Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí Léighinn. I.

Title
Cúrsaí Léighinn. I.
Author(s)
Ó Donnchadha, Éamonn,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí Léighinn.
I.



Táim cortha cráidhte ó bheith ag éisteacht le
daoinibh ag déanamh gearán ar a chéile agus ag
fagháil locht ar gach nidh i gcúrsaibh saoghail na
tíre seo. Tá an uile nidh i nÉirinn indiu bun os
cionn le cóir agus le ceart, agus tá an aindeise
ar an dtír dá dheascaibh.



Aoinne ná haontuigheann leis an gcainnt sin
romham, ní gábhadh dhó acht cúrsaí saoghal na
hÉireann indiu do sgrúdadh agus tabharfar
fírinne na cainnte chun baile chuige. Is eol
dúinn go léir an tír seo do bheith ar mearathal do
dheasgaibh galair éigin; agus, féach, is beag
má leogainn an mearathal dúinn an galar do
sgrúdadh d'fhonn a leighiste. Tá an saoghal
mór i nÉirinn ag imtheacht go fíorsgeodhach a
treo slighe a leasa.



Duine glic do b'eadh Seán Buidhe i gcomhnuidhe
riamh. Ag dul i ngliocas atá sé le teacht na
haimsire. I n-aimhdeoin a dhichill níor bhféidir
leis sinn a chur fé na chois le neart faobhair,
an fhaid do dh'fhan an t-eolas agus an léigheann
againn. Thug sé cúig céad bliadhain ag iarraidh
sinn a chreachadh; acht do theip air. Do cheap
sé annsain an Gaedheal do chur bun ós cionn
le léigheann dúthchais, agus is do réir a fheabhas
mar atá ag eirghe leis san obair atá comhacht
ag dul dó annso i nÉirinn.



Is comhachtaighe an cleite ná an claidheamh.
An fhaid do dh'fhan an t-eolas againn ar cé'r
díobh sinn, bhíomar beag bheann ar ghliocas Sheáin
Bhuidhe. Acht an túisge thugamar cúl leis an
bhfoghluim do thabharfadh eolas agus tuigsint
dúinn orainn féin agus ar gach ar bhain linn,
do sgaramar leis an t-aon úirlis amháin a bhí
dár gcosaint ar an iasacht agus dár saoradh
ó mhealladh an tsaoghail.



Táimid i n-ainbhfios ar ár gcúrsaíbh féin anois.
Ár dteanga féin, an teanga do cheap Dia na
Glóire dhúinn, moladh go deo leis, táimid dall
uirthi. Táimid i n-aineolas ar dhálaibh na tíre
seo; ní fios dh'fhurmhór againn cé'r díobh sinn
ná cad dob as dúinn. Na rudaí seo do thuit amach
annso ó bhreacadh lae an tseanchais anuas, is
suarach dá dtuairisg atá againn. Agus ó
tharluigheann dúinn a bheith i dtaoibh leis an
neamh-thuigsint ar na nidhthibh seo, ní féidir dúinn
báidh le cóir a bheith againn leis an dtír atá ar
áitreabh againn, ná leis an sliocht ó'r shíolradh
sinn.



Cad é an chrích a rug an tír seo le himeacht
na haimsire ó'n am i gcéin anuas; cad iad na
himeachtaí atá le léigheadh n-a taobh; cad é mar
oireann sí do chúrsaibh tráchtála; cad iad na
nidhthe agus na cama-dlighthe do thoirmisg ar
fhás na tráchtála so; cad é an saidhbhreas mór
go léir atá folaighthe i n-ithir na tíre seo, agus
ná fuil fagháil ar a chasadh chun tairbhe na tíre
de dheasgaibh a luighead eolais atá againn air;
cad é mar atá cúrsaí tiúsgail na tíre ag dul
chun deiridh de dheasgaibh na saobhfhoghluma atá
le fagháil ar a n-oileamhain agus ar a bhfás.
Sid iad na nidhthe is mó atá ar aineolas againn
agus nach shin iad na nidhthe a gheobhadh an togha
ionaid i n-aon réim léighinn dhúthchais do leagfaí
amach dán n-aos foghlumtha.



Tá aghaidh na tíre seo, fé mar ritheann sí
lán breacaithe le comharthaibh, dá chur i n-umhail
dúinn cad é an mhórdhacht agus an uaisleacht do
bhain leis an gcineadh do mhair annso romhainn.
Gach lios agus dún agus baile, gach cathair agus
caiseal agus caisleán, gach cabhlach agus sean-
fhotharach atá neadaithe imeas crann ar fuaid
gleann agus machairí Éireann, tá sgéal le luadh
i leith gach ionaid ársa dhíobh, acht, fórior, is beag
dá gcúram atá ar an ndream do chuaidh i
n-oighreacht ortha. Ní aithnidh dóibh a sgéal ná a
seanchas.



Acht cá beag breis cainnte ar sgéal atá
chomh mór sain bun is cionn leis an gceart.
Sinn-ne atá ag meabhrughadh an sgéil le bliadhan-
taibh agus gur ró-fhada linn daille ann tsaobh-
léighinn do bheith dár mbréagadh chun fáin, is
mithid dúinn anois, an cath d'fhógairt ar
an aicme atá dár gcur amudha. Is mithid
dúinn breith ar adharcaibh an namhaid
nimhneach. Is ceart dúinn léigheas an ghalair
do chur i láthair ár gcinidh agus iarracht bháis is
bheathadh a thabhairt chun an Ghaedheal do chur ag
féachaint i ndiaidh an ghnótha féin.



Gach olc agus aindeise do rug an tír
seo ó d'imthigh an chomhacht de'n Ghaedheal do
b'fhéidir é thoirmeasg agus do b'fhéidir teacht
slán as dá mba nidh é cóir oireamhnach léighinn
a bheith ar gach aos a bhí suas le n-a linn. Gach
olc agus gach aindeise atá orainn indiu, ní bheidh
dul ar ár gcosaint uaidh go dtí go gcuirfar
an chóir léighinn seo orainn. Sidé an leigheas — an
t-aon leigheas amháin — a dhéanfaidh ár slánughadh;
suigheamh foghlumtha do cheapadh d'ár n-aos sgoile
a thabharfaidh eolas dóibh ortha féin agus ar a
dtalamh dhúthchais. Is mór age Sasana an
táir agus an droichmheas atá tagaithe don
Ghaedheal dá thír dhúthchais de dheasgaibh easba
eolais a bheith aige uirthi. Do b'in é díreach a
theastuigh uaidh: sinn a chosaint ar an eolas
san. Tá leigheas an sgéil fúinn féin anois:
soisgéal an léighinn do sgaipeadh agus do
chraobhsgaoileadh a fuaid na Fodla; gan oidhche
do chodladh le suaimhneas, ná lá do chur dínn
fé shástacht go dtí go mbíonn aos óg na tíre
dá n-oileamhaint agus dá dtabhairt suas ar
sgáth an léighinn dúthchais.



Chun an ghnótha so do chur ar siubhal tá dhá
nidh riachtanach: ní fuláir gach cúrsa foghlumtha
do leagadh amach le hoileamhaint agus le
cóir; 'n-a theannta sain, caithfar aos oide do
sholáthar a bheidh cumasach ar ár n-óige do
thabhairt suas le cóir ar sgáth na foghlumtha sain.
An túisge bhíonn an dá nidh seo soláirchthe againn
agus ár n-óige ag blaiseadh le fonn a tobar an
tsean-léighinn dhúthchais is beag dá mhearathal
orm ná go mbeidh Seán Buidhe a crith go
glúinibh agus ag cuineamh ar a ghreim a bhogadh
dhínn ar eagla go mbeadh sé ró-dhéidheanach aige.



Éamonn Ó Donnchadha

































































































19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services