Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Machtnamh ar Chath Chionn tSáile II
Title
Machtnamh ar Chath Chionn tSáile II
Author(s)
Ní Shíthe, Máire,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Machtnamh ar Chath Chionn tSáile II. Do Ghluais Ó Néill agus Ó Domhnail ó dheas, agus taoiseachaibh eile agus an oiread saigh- diúirí i n-éinfeacht leo is d'fhéadfadh a bhailiughadh. Bhí ceapaithe aca fanmhaint le n-a chéile ag Mainistir na Croise Naomhtha. B'é Ó Domhnaill an chéad duine a bhí ann. Do dhein Cairiú iarracht tréan air é féin agus a shluagh do chlaoidhe, acht níor éirigh leis. Shroich Ó Néill agus a shluagh Béal Guala i n-aice Chionn tSáile ar an 21adh lá de Mhí na Nodlag. Ní raibh de thaoiseachaibh na Mumhan go raibh sé de mhisneach ná de dhílseacht ionnta seasamh i gcoinnibh na nGall acht Ó Súlleabháin Béara, Ó hEidirisgeoil, agus Ó Conchubhar Chiarraighe. Tháinig cuid den chadhlach Spáinneach a bhí amudha ó'n gcuid eile isteach go Baile Chaisleán Beara i mí na Samhna, díreach nuair shroich Ó Domhnaill an áit sin. Cuireadh cuid de na Spáinnigh ag cosaint Dún Buidhe, Dún na Seod, agus an dún a bhí mBaile Chaisleán Bhéara. Tháinig an chuid eile aca i dteannta sluagh Uí Dhomhnaill, agus ba ghearr go rabhadar i n-aice Chionn tSáile; agus nuair tháinig Ó Néill, thuig sé go maith cad a b'fhearr a dhéanamh. Bhí sluagh Cariú idir na Gaedhil agus Cionn tSáile, agus ní raibh acht fíor- bheagán lón cogaidh aca, agus gan aon fhagháil air acht ó'n dtír mór dtimcheall. 'Sé cheap Ó Néill a dhéanamh anois ná fannmhaint mór- dtimcheall an tsluaigh Ghallda agus gan leogaint d'aon lón cogaidh dul isteach chuca; ar an gcuma so, shaoil sé gur ghearr go gcaithfidís ghéilleadh nó cath do sheasamh. Acht ní raibh Don Juan sásta leis an moill a chuirfeadh soin ar an obair i n-aon chor. Bhí cabhlach Sasana amuigh ar an bhfairrge, agus do chuir soin sgannramh ar na Spáinnigh. Thuig siad nár b'fhéidir leo teitheadh leo féin. (Cad a thug iad, má 'seadh, más fonn teicheadh a bhí ortha?) Nuair a bhí na Gaedhil trí lá ag Béal Guala bhí comhairle cogaidh aca. Sgríobh Don Juan chuca cath do thabhairt gan mhoill de na Gallaibh. B'fhearr le Ó Néill fanmhaint; acht bhí furmhór na dtaoiseach i bhfábhar cath do thabhairt gan mhoill, agus do ghéill Ó Néill dá gcomhairle. Oidhche an tríomhadh lae ficheadh de Mhí na Nodlag, 1601, do ghluais an sluagh Gaedhealach i dtrí rannaibh fé dhéin na nGall. Bhí an oidhche dubh fiadháin, agus tóirthneach agus splancacha ann gach re nóimeat. Na fir a bhí ag déanamh eolais na slighe dhóibh chuadar amudha san doircheacht, agus chaitheadar an oidhche go léir ag siubhal, cé ná raibh acht cheathair nó cúig de mhílte le dul aca, dá n-aimseoghaidís an bóthar ceart. Ag breacadh an lae, tháinig Ó Néill agus a chuid saighdiúirí i radharc an champa Ghallda. Chonnaic sé go rabhadar ullamh dó, agus bhí iongnadh air. Acht bhí na spiairí go flúirseach. Ní raibh Ó Domhnaill tagaithe fós. Chonnaic na Gaill an trioblóid a bhí ar Ó Néill, agus do tugadh órdughadh do na saighdiúirí capaill tabhairt fé gan mhoill. Sheas Ó Néill go dána ar feadh uair an chloig. Annsoin b'éigin dó dul ar gcúl. Bhí trí chéad Spáinneach agus a dtaoiseach Ocampo 'na theanta. Do leagadh iad go léir acht dá fhichid. Do deineadh príosúnaigh dhíobh-san agus dá dtaoiseach. Nuair tháinig Ó Domhnaill fé dheire, chuir sé cuid de na marcachaibh Gallda ar gcúl. Do sheasamh an Triallach agus an mharcaigh go cródha ar feadh i bhfad; ach bhí an iomad díoghbhála déanta ar an gcuid a bhí fé Ó Néill cheana, agus fé dheire do bhí an buaidh ag na Gallaibh. Bhí 1,200 de an Gaedhealaibh sínte marbh ar mhachaire an áir, agus do cuireadh chun báis gach príosúnach fé mar do-bheirthí air. Dúirt na Gaill nár chailleadar-san acht dhá chéad, agus níl aon áireamh ar na Gall-Ghaedheala do thuit sa chath. Bhí Iarla Thuath-Mhumhan agus Iarla Clann Riocaird agus a muinntir ag cabhrughadh le sna Gallaibh. An oidhche n-a dhiaidh sin, bhí comhairle cogaidh ag na taoiseachaibh Gaedhealacha ag Inis Eoghanáin. 'Sí an chomhairle a cheapadar 'ná Ó Domhnaill do dhul gan mhoill do'n Spáinn ag triall ar Rí Pilib agus innsint dó cionnus a bhí an tír seo Éire, agus tuilleadh cabhrach d' iarraidh air, Ó Súilleabháin d'fhanmhaint ag cosaint Dúin Bhuidhe agus Ó Néill do dhul ó thuaidh go Cúige Uladh chun é chosaint chomh maith is do b'fhéidir leis. Dheineadar soin, acht bhí an oiread sgann- ramh i nDon Juan gur loit sé an sgéal ar fad. Ba ghearr gur ghéill sé do Chariú. Thuig Cariú cad é an saghas é, agus do dhein sé an oiread plámáis leis gur gheall Don Juan dó a shluagh go léir do stiúrughadh gan mhoill tar n-ais don Spáinn, agus na dúnta a bhí 'á gcosaint aca do thabhairt suas dó, agus ordughadh thabhairt dh'aon sluagh eile a thiocfadh dul tar n-ais gan mhoill. Do loit sé seo an sgéal ar fad ar na Gaedhealaibh. Ba ghearr go raibh an chúige go léir fe chois ag Cairiú. Is dócha ná raibh an saoghal puinn níos fearr ag na daoinibh a bhí umhal dó ó thosach, agus a chonách soin ortha! — nuair nár aontuigheadar go léir n-a choinnibh. Acht cathain a bheidh na Gaedhil go léir ar aon intinn amháin ar son na hÉireann? Nuair a chuaidh Don Juan abhaile, do cuireadh isteach i bpríosún é mar gheall ar an gcuma in ar ghéill sé chomh tapaidh soin do Chairiú, agus ba ghearr go bhfuair sé bás le briseadh croidhe. Nuair a chuaidh Ó Domhnaill ag cainnte le Rí na Spáinne, gheall an Rí go gcuirfeadh sé sluagh 15,000 fear go hÉireann. Acht nuair tháinig an sgéal go raibh Dún Buidhe leagtha sgriosta ag na Gallaibh, cuireadh stop leo. Bhí Ó Domhnaill ag dul chun cainte leis an Rí arís, acht fuair sé bás obann ar an 10adh lá de Mheadhon Fhoghmhair, 1602, i Simancas. Spiaire a chuir Cariú ar a thóir a thug nimh dó. Blácach a b'eadh é. Sin mar chuireann Sasana naimhde fé chois. Nimh do'n té ná géilleann agus ór do'n bhfealltóir. Chuaidh Ó Súilleabháin Béara ó thuaidh go Cúige Uladh tar éis sgriosadh Dhún Bhuidhe. Sheas Ó Néill agus taoiseacha an tuaiscirt i gcoinnibh na nGall go dtí an bhliadhain 1603. Ní rabhadar claoidhte fós, acht bhíodar i gcruaidhchás. Bhí na Gaill tnáite, leis, agus bhí fonn ortha shiothcháin a dhéanamh le hÓ Néill, acht ní le grádh dhó ná ar mhaithe leis. Do deineadh an tsíothcháin ar choinghiallachaibh fabharamhail go leor d'Ó Néill. Acht ba ghearr gur fuaradh leathsgéal éigin eile chun an díbirt ar fad do chur ar Ó Néill agus ar na taoiseachaibh ba chródha i nÉirinn, agus b'éigin dóibh teitheadh as an dtír ar fad. Bhí Éire agus a sean-dlighthe agus sean-nósa claoidhte annsoin, agus dlighe Shasana agus nósa Shasana n- n-ionad, agus sin mar atá an sgéal fós mar gheall ar feall na Sasanach ar feadh 500 bliaidhain agus breall na nGaedheal ag troid agus ag clampar eatortha féin agus brath ar chabhair iasachta chun na tíre do shaoradh, i n-ionad bheith ag brath ortha fein amháin, agus ar Dhia. Acht anois, ó tá cuid againn ag tosnughadh ar na sean-nósa do chleachtadh arís agus ar bheith ag brath orainn féin, b'fhéidir gur bh'fhiú le Dia an tír seo do shaoradh ar son na bhfíor- Ghaedheal arís, agus go mbeadh deire le sainnt agus cealg na Sasanach san tír agus go mbeadh sí 'n-a Tír na nÓg againn os comhair an tsaoghail. Máire Ní Shíthe
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services