Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Réált an Rubaill ar dtugtar Halley's Comet II
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Réált an Rubaill ar dtugtar Halley's Comet II
Author(s)
Ó Searcaigh, Séamus,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Réalt an Rubaill ar dtugtar Halley's Comet II. Bhí aithne agam ar shean-daoinibh i dTír Chonaill agus cé go gcuirfeadh an síothmhaor síos i bpáipéar na comháirmhe go raibh siad gan léigheann thiocfadh leo Slat an Ríogh agus Na Cearrbhaibh a thaisbeáint dó-san oidhche dorcha shiocáin ar bith, dá mbeadh oiread d'fhoghluim aige is go gcuirfeadh sé suim i réalt-eolas. Is minic chualas féin iad ag cainnt ar an tseisrigh agus ar an Réalt-thuaidh, agus má tá an chuimhne cheart agam ar an uair-so is uabhtha chualas réalt an rubaill ar an rud ar a dtug an Béarlóir comet. Nuair a chluineas an chuid aca a mhaireas indiu réalt rubaill eile bheith ag teacht ar an tSamhradh seo chugainn cuirfidh siad suim ann ag cluinfear iad ag cur síos air a chois teineadh amach annso. Is greannmhar an tréith é i lucht aimsire ar bith go measaid gur eolaighe agu gur intleach- taighe iad féin 'ná aon dream dá dtáinig rompa riamh. Saoilidh an t-aos óg gur amadáin na sean-daoine, agus annsin nuair a thiocfas méid ionnta féin measaid gur dream gan chéill na páistí atchíos siad ag rioth thart fá na bealtaighibh móra nó ar an sean-léim amuigh ar na bántraibh. Acht dá dhonacht dá rabhthar sa tseanaimsir 'tchíthear domh gur chéillidhe agus gur eolaighe a bhí mórán aca 'na mar shaoileas cuid againne indiu. Bíodh mar dheimhniughadh agus mar chruthughadh ar sin tuigse na sean- ughdar Laidne agus Gréigise, agus intleacht na bhfear a chum na sean-sgéalta móra do Ghaedhealaibh. Bhí tuigbheaáil aca ar réaltaibh na spéire agus ní tháinig an réalta rubaill so a ghan fhios dóibh. Tá dhá chéad agus dhá fhichid bliadhain roimh aimsir Chríost bhí lucht gárda in seasamh ar mhór- bhalla na síne ag coimhead, agus 'tchí siad an dragún mór ag déanamh ortha as an spéir. Ba é an réalt rubaill so ar a bhfuil réalt- eolaidhthe ag cainnt indiu, a bhí ann. Deirtear gurbh' é sin an chéad uair dhó theacht ar amharc An Domhain, acht cé aige a bhfuil a fhios nach raibh sé ag teacht as ag imtheacht ó bhí tús an tsaoghail ann. Éamonn Ó hAille b'ainm don fhear as ar hinmnigheadh an réalt rubaill so atá le theacht fá Bhealtaine. Sloinneadh Gaedhlach a bhí air acht is dóigh go n-abróchaidh Sasanaigh gur díobhtha fhéin é. Thug sé an réalt so fá deara sa bhliadhain 1680. Bhí sé fhéin agus Isaac Newton mór le chéile agus rinne an bheirt aca sgrúdughadh agus géar-fhéachaint air nuair chonnaic siad é sa spéír. Ba é deireadh an sgrúduighthe sin gur dhubhairt Éamonn go dtiocfadh sé ar ais sa bhliadhain 1758. Agus tháinig. Ní'l d'ainm air ag béarlóiribh ó shoin i leith acht Halley's Comet. Bhí an t-iomrádh ann tá goirid ó shoin go dtiocfadh an Chruinne agus an réalt rubaill so ar a chéile agus nuair a thiocfadh go raibh deireadh leis an domhan. Deir ughdar léighinn agus réalteolaidhe mór linn go bhféadfadh siad castáil ar a chéile, acht nach dóigh leis go mbuailfidh ceachtar aca an ceann eile an t-am so. Tá a fhios againn go bhfuil an Domhan ag síor-shiubhal thart ar an ghréin agus má thig sé féin agus an réalt so go dtí 'n t-aon bhall san am chéadna go mbeidh cuimilt ann. Acht seacht mbomaite bhíos an Chruinn ó thigeas sí go ball ar bith go raibh sí tharais. Is mó an luathas atá faoi'n réalt agus ar an ádhbhar sin is gaiste rachadh sé thar an bhall chéadna. D'fhéadfadh ceann aca theacht i gcasán an chinn eile, acht ní móide go dtiocfaidh agus an luathas sin faoi'n réalt. Acht má thig, a bhfuil contabhairt ar bith ann? Deir an réalt-eolaidhe céadna linn gur lughaide an eagla bheadh air roimh a réalt rubaill so Uí hAille 'ná mar bheadh air roimh cheo. Is fada an tamall cúig bliadhna déag agus trí fichid. Sin an tuairim ama bhíos an réalt so ó fhuigfear sé sinn go dtigidh sé ar ais chugainn. Is iomdha míle chuireas sé tharais san am sin, agus is beag duine dá maireann anois agus atchífeas é, bhéas beo le n'a fheiceáil fá chionn chúig nó sé de bhliadhantaibh is trí fichid nuair thiocfas sé ar ais ar amharc fhear an domhain. Séamus Ó Searcaigh
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services