge. Déarfaidh duine go bhfuil sé ag foghlaim na Gaedhilge óir is í teanga na hÉireann í acht má chuirtear de cheist air: Agus cad chuige go mbéadh meas agad ar Éirinn seachas aon tír eile? Tá sórt tuairim aige gurab í Éire a thír féin agus go raibh laocha tréana na gcomhnuidhe innti bliadhanta ó shoin acht sin a bhfuil. Caithfidh mé a rádh annso nach raibh an sgéal mar sin i gcomórtasaibh na staire féin. Bhí na hiomaidhtheoirí a bhí istigh ar an roinnt sin de'n Fheis thar bárr. I roinn na Sgol: Cé go raibh níos mó Sgoileanna Náisiúnta istigh ar an bhFeis i mbliadhna ná mar bhí anuraidh, ní fhágann sin go bhfuil an sgéal go maith ná go leath-mhaith. Tá an sgéal céanna le haithris i dtaoibh na Sgoileanna Meadhonacha. Ní furasda a thuigsint cé an fáth nach gcuirfidhe níos mó spéise 'sa roinn seo de'n Fheis acht is dócha go mbíonn fáth le gach nidh. Is ceart a luadh annso i dtaoibh na sgol a bhí istigh ar na comórtasaibh, go bhfuilid ag déanamh a ndichill féin ar son na Gaedhilge agus má leanaid ortha mar táid faoi láthair go mbéidh fós 'nár measg dream Gaedheal a sheasfas go dílis ar taoibh na hÉireann. Is mairg a luighead a bhfuil ann díobh. Ní gábhadh is dócha tada a rádh faoi aithris, amhránuidheacht ná rinnce. Béidh aithriseoir againn, béidh amhránuidhe againn, ar gach nós agus béidh rinnceoirí againn nár measg fad is buan dúinn. Is maith ann iad. Cuireadh a lán spéise sa gcomórtas sin “An Ghaedhil- geoir is fearr ar an bhFeis” agus ba cruaidh an obair a bhí ar na moltóirí agus innsint cé aca de na hiomaidhtheoirí an té a b'fhearr. 'Sé an rud a chuir mé romhaim agus mé ag tosughadh ar an aiste seo a sgríobhadh ná obair na Feise seo a chur i gcomparáid le obair feis na mbliadhan atá cáithte agus ní gábhadh aon chaint mórán a dhéanamh faoi chomórtasaibh. B'é rún Coiste na Feise i mbliadhna ná an Fheis agus, i dteannta na Feise, an Ghaedhilg agus nua- spiorad na hÉireann a thabhairt go soiléir os comhair na ndaoine. Thugadar iarracht seo a dhéanamh. D'éirigh leo go maith acht d'fhéadfadh éirghthe leo seacht míle uair níos fearr. Gan amhras is mó an méid daoine a bhí ag an Díon cúpla Domhnach ó shoin ag breathnughadh air, agus ag éisteacht leis na comórtasaibh ná mar a bhí ag aon aeridheacht le fada an lá. Acht amháin ag an Súgradh Gaedheal (Gaelic Carnival) ní raibh an oiread daoine cruinnighthe le chéile ag aon éirghe amach eile faoi choimirc an Chonnartha i mBl'Áth Cliath le bliadhantaibh agus bhí ann acht is brónach liom a rádh go raibh a lán daoine a cheapfadh duine a bheadh ann, nach raibh. Ní ion-tuigte an sgéal é. Ní iontuigthe sin. B'fhéidir gur ag éirghe tuirseach atá cuid de na daoinibh agus b'fhéidir nach headh. Tá rud eile ag cur go mór ar an bhFeis agus sé sin ceal moltóirí. Ní ag fághail lochta ar na moltóirí a bhí ann i mbliadhna atá mé. Rinneadar- san a n-obair go dúthrachtach. Tuilleann siad buidheachas Coiste na Feise agus buidheachas gach duine a raibh baint ar bith aige leis an bhFeis acht tugadh an iomarca le déanamh dá lán. Níor chóir go mbéadh aon trioblóid anois moltóirí oireamhnacha i gclóir gach comórtais 'fhághail i mBl'Áth Cliath; acht ní hamhlaidh atá. Ceist na moltóirí an cheist is imnidhthe de Choiste na Feise. Agus ó's ag trácht ar mholtóirí é ba cheart ainmneacha Risteárd Uí Fhoghludha, Thórna, An Dr. Uí Shíothcháin; H. Uí Mhongáin, Dhomhnaill Uí Chonchubhair, Dhomhnaill Uí Mhurchadha, Threasa Ní Murthuile agu Mháire Ní Choitir a luadh annso. Cuireadh a gcion féin d'obair ortha sin agus níor theip ortha gach nidh d'ár iarr an Coiste ortha a dhéanamh. Is mór a chuaidh i gcoinne na Feise i mbliadhna nach raibh a ndóthain aimsire ag an gCoiste an Fheis a oibriughadh mar ba cheart. Níor mhór tosughadh ar obair Fheise Bhaile Átha Cliath leath-bhliadhain roimh ré ar an laighead i dtreo is go mbéadh fógra fáighte ag na Sgolannaibh agus ag na Craobhachaibh. Ní raibh ráithe i mbliadhna ag an gCoiste le fógra a thabhairt agus gach nidh a ollmhughadh. Deirim ar a son go ndeárnadar chomh maith agus d'fhéadfhaidhe a dhéanamh nuair a smaointigh- tear ar a laighead conganta agus fuaireadar. Tugadh ainm d'Fheis Bhaile Átha Cliath i mbliadhna i naimdheoin na neithe a bhí na haghaidh. Má oibrigheann Craobhacha Bhaile Átha Cliath i rith na bliadhna ag teacht i gcóir Feise na bliadhna(1912), má chuirtear Coiste i mbun na Feise a mbéidh fonn oibre ortha mar bhí ar Choiste na bliadhna so agus má fhághann an Coiste sin an chongnamh ba cheart a thabhairt, béidh feis i mBaile Átha Cliath ar bhfiú chuimhneadh uirthi, acht muna ndeintear sin is rio-fhánach an maitheas a bheith ag iarraidhe feis a chur chun cinn 'sa chathair seo. Mícheál Ó Maoláin, Rúnaidhe Feis Bh'láth Cliath, 1911
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services