Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Imeasg na bPriomhtar
Title
Imeasg na bPriomhtar
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Imeasg na bPriomhtar (PRESBYTERIANS.) An tseachtain seo a chuaidh thart fuair mé seort cuiridh labhairt ó comhair chéilidhe do bhí le bheith ag muinntir phobail mhóir Priomhtar i mBéalfeirsde, an pobal is mó atá aca, b'éidir i mBéalfeirsde. Chá raibh ann acht seort cuiridh. Dubhairt fear liom gur dhubhairt cailín leis gur dhubhairt cailín eile léithe gur theastuigh Gaedhilgeóir ó lucht na céilidhe le trácht fiche móiméint do thabhairt dóbhtha ar obair na Gaedhilge, agus dubhairt mé leis go rachainn ann agus go labhairfinn comh fada agus leigfeadh siad damh. Chuaidh. Bhí an sgoil lán go doras. An chéad duine oifigeamhail casadh domh d'innis mé dó fáth mo thurais. Bhí sé go macánta múinte liom acht thuigeas uaidh nach raibh fhios ar bith aige fá dtaoibh díom. Cuireadh fá dhéin duine eile agus chár thuig séisean an cheist acht oiread, acht dubhairt mé féin go dána go bhfuaras cuireadh labhairt (chár dhubhairt mé cé thug an cuireadh damh) agus go rabh mé ann sin le labhairt, ach muna maith leobhtha go labhairfinn nach labhairfinn. Dubhairt an duine seo go rabh fáilte romham agus go rabh sé “all right” acht ina dhiaidh sin thuigeas uaidh go rabh amhras éigin air. D'fhiafruigh sé dhíom ar thuig mé gur Priomhtara iad agus dubhairt mé gur thuigeas go maith. Ann sin chuaidh fear ann uachdaránacht an chruinighthe agus chuaidh an obair ar siubhal. Fear Buidhe láidir a bhí san uachdarán, chuala mé ó shoin, agus “Maighistear Galánta” nó taoiseach mór ar na buachaillibh sin, agus Iúistís Péas agus fear chreid- eamhnach sa chathair. Fear mór macánta láidir a bhí ann agus cuma grinn suairc air. Ceol Ghaedhealach do bhí aca ar fad agus na hamhráin Gall-Ghaedhealach ar an gcuma is coitcheann sa 'tír seo. Amhráin mhaithe b' iad ar fad acht gur i mBéarla canadh iad. Bhí amhrán amháin i nGaeidhilig .i. “A bhuachaillín Aoibhinn Áluinn Óig.” Bhí píopaire agus na píoba uillinn faoi n-a asgaill aige agus ceárd na píobaireachta go bárr a mhéire aige .i. Roibeard Ó Milí agus cuireadh an-chuid spéise 'sa phíobaireacht. Bhí ringce ó páisdibh agus ó dhaoinibh fásta. Chá rabh an ringce ró- mhaith acht thaitin se go mór leis na daoinibh a bhí i láthair. Is dóigh liom nach cleachtadh aca ar ringce Gaedhealach agus nach dtug siad fá deara an daidhbhreas coiscéaim bhí ar na páisdibh bochta. Nuair a bhí siad beagán tuirseach de'n cheol agus de'n ringce d'ainmnigh an t-uachdarán mé féin agus chuadhas ar an árdán le labhairt. Thoisigh mé as Gaedhilg agus chuir seo na páisdí ag gáiridhe acht d'éist na daoine fásta go haireach liom. Ann sin thiontuigh mé ar an Bhéarla agus gan réamhrádh nó corr-bhealaigh nochtuigh mé obair na Gaedhilge dóbhtha. Dubhairt mé leobhtha sa chéad toiseacht gur náisiúntacht agus spriorad na náisiúntachta ba chionn tsiocair le hobair na Gaedhilge, acht nach ionann sin ar chor ar bith agus poilitidheacht, óir cibé ar bith bail do bhíodh ar phoilitidheacht gur mheas mé gur bhfearr dúinn ar dteanga féin do bheith againn, agus ruda dúthchaiseacha do chleachtadh agus do chur 'un tosaigh. Is rud foirimealach, arsa mise, do phoilitidheacht an náisiúntacht seo ar a bhfuil mé ag trácht, agus duine ar bith cibé tuairim atá aige, ciaca ar bhfearr leis Éire bheith greamuighthe do Shasana nó nár bhfearr, má mheasann sé gur Éireannach é, budh cheart dó bheith na Ghaedheal. Chá labhraim anois, arsa mise, ar fheabhas na teangan nó ar an t-ionnmhas litiordhachta atá innte, siúd is go labhraidh sgoláirí móra na hEorpa ar na rudaibh seo. Ná dá mbudh teanga ísiol féin í gan litiordhacht innti agus gan bhígh innte do lucht teanga eolais nó do mhacaibh léighinn is í ar dteanga féin í agus cá bhfuil an dream ar thalamh an domhain thug suas go toileamhail a dteanga dhuthchais. Chan fhuil baint ag an cheist seo le creideamh, arsa mise. Is ionann 'sa chás do lucht na Gaedhilge cé'n creideamh atá ag duine. Sin a ghnó féin. Tá cead aige gabhail go neimh ar a shlighe féin. Chan fhuil baint againn leis an cheist! I rangaibh na Gaedhilge i mBéilfeirsde bíonn daoine il-chreidmheacha na suidhe guala ar ghualainn le n-a chéile ag léigheadh agus ag labhairt; nó bíonn siad mar chomhpháirtidhthe, arsa mise, i ringce Gaedhealach. Nár bh'bhreagh an mhaise dúinn mar sin, arsa mise, teacht le chéile gan bacadh le creideamh nó le poiliti- dheacht agus gach uile rud a bhaineas leis an tír do chur 'un tosaigh, mar atá an teanga agus stair na tíre, déantúisí agus ceol agus ringce, etc. Stad mé de'n chaint i gcionn 15 móiméint nó mar sin. Chár labhair an t-uachdarán agus chár labhair, aoinneach eile, chár dhubhradh seadh nó chan eadh liom, agus thar éis beagáin eile de'n cheol dh'éisteacht d'éirigh mé amach 'na bhaile. Cú Uladh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services