Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Saol na Tuaithe II. - Oideachas
Title
Saol na Tuaithe II. - Oideachas
Author(s)
Mac Néill, Eoin,
Composition Date
1911
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Saol na Tuaithe II. - oideachas Eoin Mac Néill do sgríobh Tráchtaim anois ar an oideachas. Oideachas Sasanach atá againn i nÉirinn ó mhullach go talamh, agus ó bhonna go diúra, ó chnáimh go smior agus ó smior go smúsach. Sé is dóigh leis an Sasanach nach féidir sibhialtacht nó béasaidheacht a bheith in aon áit acht an áit a mbíonn na mílte roth iarainn ag gabháil timcheall is cuma cá tairbhe thiocfas dá mbarr. Is dá ríre atáim. Bíodh ar m'fhallaing dá dtéigheadh an gnáth-Shasanach isteach i dtír aineóil i gceart- lár na hAifrice agus go bhfuigheadh sé sa tír sin na mílte muileann dá dtiomáint ó chumhachta gaile nó aoibleasa, agus míle roth iarainn in gach muileann díobh, agus ní abraim gur ag meilt daoine a bheadh na rotha sin mar bhíd i sean- Shasana agus i Sasana Nua, acht ag meilt gaoithe agus uisge gan fáth gan fagháltas, - gurab é déarfadh sé gur cineadh an-chliste an-tsibhialta a bheadh sa tír sin, agus gur mór é an teacht chun cinn a bheadh ionnta seachas na dúithchí na dtimcheall nach mbeadh de chúram ortha acht tréadaidheacht agus talmhaidheacht. Agus thairis sin, dá bhfionnadh sé uirlis éigin cogaidh do bheith ag muinntir na tíre sin do mharóchadh céad míle duine d'aon urchor amháin, níl críoch ná teorainn leis an meas do bheadh aige ar shibhialtacht agus ar árd-bhéasaidheacht na tíre. Ní fáth gáire é, a dhaoine croidhe. Marab é sin go díreach glan spiorad an oideachais atá ar bun againn féin i bhfearann Chuinn agus Eoghain, baintear cluas díom. Ná creididh gur dímheas do chaitheamh ar an bhfear thall is mian liom. Dá dhonacht an sgéal aige-sean, is seacht measa dhuinne mar támaoid, óir tá rud dá bharr ag Seán bocht buidhe agus níl againne acht sgrios agus sgapadh orainn féin. Ar a thoradh mheastar gach crann. Bíodh a fhiadhnaise, ní abraim ar an sglábhaidhe bocht ná ar an bhfeirmeoir ná ar chailíní agus bhuachaillí na tíre, acht ar an sagart agus ar an dochtúir, ar an oide sgoile agus ar an oifigeach, ar an ngiúistís agus ar an tighearna talmhan. Níl lá sa mbliadhain nach cluintear an seanphort céadna uatha, gur pionús agus gur purga- dóireacht a saoghal do chaitheamh i bhfad ó rí rá na mbailte mór. Sin é toradh an chrainn úd. Lá dá rabhas ag taisteal na sléibhte an áit a bhfuil Dá Chích Anann ar chomh-theorainn an dá chonndae, i n-uachtar Gleanna Fleisge Uí Dhonnchadha, thárla i gcomhrádh mé le fear óg de'n dúthaigh sin. Bhí sé ag cur síos ag gach ní da bhfacamar nár dtimcheall. Do thaisbeán se teach beag agus cuibhreann deas fearainn ina gcuairt ar an leathárdán. Fear a tháinig ón bhaile ón gcoigcrích roinnt bliadhain ó shoin, a cheannaigh feirm bheag ar thaoibh an ghleanna, agus a bhí na chomhnaidhe ann ó shoin go socair sásta. Ní dheárnas-sa a bheag iongantais de sin, mar gur minic a leithéid thall 's i bhfus ar fud Éireann; bíonn ciall cheannaigh ag corr-dhuine againn. Nuair nach raibh freagra agam ar an sgéal, dubhairt an fear liom: Nach ait a dhin sé, agus teacht chun comhnaidhe i n-áit ná fuil aon chaitheamh aimsire ag éinne? Sin é atá uainn go léir de bharr an oideachais, caitheamh aimsire. Bí beag linn a luaithe chaitheas ar n-aimsear í féin, acht slighe éigin fhagháil a ghiorróchas dúinn í - slighe éigin neamhthairbheach, nach mbeidh de lorg na diaidh acht mar bhíos a ndiaidh slighe éinnín san aer nó slighe luinge sa bhfairrge. An té a bhfuil sé i ndán dó a thamaillín bliadhan do chaitheamh sa dúthaigh, is amhlaidh a bhíonn sé taréis na haltroma agus na sgolaidheachta agus é gan radharc ina shúilibh gan éisteacht na cluasaibh gan mhothughadh ina bhallaibh coirp, gan tuiscint aige do rud ar bith a bhaineas leis an saoghal tíoramhail. Samhail na sgolaidheachta úd an roth draoidheachta thug Mug Ruith leis ó'n Domhan Thoir - “Dall gach aen dá bhfeiceadh í, bódhar gach aien dá gcluineadh, marbh gach aen le na dteangmhóchadh.” Na daoine atá i mbun oideachais na hÉireann, an ar buile atáid ná an n-é is rún leo sgrios na tíre do chur i gcrích? Nár chóir go mbeadh sgolaidheacht tíre go tíoramhail? Sin é do thuig an t-Easbog úd sa Danmhairg, agus is ón sgolaidheacht tíoramhail do chuir sé ar bun a tháinig an Danmhairg do bheith ag baint na slighe de lucht talmhaidheachta na hÉireann. Mo léan géar gan fiche easbog dá shamhail sa tír seo. Ní ar mhaithe le hÉirinn a chaitheas airgead na hÉireann ar sgolaigheacht acht ar mhaithe le Sasana, le Sasana Nua, agus leis an domhan mór ar cheana. Óra nach sinne atá saidhbhir, agus nach againne atá croidhe na féile. An chéad rud is tairbhighe i sgolaidheacht do mhuinntir na hÉireann, is í teanga na hÉireann. Ní amháin í bheith againn, ach sinn bheith bródamhail ríméadach muinighneach aistí. Ná leigidh le duine dá maireann an méid sin fírinne do chur ina bhréig oraibh. An galar úd atá orainn .i. amharc ar súl ar imeall- bhordaibh an domhain, is é leigheas is fearr air, suim isan Ghaeghilg. An Chéad rud eile, stair agus seanchus na tíre, agus stair agus seanchus gach dúithche dhi. Na caisil agus na rátha agus na leasa, na clocha tógála, leapacha D. agus G., sean-teampuill agus reilge agus leapacha na naomh agus toibre beannaighthe - badh cheart eólas do thabhairt do na daoinibh na dtaobh, chum go mbeidís faoi urraim agus fao mheas aca, i n-ionad a mbíonn gach spriosán ar féidir leis litreacha Béarla do sgríobhadh agus a ainm gearrtha aige ar na seanfhoirgeanta is uaisle sa tír. Na dhiaidh sin, eólas do thabhairt do na daoinibh ar na planndaí, na hainmhidhthe, na clocha, na criadhtha, agus dá mbróchainn ar na réaltaibh atá ós a gcionn, i dtreó nach dú-dall bódhar balbh a bheadh gach duine bheadh na chomhnaidhe sa dúthaigh, gan tuisgint aige do rud ar bith acht aoibhneas na cathrach nó rásaidhe capall nó imirt.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services