Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - Réált an Rubaill ar dtugtar Halley's Comet II

Title
Cúrsaí an tSaoghail - Réált an Rubaill ar dtugtar Halley's Comet II
Author(s)
Ó Searcaigh, Séamus,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Réalt an Rubaill ar dtugtar
Halley's Comet



II.



Bhí aithne agam ar shean-daoinibh i dTír Chonaill
agus cé go gcuirfeadh an síothmhaor síos i
bpáipéar na comháirmhe go raibh siad gan
léigheann thiocfadh leo Slat an Ríogh agus Na
Cearrbhaibh a thaisbeáint dó-san oidhche dorcha
shiocáin ar bith, dá mbeadh oiread d'fhoghluim
aige is go gcuirfeadh sé suim i réalt-eolas. Is
minic chualas féin iad ag cainnt ar an tseisrigh
agus ar an Réalt-thuaidh, agus má tá an
chuimhne cheart agam ar an uair-so is uabhtha
chualas réalt an rubaill ar an rud ar a dtug
an Béarlóir comet. Nuair a chluineas an
chuid aca a mhaireas indiu réalt rubaill eile
bheith ag teacht ar an tSamhradh seo chugainn
cuirfidh siad suim ann ag cluinfear iad
ag cur síos air a chois teineadh amach annso.



Is greannmhar an tréith é i lucht aimsire ar
bith go measaid gur eolaighe agu gur intleach-
taighe iad féin 'ná aon dream dá dtáinig rompa
riamh. Saoilidh an t-aos óg gur amadáin na
sean-daoine, agus annsin nuair a thiocfas méid
ionnta féin measaid gur dream gan chéill
na páistí atchíos siad ag rioth thart fá na
bealtaighibh móra nó ar an sean-léim amuigh ar
na bántraibh. Acht dá dhonacht dá rabhthar sa
tseanaimsir 'tchíthear domh gur chéillidhe agus
gur eolaighe a bhí mórán aca 'na mar shaoileas
cuid againne indiu. Bíodh mar dheimhniughadh
agus mar chruthughadh ar sin tuigse na sean-
ughdar Laidne agus Gréigise, agus intleacht
na bhfear a chum na sean-sgéalta móra do
Ghaedhealaibh. Bhí tuigbheaáil aca ar réaltaibh na
spéire agus ní tháinig an réalta rubaill so a
ghan fhios dóibh.



Tá dhá chéad agus dhá fhichid bliadhain roimh
aimsir Chríost bhí lucht gárda in seasamh ar mhór-
bhalla na síne ag coimhead, agus 'tchí siad
an dragún mór ag déanamh ortha as an spéir.
Ba é an réalt rubaill so ar a bhfuil réalt-
eolaidhthe ag cainnt indiu, a bhí ann. Deirtear
gurbh' é sin an chéad uair dhó theacht ar amharc
An Domhain, acht cé aige a bhfuil a fhios nach
raibh sé ag teacht as ag imtheacht ó bhí tús an
tsaoghail ann.



Éamonn Ó hAille b'ainm don fhear as ar
hinmnigheadh an réalt rubaill so atá le
theacht fá Bhealtaine. Sloinneadh Gaedhlach a bhí
air acht is dóigh go n-abróchaidh Sasanaigh gur
díobhtha fhéin é. Thug sé an réalt so fá deara sa
bhliadhain 1680. Bhí sé fhéin agus Isaac Newton
mór le chéile agus rinne an bheirt aca sgrúdughadh
agus géar-fhéachaint air nuair chonnaic siad é
sa spéír. Ba é deireadh an sgrúduighthe sin
gur dhubhairt Éamonn go dtiocfadh sé ar ais
sa bhliadhain 1758. Agus tháinig. Ní'l d'ainm
air ag béarlóiribh ó shoin i leith acht Halley's
Comet.



Bhí an t-iomrádh ann tá goirid ó shoin go
dtiocfadh an Chruinne agus an réalt rubaill
so ar a chéile agus nuair a thiocfadh go raibh
deireadh leis an domhan. Deir ughdar léighinn
agus réalteolaidhe mór linn go bhféadfadh siad
castáil ar a chéile, acht nach dóigh leis go
mbuailfidh ceachtar aca an ceann eile an t-am
so. Tá a fhios againn go bhfuil an Domhan ag
síor-shiubhal thart ar an ghréin agus má thig sé
féin agus an réalt so go dtí 'n t-aon bhall san
am chéadna go mbeidh cuimilt ann. Acht seacht
mbomaite bhíos an Chruinn ó thigeas sí go ball
ar bith go raibh sí tharais. Is mó an luathas atá
faoi'n réalt agus ar an ádhbhar sin is gaiste
rachadh sé thar an bhall chéadna. D'fhéadfadh
ceann aca theacht i gcasán an chinn eile, acht
ní móide go dtiocfaidh agus an luathas sin
faoi'n réalt. Acht má thig, a bhfuil contabhairt
ar bith ann? Deir an réalt-eolaidhe céadna
linn gur lughaide an eagla bheadh air roimh a
réalt rubaill so Uí hAille 'ná mar bheadh air
roimh cheo.



Is fada an tamall cúig bliadhna déag agus
trí fichid. Sin an tuairim ama bhíos an réalt
so ó fhuigfear sé sinn go dtigidh sé ar ais
chugainn. Is iomdha míle chuireas sé tharais
san am sin, agus is beag duine dá maireann
anois agus atchífeas é, bhéas beo le n'a fheiceáil
fá chionn chúig nó sé de bhliadhantaibh is trí fichid
nuair thiocfas sé ar ais ar amharc fhear an domhain.



Séamus Ó Searcaigh




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services