Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ó Thír Chonaill
Title
Ó Thír Chonaill
Author(s)
Mac Meanman, Seaghán,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ó Thír Chonaill. Anois nach bhfuil sé corr go leor 'san am seo de lá go bhfuil páisdidhe atá ar bheagán Béarla agus atá 'na gcomhnuidhe i lár na Gaedhealtachta ag foghlaim a dTeagasg Chríostaidhe i mBéarla? Tá sé corr ach tá sé fíor agus tá an áit ar a bhfuil mé ag trácht 'san gConndae seo. Níl rún ar bith agam an áit seo d'ainmnighadh nó na múineoiridhe atá ag teagasg na bpáistidhe úd d'ainmnighadh de bhrigh go bhfuil a fhios agam go dtarraingeochadh sé súile na ndaoine ortha, agus go mb'fhéidir go dtógfadh sé díospóireacht. Sin a ndéarfaidh mé fá'n nidh seo — anois. Do líonadh beagán de na páipéaraibh Áirimh 'san áit seo i nGaedhilig, agus sí mo mhór- bharamhail gur líonadh níos mó 'san gceann shoir de pharóiste Inse Caoile i nGaedhilig 'ná líonadh isan gceann shiar. Ach beag nó mór shoir nó shiar ní fiú dadaí na daoine nuair nár líonadh na páipéir uile i n-iarthar na conndae i dtean- gaidh na tíre. Do shonnruigh mé féin 'san am nach díoghbháil sgríbhneoiridhe Gaedhilge do bhí ortha i mórán áiteach óir is beag áit san tír nach bhfuil duine éigin ann do dhéanfadh an obair dá n-iarrfaidhe air — acht do bhí eagla ortha go gcaillfeadh an “tseanbhean” nó an “sean- fhear” an “pension” dá gcuirfidhe mío-shásamh ar na saighdiúiridhibh dubha. Acht do bhí ní ba mhó 'ná sin ann. Do bhí eagla ar mhórán aca go mbéidheadh saothar agus duadh mór ag páisdidhibh na haimsire seo an “pension” d'fhagháil i gceann trí fichead bliadhain eile muna mbéidheadh na h-ainmneacha i mBéarla. Go bhfóiridh an Rí ar a gcéill. Is iomdha athrughadh a thiocfas ar an tsaoghal roimh trí fhichid bliadhain. B'fhéidir go mbéidheadh mórán de na righeachtaibh móra tuinseamhla ag deireadh a gcúrsa roimh sin, agus go mbéidheadh an mhór-chuid de bheusaibh agus dlighthibh tíortha eile caithte thart mar sean- bhróga romh leath an ama. Seaghán Mac Meanman
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services