Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí Léighinn. I.
Title
Cúrsaí Léighinn. I.
Author(s)
Ó Donnchadha, Éamonn,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí Léighinn. I. Táim cortha cráidhte ó bheith ag éisteacht le daoinibh ag déanamh gearán ar a chéile agus ag fagháil locht ar gach nidh i gcúrsaibh saoghail na tíre seo. Tá an uile nidh i nÉirinn indiu bun os cionn le cóir agus le ceart, agus tá an aindeise ar an dtír dá dheascaibh. Aoinne ná haontuigheann leis an gcainnt sin romham, ní gábhadh dhó acht cúrsaí saoghal na hÉireann indiu do sgrúdadh agus tabharfar fírinne na cainnte chun baile chuige. Is eol dúinn go léir an tír seo do bheith ar mearathal do dheasgaibh galair éigin; agus, féach, is beag má leogainn an mearathal dúinn an galar do sgrúdadh d'fhonn a leighiste. Tá an saoghal mór i nÉirinn ag imtheacht go fíorsgeodhach a treo slighe a leasa. Duine glic do b'eadh Seán Buidhe i gcomhnuidhe riamh. Ag dul i ngliocas atá sé le teacht na haimsire. I n-aimhdeoin a dhichill níor bhféidir leis sinn a chur fé na chois le neart faobhair, an fhaid do dh'fhan an t-eolas agus an léigheann againn. Thug sé cúig céad bliadhain ag iarraidh sinn a chreachadh; acht do theip air. Do cheap sé annsain an Gaedheal do chur bun ós cionn le léigheann dúthchais, agus is do réir a fheabhas mar atá ag eirghe leis san obair atá comhacht ag dul dó annso i nÉirinn. Is comhachtaighe an cleite ná an claidheamh. An fhaid do dh'fhan an t-eolas againn ar cé'r díobh sinn, bhíomar beag bheann ar ghliocas Sheáin Bhuidhe. Acht an túisge thugamar cúl leis an bhfoghluim do thabharfadh eolas agus tuigsint dúinn orainn féin agus ar gach ar bhain linn, do sgaramar leis an t-aon úirlis amháin a bhí dár gcosaint ar an iasacht agus dár saoradh ó mhealladh an tsaoghail. Táimid i n-ainbhfios ar ár gcúrsaíbh féin anois. Ár dteanga féin, an teanga do cheap Dia na Glóire dhúinn, moladh go deo leis, táimid dall uirthi. Táimid i n-aineolas ar dhálaibh na tíre seo; ní fios dh'fhurmhór againn cé'r díobh sinn ná cad dob as dúinn. Na rudaí seo do thuit amach annso ó bhreacadh lae an tseanchais anuas, is suarach dá dtuairisg atá againn. Agus ó tharluigheann dúinn a bheith i dtaoibh leis an neamh-thuigsint ar na nidhthibh seo, ní féidir dúinn báidh le cóir a bheith againn leis an dtír atá ar áitreabh againn, ná leis an sliocht ó'r shíolradh sinn. Cad é an chrích a rug an tír seo le himeacht na haimsire ó'n am i gcéin anuas; cad iad na himeachtaí atá le léigheadh n-a taobh; cad é mar oireann sí do chúrsaibh tráchtála; cad iad na nidhthe agus na cama-dlighthe do thoirmisg ar fhás na tráchtála so; cad é an saidhbhreas mór go léir atá folaighthe i n-ithir na tíre seo, agus ná fuil fagháil ar a chasadh chun tairbhe na tíre de dheasgaibh a luighead eolais atá againn air; cad é mar atá cúrsaí tiúsgail na tíre ag dul chun deiridh de dheasgaibh na saobhfhoghluma atá le fagháil ar a n-oileamhain agus ar a bhfás. Sid iad na nidhthe is mó atá ar aineolas againn agus nach shin iad na nidhthe a gheobhadh an togha ionaid i n-aon réim léighinn dhúthchais do leagfaí amach dán n-aos foghlumtha. Tá aghaidh na tíre seo, fé mar ritheann sí lán breacaithe le comharthaibh, dá chur i n-umhail dúinn cad é an mhórdhacht agus an uaisleacht do bhain leis an gcineadh do mhair annso romhainn. Gach lios agus dún agus baile, gach cathair agus caiseal agus caisleán, gach cabhlach agus sean- fhotharach atá neadaithe imeas crann ar fuaid gleann agus machairí Éireann, tá sgéal le luadh i leith gach ionaid ársa dhíobh, acht, fórior, is beag dá gcúram atá ar an ndream do chuaidh i n-oighreacht ortha. Ní aithnidh dóibh a sgéal ná a seanchas. Acht cá beag breis cainnte ar sgéal atá chomh mór sain bun is cionn leis an gceart. Sinn-ne atá ag meabhrughadh an sgéil le bliadhan- taibh agus gur ró-fhada linn daille ann tsaobh- léighinn do bheith dár mbréagadh chun fáin, is mithid dúinn anois, an cath d'fhógairt ar an aicme atá dár gcur amudha. Is mithid dúinn breith ar adharcaibh an namhaid nimhneach. Is ceart dúinn léigheas an ghalair do chur i láthair ár gcinidh agus iarracht bháis is bheathadh a thabhairt chun an Ghaedheal do chur ag féachaint i ndiaidh an ghnótha féin. Gach olc agus aindeise do rug an tír seo ó d'imthigh an chomhacht de'n Ghaedheal do b'fhéidir é thoirmeasg agus do b'fhéidir teacht slán as dá mba nidh é cóir oireamhnach léighinn a bheith ar gach aos a bhí suas le n-a linn. Gach olc agus gach aindeise atá orainn indiu, ní bheidh dul ar ár gcosaint uaidh go dtí go gcuirfar an chóir léighinn seo orainn. Sidé an leigheas — an t-aon leigheas amháin — a dhéanfaidh ár slánughadh; suigheamh foghlumtha do cheapadh d'ár n-aos sgoile a thabharfaidh eolas dóibh ortha féin agus ar a dtalamh dhúthchais. Is mór age Sasana an táir agus an droichmheas atá tagaithe don Ghaedheal dá thír dhúthchais de dheasgaibh easba eolais a bheith aige uirthi. Do b'in é díreach a theastuigh uaidh: sinn a chosaint ar an eolas san. Tá leigheas an sgéil fúinn féin anois: soisgéal an léighinn do sgaipeadh agus do chraobhsgaoileadh a fuaid na Fodla; gan oidhche do chodladh le suaimhneas, ná lá do chur dínn fé shástacht go dtí go mbíonn aos óg na tíre dá n-oileamhaint agus dá dtabhairt suas ar sgáth an léighinn dúthchais. Chun an ghnótha so do chur ar siubhal tá dhá nidh riachtanach: ní fuláir gach cúrsa foghlumtha do leagadh amach le hoileamhaint agus le cóir; 'n-a theannta sain, caithfar aos oide do sholáthar a bheidh cumasach ar ár n-óige do thabhairt suas le cóir ar sgáth na foghlumtha sain. An túisge bhíonn an dá nidh seo soláirchthe againn agus ár n-óige ag blaiseadh le fonn a tobar an tsean-léighinn dhúthchais is beag dá mhearathal orm ná go mbeidh Seán Buidhe a crith go glúinibh agus ag cuineamh ar a ghreim a bhogadh dhínn ar eagla go mbeadh sé ró-dhéidheanach aige. Éamonn Ó Donnchadha
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services