Saol na Tuaithe
II. - oideachas
Eoin Mac Néill do sgríobh
Tráchtaim anois ar an oideachas.
Oideachas Sasanach atá againn i nÉirinn ó
mhullach go talamh, agus ó bhonna go diúra, ó
chnáimh go smior agus ó smior go smúsach.
Sé is dóigh leis an Sasanach nach féidir sibhialtacht
nó béasaidheacht a bheith in aon áit acht an áit
a mbíonn na mílte roth iarainn ag gabháil timcheall
is cuma cá tairbhe thiocfas dá mbarr. Is dá
ríre atáim. Bíodh ar m'fhallaing dá dtéigheadh
an gnáth-Shasanach isteach i dtír aineóil i gceart-
lár na hAifrice agus go bhfuigheadh sé sa tír sin na
mílte muileann dá dtiomáint ó chumhachta gaile
nó aoibleasa, agus míle roth iarainn in gach
muileann díobh, agus ní abraim gur ag meilt
daoine a bheadh na rotha sin mar bhíd i sean-
Shasana agus i Sasana Nua, acht ag meilt gaoithe
agus uisge gan fáth gan fagháltas, - gurab é
déarfadh sé gur cineadh an-chliste an-tsibhialta
a bheadh sa tír sin, agus gur mór é an teacht
chun cinn a bheadh ionnta seachas na dúithchí na
dtimcheall nach mbeadh de chúram ortha acht
tréadaidheacht agus talmhaidheacht. Agus thairis
sin, dá bhfionnadh sé uirlis éigin cogaidh do bheith
ag muinntir na tíre sin do mharóchadh céad
míle duine d'aon urchor amháin, níl críoch ná
teorainn leis an meas do bheadh aige ar shibhialtacht
agus ar árd-bhéasaidheacht na tíre. Ní fáth
gáire é, a dhaoine croidhe. Marab é sin go
díreach glan spiorad an oideachais atá ar bun
againn féin i bhfearann Chuinn agus Eoghain,
baintear cluas díom. Ná creididh gur dímheas
do chaitheamh ar an bhfear thall is mian liom.
Dá dhonacht an sgéal aige-sean, is seacht measa
dhuinne mar támaoid, óir tá rud dá bharr ag
Seán bocht buidhe agus níl againne acht sgrios
agus sgapadh orainn féin.
Ar a thoradh mheastar gach crann.
Bíodh a fhiadhnaise, ní abraim ar an sglábhaidhe
bocht ná ar an bhfeirmeoir ná ar chailíní agus
bhuachaillí na tíre, acht ar an sagart agus ar an
dochtúir, ar an oide sgoile agus ar an oifigeach,
ar an ngiúistís agus ar an tighearna talmhan.
Níl lá sa mbliadhain nach cluintear an seanphort
céadna uatha, gur pionús agus gur purga-
dóireacht a saoghal do chaitheamh i bhfad ó rí rá
na mbailte mór. Sin é toradh an chrainn úd.
Lá dá rabhas ag taisteal na sléibhte an áit
a bhfuil Dá Chích Anann ar chomh-theorainn an dá
chonndae, i n-uachtar Gleanna Fleisge Uí
Dhonnchadha, thárla i gcomhrádh mé le fear óg de'n
dúthaigh sin. Bhí sé ag cur síos ag gach ní da
bhfacamar nár dtimcheall. Do thaisbeán se teach
beag agus cuibhreann deas fearainn ina gcuairt
ar an leathárdán. Fear a tháinig ón bhaile ón
gcoigcrích roinnt bliadhain ó shoin, a cheannaigh
feirm bheag ar thaoibh an ghleanna, agus a bhí na
chomhnaidhe ann ó shoin go socair sásta. Ní
dheárnas-sa a bheag iongantais de sin, mar gur
minic a leithéid thall 's i bhfus ar fud Éireann;
bíonn ciall cheannaigh ag corr-dhuine againn.
Nuair nach raibh freagra agam ar an sgéal,
dubhairt an fear liom: Nach ait a dhin sé, agus
teacht chun comhnaidhe i n-áit ná fuil aon chaitheamh
aimsire ag éinne?
Sin é atá uainn go léir de bharr an oideachais,
caitheamh aimsire. Bí beag linn a luaithe chaitheas
ar n-aimsear í féin, acht slighe éigin fhagháil a
ghiorróchas dúinn í - slighe éigin neamhthairbheach,
nach mbeidh de lorg na diaidh acht mar bhíos a
ndiaidh slighe éinnín san aer nó slighe luinge sa
bhfairrge. An té a bhfuil sé i ndán dó a
thamaillín bliadhan do chaitheamh sa dúthaigh,
is amhlaidh a bhíonn sé taréis na haltroma agus
na sgolaidheachta agus é gan radharc ina shúilibh
gan éisteacht na cluasaibh gan mhothughadh ina
bhallaibh coirp, gan tuiscint aige do rud ar
bith a bhaineas leis an saoghal tíoramhail. Samhail
na sgolaidheachta úd an roth draoidheachta thug
Mug Ruith leis ó'n Domhan Thoir - “Dall gach
aen dá bhfeiceadh í, bódhar gach aien dá gcluineadh,
marbh gach aen le na dteangmhóchadh.”
Na daoine atá i mbun oideachais na hÉireann,
an ar buile atáid ná an n-é is rún leo sgrios
na tíre do chur i gcrích? Nár chóir go mbeadh
sgolaidheacht tíre go tíoramhail? Sin é do thuig
an t-Easbog úd sa Danmhairg, agus is ón
sgolaidheacht tíoramhail do chuir sé ar bun a
tháinig an Danmhairg do bheith ag baint na slighe
de lucht talmhaidheachta na hÉireann. Mo léan
géar gan fiche easbog dá shamhail sa tír seo.
Ní ar mhaithe le hÉirinn a chaitheas airgead na
hÉireann ar sgolaigheacht acht ar mhaithe le Sasana,
le Sasana Nua, agus leis an domhan mór ar
cheana. Óra nach sinne atá saidhbhir, agus nach
againne atá croidhe na féile.
An chéad rud is tairbhighe i sgolaidheacht do
mhuinntir na hÉireann, is í teanga na hÉireann.
Ní amháin í bheith againn, ach sinn bheith
bródamhail ríméadach muinighneach aistí. Ná
leigidh le duine dá maireann an méid sin
fírinne do chur ina bhréig oraibh. An galar
úd atá orainn .i. amharc ar súl ar imeall-
bhordaibh an domhain, is é leigheas is fearr air,
suim isan Ghaeghilg.
An Chéad rud eile, stair agus seanchus na
tíre, agus stair agus seanchus gach dúithche dhi.
Na caisil agus na rátha agus na leasa, na clocha
tógála, leapacha D. agus G., sean-teampuill
agus reilge agus leapacha na naomh agus toibre
beannaighthe - badh cheart eólas do thabhairt do
na daoinibh na dtaobh, chum go mbeidís faoi urraim
agus fao mheas aca, i n-ionad a mbíonn gach
spriosán ar féidir leis litreacha Béarla do
sgríobhadh agus a ainm gearrtha aige ar na
seanfhoirgeanta is uaisle sa tír.
Na dhiaidh sin, eólas do thabhairt do na daoinibh
ar na planndaí, na hainmhidhthe, na clocha, na
criadhtha, agus dá mbróchainn ar na réaltaibh
atá ós a gcionn, i dtreó nach dú-dall bódhar
balbh a bheadh gach duine bheadh na chomhnaidhe sa
dúthaigh, gan tuisgint aige do rud ar bith acht
aoibhneas na cathrach nó rásaidhe capall nó imirt.