Ó Thír Chonaill.
Anois nach bhfuil sé corr go leor 'san am seo
de lá go bhfuil páisdidhe atá ar bheagán Béarla
agus atá 'na gcomhnuidhe i lár na Gaedhealtachta
ag foghlaim a dTeagasg Chríostaidhe i
mBéarla? Tá sé corr ach tá sé fíor agus
tá an áit ar a bhfuil mé ag trácht 'san gConndae
seo. Níl rún ar bith agam an áit seo
d'ainmnighadh nó na múineoiridhe atá ag
teagasg na bpáistidhe úd d'ainmnighadh de
bhrigh go bhfuil a fhios agam go dtarraingeochadh
sé súile na ndaoine ortha, agus go mb'fhéidir
go dtógfadh sé díospóireacht. Sin a ndéarfaidh
mé fá'n nidh seo — anois.
Do líonadh beagán de na páipéaraibh Áirimh
'san áit seo i nGaedhilig, agus sí mo mhór-
bharamhail gur líonadh níos mó 'san gceann shoir
de pharóiste Inse Caoile i nGaedhilig 'ná líonadh
isan gceann shiar. Ach beag nó mór shoir
nó shiar ní fiú dadaí na daoine nuair nár líonadh
na páipéir uile i n-iarthar na conndae i dtean-
gaidh na tíre. Do shonnruigh mé féin 'san am
nach díoghbháil sgríbhneoiridhe Gaedhilge do bhí
ortha i mórán áiteach óir is beag áit san tír nach
bhfuil duine éigin ann do dhéanfadh an obair dá
n-iarrfaidhe air — acht do bhí eagla ortha go
gcaillfeadh an “tseanbhean” nó an “sean-
fhear” an “pension” dá gcuirfidhe mío-shásamh
ar na saighdiúiridhibh dubha. Acht do bhí ní ba
mhó 'ná sin ann. Do bhí eagla ar mhórán aca
go mbéidheadh saothar agus duadh mór ag
páisdidhibh na haimsire seo an “pension”
d'fhagháil i gceann trí fichead bliadhain eile
muna mbéidheadh na h-ainmneacha i mBéarla.
Go bhfóiridh an Rí ar a gcéill. Is iomdha athrughadh
a thiocfas ar an tsaoghal roimh trí fhichid bliadhain.
B'fhéidir go mbéidheadh mórán de na righeachtaibh
móra tuinseamhla ag deireadh a gcúrsa roimh
sin, agus go mbéidheadh an mhór-chuid de bheusaibh
agus dlighthibh tíortha eile caithte thart mar sean-
bhróga romh leath an ama.
Seaghán Mac Meanman