Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feis Bhaile Átha Cliath

Title
Feis Bhaile Átha Cliath
Author(s)
Ó Maoláin, Mícheál,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Feis Bhaile Átha Cliath



Ó tharla críoch le obair Fheise Bhaile Átha Cliath
anois nach mór, b'fhéidir nár mhisde focal a
sgríobhadh fúithe i dtreo is go mbéadh a fhios cé
mar d'éirigh léithe agus céard is mó a bhí in
easnamh uirthi i mbliadhana.



Go dtí seo bhíodh Feis Bhaile Átha Cliath sáithte
i bhfolach, mar a déarfá, i seomra éigin i
gcúl-sráid 'sa chathair, gan a fhios ag aoinne
céard a bhíodh ar siubhal, má bhí a fhios aca an
mbíodh feis ann chor ar bith, acht amháin, b'fhéidir
ag na hiomaidhtheoiribh agus ní bhíodh leath a
ndóthain trácht ar obair na Feise ins na
páipéaraibh.



Cuireadh athrughadh ar an sgéal sin i mbliadhna.
Tugadh an Fheis as comhair an phobail. Bhí trácht
uirthi ins na páipéaraibh agus is mó an tsuim
a chuir an choitcheanntacht i n-obair na Feise ná
mar chuireadar go dtí seo.



Acht ar an taoibh eile níor chabhruigh na
Craobhacha chomh fonnmhar le Coiste na Feise agus
do ghnithí bliadhanta eile. Ní raibh an oiread
Craobh astigh ar na comórtasaibh agus ba cheart
i n-aon chor.



Muna gcabhróchaidh na Craobhacha leis an
bhFeis, is fánach an obair do Choiste ar bith bheith
ag iarraidh “éirghe amach” chomh mór le feis a
chur chun cinn. Ní féidir é a dhéanamh. Muna
mbéidh feis mhaith ann ceapfaidh na daoine taobh
amuigh de'n Chonnradh nach bhfuil cúis na Gaedhilge
ag dul ar aghaidh 'sa gcathair agus béidh a rian
orainn; ní chuirfear an oiread suime i n-obair an
Chonnartha agus ba mhaith le Gaedhealaibh go
gcuirfidhe innti.



I dtaobh comórtas na gCraobh i mbliadhna, b'é
tuairim na moltóirí gur fearr a bhí an Ghaedhilg
dhá múineadh ins na Craobhachaibh ná mar bhí aon
bhliadhain eile. Is rí bheag an t-eolas a bhí agá
na lán de na himidhtheoiribh i dtaoibh seanchais
na hÉireann. Is mór an truagh nach gcuirtear
an tsuim ba chóir a chur sa gceist seo.



Sé mo thuairim-se, agus b'é mo thuairim le
fada é nach fuláir eolas a thabhairt d'ógánaibh
na gCraobh agus do dhaoinibh fásta chomh maith
le ógánaighibh faoi Éirinn, le go gcuirfidís
suim i n-obair na Gaedhilge.



Déarfaidh duine go bhfuil sé ag foghlaim
na Gaedhilge óir is í teanga na
hÉireann í acht má chuirtear de cheist air:
Agus cad chuige go mbéadh meas agad ar
Éirinn seachas aon tír eile? Tá sórt tuairim
aige gurab í Éire a thír féin agus go raibh laocha
tréana na gcomhnuidhe innti bliadhanta ó shoin
acht sin a bhfuil. Caithfidh mé a rádh annso
nach raibh an sgéal mar sin i gcomórtasaibh na
staire féin. Bhí na hiomaidhtheoirí a bhí istigh
ar an roinnt sin de'n Fheis thar bárr.



I roinn na Sgol: Cé go raibh níos mó
Sgoileanna Náisiúnta istigh ar an bhFeis i
mbliadhna ná mar bhí anuraidh, ní fhágann sin
go bhfuil an sgéal go maith ná go leath-mhaith.
Tá an sgéal céanna le haithris i dtaoibh na
Sgoileanna Meadhonacha. Ní furasda a thuigsint
cé an fáth nach gcuirfidhe níos mó spéise 'sa
roinn seo de'n Fheis acht is dócha go mbíonn fáth
le gach nidh.



Is ceart a luadh annso i dtaoibh na sgol a
bhí istigh ar na comórtasaibh, go bhfuilid ag
déanamh a ndichill féin ar son na Gaedhilge
agus má leanaid ortha mar táid faoi láthair
go mbéidh fós 'nár measg dream Gaedheal a
sheasfas go dílis ar taoibh na hÉireann. Is
mairg a luighead a bhfuil ann díobh.



Ní gábhadh is dócha tada a rádh faoi aithris,
amhránuidheacht ná rinnce. Béidh aithriseoir
againn, béidh amhránuidhe againn, ar gach nós
agus béidh rinnceoirí againn nár measg fad
is buan dúinn. Is maith ann iad. Cuireadh
a lán spéise sa gcomórtas sin “An Ghaedhil-
geoir is fearr ar an bhFeis” agus ba cruaidh
an obair a bhí ar na moltóirí agus innsint cé
aca de na hiomaidhtheoirí an té a b'fhearr.



'Sé an rud a chuir mé romhaim agus mé ag tosughadh
ar an aiste seo a sgríobhadh ná obair na Feise
seo a chur i gcomparáid le obair feis na
mbliadhan atá cáithte agus ní gábhadh aon chaint
mórán a dhéanamh faoi chomórtasaibh. B'é rún
Coiste na Feise i mbliadhna ná an Fheis agus,
i dteannta na Feise, an Ghaedhilg agus nua-
spiorad na hÉireann a thabhairt go soiléir
os comhair na ndaoine.



Thugadar iarracht seo a dhéanamh. D'éirigh leo
go maith acht d'fhéadfadh éirghthe leo seacht míle
uair níos fearr. Gan amhras is mó an méid
daoine a bhí ag an Díon cúpla Domhnach ó shoin
ag breathnughadh air, agus ag éisteacht leis na
comórtasaibh ná mar a bhí ag aon aeridheacht
le fada an lá.



Acht amháin ag an Súgradh Gaedheal (Gaelic
Carnival) ní raibh an oiread daoine cruinnighthe
le chéile ag aon éirghe amach eile faoi choimirc
an Chonnartha i mBl'Áth Cliath le bliadhantaibh agus
bhí ann acht is brónach liom a rádh go raibh a lán
daoine a cheapfadh duine a bheadh ann, nach raibh.
Ní ion-tuigte an sgéal é. Ní iontuigthe sin.
B'fhéidir gur ag éirghe tuirseach atá cuid de na
daoinibh agus b'fhéidir nach headh.



Tá rud eile ag cur go mór ar an bhFeis agus
sé sin ceal moltóirí. Ní ag fághail lochta ar na
moltóirí a bhí ann i mbliadhna atá mé. Rinneadar-
san a n-obair go dúthrachtach. Tuilleann siad
buidheachas Coiste na Feise agus buidheachas
gach duine a raibh baint ar bith aige leis an bhFeis
acht tugadh an iomarca le déanamh dá lán. Níor
chóir go mbéadh aon trioblóid anois moltóirí
oireamhnacha i gclóir gach comórtais 'fhághail i
mBl'Áth Cliath; acht ní hamhlaidh atá. Ceist na
moltóirí an cheist is imnidhthe de Choiste
na Feise.



Agus ó's ag trácht ar mholtóirí é ba cheart
ainmneacha Risteárd Uí Fhoghludha, Thórna, An
Dr. Uí Shíothcháin; H. Uí Mhongáin, Dhomhnaill
Uí Chonchubhair, Dhomhnaill Uí Mhurchadha, Threasa
Ní Murthuile agu Mháire Ní Choitir a luadh annso.
Cuireadh a gcion féin d'obair ortha sin agus
níor theip ortha gach nidh d'ár iarr an Coiste
ortha a dhéanamh.



Is mór a chuaidh i gcoinne na Feise i
mbliadhna nach raibh a ndóthain aimsire ag an
gCoiste an Fheis a oibriughadh mar ba cheart.



Níor mhór tosughadh ar obair Fheise Bhaile Átha
Cliath leath-bhliadhain roimh ré ar an laighead i
dtreo is go mbéadh fógra fáighte ag na
Sgolannaibh agus ag na Craobhachaibh. Ní raibh
ráithe i mbliadhna ag an gCoiste le fógra a
thabhairt agus gach nidh a ollmhughadh.



Deirim ar a son go ndeárnadar chomh maith
agus d'fhéadfhaidhe a dhéanamh nuair a smaointigh-
tear ar a laighead conganta agus fuaireadar.
Tugadh ainm d'Fheis Bhaile Átha Cliath i mbliadhna
i naimdheoin na neithe a bhí na haghaidh. Má
oibrigheann Craobhacha Bhaile Átha Cliath i rith na
bliadhna ag teacht i gcóir Feise na bliadhna(1912),
má chuirtear Coiste i mbun na Feise a mbéidh
fonn oibre ortha mar bhí ar Choiste na bliadhna
so agus má fhághann an Coiste sin an chongnamh
ba cheart a thabhairt, béidh feis i mBaile Átha
Cliath ar bhfiú chuimhneadh uirthi, acht muna
ndeintear sin is rio-fhánach an maitheas a bheith
ag iarraidhe feis a chur chun cinn 'sa chathair
seo.



Mícheál Ó Maoláin,
Rúnaidhe Feis Bh'láth Cliath, 1911

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services