Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Imeasg na bPriomhtar

Title
Imeasg na bPriomhtar
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Imeasg na bPriomhtar
(PRESBYTERIANS.)



An tseachtain seo a chuaidh thart fuair mé
seort cuiridh labhairt ó comhair chéilidhe do
bhí le bheith ag muinntir phobail mhóir Priomhtar
i mBéalfeirsde, an pobal is mó atá aca, b'éidir
i mBéalfeirsde. Chá raibh ann acht seort cuiridh.
Dubhairt fear liom gur dhubhairt cailín leis gur
dhubhairt cailín eile léithe gur theastuigh
Gaedhilgeóir ó lucht na céilidhe le trácht fiche
móiméint do thabhairt dóbhtha ar obair na
Gaedhilge, agus dubhairt mé leis go rachainn
ann agus go labhairfinn comh fada agus leigfeadh
siad damh. Chuaidh. Bhí an sgoil lán go doras.
An chéad duine oifigeamhail casadh domh d'innis
mé dó fáth mo thurais. Bhí sé go macánta
múinte liom acht thuigeas uaidh nach raibh fhios
ar bith aige fá dtaoibh díom. Cuireadh fá dhéin
duine eile agus chár thuig séisean an cheist acht
oiread, acht dubhairt mé féin go dána go
bhfuaras cuireadh labhairt (chár dhubhairt mé
cé thug an cuireadh damh) agus go rabh mé ann
sin le labhairt, ach muna maith leobhtha go
labhairfinn nach labhairfinn. Dubhairt an
duine seo go rabh fáilte romham agus go rabh
sé “all right” acht ina dhiaidh
sin thuigeas uaidh go rabh amhras éigin air.
D'fhiafruigh sé dhíom ar thuig mé gur Priomhtara
iad agus dubhairt mé gur thuigeas go maith.
Ann sin chuaidh fear ann uachdaránacht an
chruinighthe agus chuaidh an obair ar siubhal.
Fear Buidhe láidir a bhí san uachdarán,
chuala mé ó shoin, agus “Maighistear
Galánta” nó taoiseach mór ar na buachaillibh
sin, agus Iúistís Péas agus fear chreid-
eamhnach sa chathair. Fear mór macánta láidir
a bhí ann agus cuma grinn suairc air. Ceol
Ghaedhealach do bhí aca ar fad agus na hamhráin
Gall-Ghaedhealach ar an gcuma is coitcheann
sa 'tír seo. Amhráin mhaithe b' iad ar fad
acht gur i mBéarla canadh iad. Bhí amhrán
amháin i nGaeidhilig .i. “A bhuachaillín Aoibhinn
Áluinn Óig.” Bhí píopaire agus na píoba
uillinn faoi n-a asgaill aige agus ceárd na
píobaireachta go bárr a mhéire aige .i.
Roibeard Ó Milí agus cuireadh an-chuid spéise
'sa phíobaireacht. Bhí ringce ó páisdibh agus
ó dhaoinibh fásta. Chá rabh an ringce ró-
mhaith acht thaitin se go mór leis na daoinibh a bhí
i láthair. Is dóigh liom nach cleachtadh aca
ar ringce Gaedhealach agus nach dtug siad fá
deara an daidhbhreas coiscéaim bhí ar na páisdibh
bochta. Nuair a bhí siad beagán tuirseach
de'n cheol agus de'n ringce d'ainmnigh an
t-uachdarán mé féin agus chuadhas ar an árdán
le labhairt. Thoisigh mé as Gaedhilg agus
chuir seo na páisdí ag gáiridhe acht d'éist na
daoine fásta go haireach liom. Ann sin
thiontuigh mé ar an Bhéarla agus gan réamhrádh
nó corr-bhealaigh nochtuigh mé obair na
Gaedhilge dóbhtha. Dubhairt mé leobhtha sa chéad
toiseacht gur náisiúntacht agus spriorad na
náisiúntachta ba chionn tsiocair le hobair na
Gaedhilge, acht nach ionann sin ar chor ar bith
agus poilitidheacht, óir cibé ar bith bail do bhíodh
ar phoilitidheacht gur mheas mé gur bhfearr
dúinn ar dteanga féin do bheith againn, agus
ruda dúthchaiseacha do chleachtadh agus do chur
'un tosaigh. Is rud foirimealach, arsa mise,
do phoilitidheacht an náisiúntacht seo ar a bhfuil
mé ag trácht, agus duine ar bith cibé
tuairim atá aige, ciaca ar bhfearr leis
Éire bheith greamuighthe do Shasana nó nár
bhfearr, má mheasann sé gur Éireannach é, budh
cheart dó bheith na Ghaedheal. Chá labhraim anois,
arsa mise, ar fheabhas na teangan nó ar an
t-ionnmhas litiordhachta atá innte, siúd is go
labhraidh sgoláirí móra na hEorpa ar na
rudaibh seo. Ná dá mbudh teanga ísiol féin
í gan litiordhacht innti agus gan bhígh innte
do lucht teanga eolais nó do mhacaibh léighinn
is í ar dteanga féin í agus cá bhfuil an dream
ar thalamh an domhain thug suas go toileamhail
a dteanga dhuthchais.



Chan fhuil baint ag an cheist seo le creideamh,
arsa mise. Is ionann 'sa chás do lucht na
Gaedhilge cé'n creideamh atá ag duine. Sin a
ghnó féin. Tá cead aige gabhail go neimh ar a
shlighe féin. Chan fhuil baint againn leis an cheist!
I rangaibh na Gaedhilge i mBéilfeirsde bíonn
daoine il-chreidmheacha na suidhe guala ar
ghualainn le n-a chéile ag léigheadh agus ag
labhairt; nó bíonn siad mar chomhpháirtidhthe,
arsa mise, i ringce Gaedhealach. Nár bh'bhreagh
an mhaise dúinn mar sin, arsa mise, teacht le
chéile gan bacadh le creideamh nó le poiliti-
dheacht agus gach uile rud a bhaineas leis an
tír do chur 'un tosaigh, mar atá an teanga
agus stair na tíre, déantúisí agus ceol agus
ringce, etc.



Stad mé de'n chaint i gcionn 15 móiméint
nó mar sin. Chár labhair an t-uachdarán
agus chár labhair, aoinneach eile, chár dhubhradh
seadh nó chan eadh liom, agus thar éis beagáin
eile de'n cheol dh'éisteacht d'éirigh mé amach
'na bhaile.



Cú Uladh

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services