Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Machtnamh ar Chath Chionn tSáile II

Title
Machtnamh ar Chath Chionn tSáile II
Author(s)
Ní Shíthe, Máire,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Machtnamh ar Chath Chionn tSáile



II.
Do Ghluais Ó Néill agus Ó Domhnail ó dheas,
agus taoiseachaibh eile agus an oiread saigh-
diúirí i n-éinfeacht leo is d'fhéadfadh a
bhailiughadh. Bhí ceapaithe aca fanmhaint le n-a
chéile ag Mainistir na Croise Naomhtha. B'é Ó
Domhnaill an chéad duine a bhí ann. Do dhein
Cairiú iarracht tréan air é féin agus a shluagh
do chlaoidhe, acht níor éirigh leis. Shroich Ó Néill
agus a shluagh Béal Guala i n-aice Chionn tSáile
ar an 21adh lá de Mhí na Nodlag. Ní raibh de
thaoiseachaibh na Mumhan go raibh sé de mhisneach ná
de dhílseacht ionnta seasamh i gcoinnibh na nGall
acht Ó Súlleabháin Béara, Ó hEidirisgeoil, agus
Ó Conchubhar Chiarraighe. Tháinig cuid den chadhlach
Spáinneach a bhí amudha ó'n gcuid eile isteach
go Baile Chaisleán Beara i mí na Samhna,
díreach nuair shroich Ó Domhnaill an áit sin.
Cuireadh cuid de na Spáinnigh ag cosaint Dún
Buidhe, Dún na Seod, agus an dún a bhí mBaile
Chaisleán Bhéara. Tháinig an chuid eile aca i
dteannta sluagh Uí Dhomhnaill, agus ba ghearr
go rabhadar i n-aice Chionn tSáile; agus nuair
tháinig Ó Néill, thuig sé go maith cad a b'fhearr
a dhéanamh. Bhí sluagh Cariú idir na Gaedhil
agus Cionn tSáile, agus ní raibh acht fíor-
bheagán lón cogaidh aca, agus gan aon fhagháil
air acht ó'n dtír mór dtimcheall. 'Sé cheap Ó
Néill a dhéanamh anois ná fannmhaint mór-
dtimcheall an tsluaigh Ghallda agus gan leogaint
d'aon lón cogaidh dul isteach chuca; ar an
gcuma so, shaoil sé gur ghearr go gcaithfidís
ghéilleadh nó cath do sheasamh. Acht ní raibh Don
Juan sásta leis an moill a chuirfeadh soin ar an
obair i n-aon chor. Bhí cabhlach Sasana amuigh
ar an bhfairrge, agus do chuir soin sgannramh
ar na Spáinnigh. Thuig siad nár b'fhéidir leo
teitheadh leo féin. (Cad a thug iad, má 'seadh,
más fonn teicheadh a bhí ortha?) Nuair a bhí na
Gaedhil trí lá ag Béal Guala bhí comhairle
cogaidh aca. Sgríobh Don Juan chuca cath do
thabhairt gan mhoill de na Gallaibh. B'fhearr le
Ó Néill fanmhaint; acht bhí furmhór na
dtaoiseach i bhfábhar cath do thabhairt gan mhoill,
agus do ghéill Ó Néill dá gcomhairle.



Oidhche an tríomhadh lae ficheadh de Mhí na
Nodlag, 1601, do ghluais an sluagh Gaedhealach
i dtrí rannaibh fé dhéin na nGall. Bhí an
oidhche dubh fiadháin, agus tóirthneach agus
splancacha ann gach re nóimeat. Na fir a
bhí ag déanamh eolais na slighe dhóibh chuadar
amudha san doircheacht, agus chaitheadar an
oidhche go léir ag siubhal, cé ná raibh acht cheathair
nó cúig de mhílte le dul aca, dá n-aimseoghaidís
an bóthar ceart. Ag breacadh an lae, tháinig
Ó Néill agus a chuid saighdiúirí i radharc an
champa Ghallda. Chonnaic sé go rabhadar ullamh
dó, agus bhí iongnadh air. Acht bhí na spiairí go
flúirseach. Ní raibh Ó Domhnaill tagaithe fós.
Chonnaic na Gaill an trioblóid a bhí ar Ó Néill,
agus do tugadh órdughadh do na saighdiúirí
capaill tabhairt fé gan mhoill. Sheas Ó Néill
go dána ar feadh uair an chloig. Annsoin b'éigin
dó dul ar gcúl. Bhí trí chéad Spáinneach agus a
dtaoiseach Ocampo 'na theanta. Do leagadh iad
go léir acht dá fhichid. Do deineadh príosúnaigh
dhíobh-san agus dá dtaoiseach. Nuair tháinig Ó
Domhnaill fé dheire, chuir sé cuid de na
marcachaibh Gallda ar gcúl. Do sheasamh an
Triallach agus an mharcaigh go cródha ar feadh i
bhfad; ach bhí an iomad díoghbhála déanta ar an
gcuid a bhí fé Ó Néill cheana, agus fé dheire do
bhí an buaidh ag na Gallaibh. Bhí 1,200 de an
Gaedhealaibh sínte marbh ar mhachaire an áir,
agus do cuireadh chun báis gach príosúnach fé
mar do-bheirthí air. Dúirt na Gaill nár
chailleadar-san acht dhá chéad, agus níl aon
áireamh ar na Gall-Ghaedheala do thuit sa chath.
Bhí Iarla Thuath-Mhumhan agus Iarla Clann
Riocaird agus a muinntir ag cabhrughadh le sna
Gallaibh.



An oidhche n-a dhiaidh sin, bhí comhairle cogaidh ag
na taoiseachaibh Gaedhealacha ag Inis Eoghanáin.
'Sí an chomhairle a cheapadar 'ná Ó Domhnaill do
dhul gan mhoill do'n Spáinn ag triall ar Rí
Pilib agus innsint dó cionnus a bhí an tír seo
Éire, agus tuilleadh cabhrach d' iarraidh air, Ó
Súilleabháin d'fhanmhaint ag cosaint Dúin
Bhuidhe agus Ó Néill do dhul ó thuaidh go Cúige
Uladh chun é chosaint chomh maith is do b'fhéidir
leis. Dheineadar soin, acht bhí an oiread sgann-
ramh i nDon Juan gur loit sé an sgéal ar fad.
Ba ghearr gur ghéill sé do Chariú. Thuig Cariú
cad é an saghas é, agus do dhein sé an oiread
plámáis leis gur gheall Don Juan dó a shluagh
go léir do stiúrughadh gan mhoill tar n-ais don
Spáinn, agus na dúnta a bhí 'á gcosaint aca do
thabhairt suas dó, agus ordughadh thabhairt dh'aon
sluagh eile a thiocfadh dul tar n-ais gan mhoill.
Do loit sé seo an sgéal ar fad ar na Gaedhealaibh.
Ba ghearr go raibh an chúige go léir fe chois ag
Cairiú. Is dócha ná raibh an saoghal puinn níos
fearr ag na daoinibh a bhí umhal dó ó thosach, agus
a chonách soin ortha! — nuair nár aontuigheadar
go léir n-a choinnibh. Acht cathain a bheidh na
Gaedhil go léir ar aon intinn amháin ar son na
hÉireann?



Nuair a chuaidh Don Juan abhaile, do cuireadh
isteach i bpríosún é mar gheall ar an gcuma in
ar ghéill sé chomh tapaidh soin do Chairiú, agus ba
ghearr go bhfuair sé bás le briseadh croidhe.



Nuair a chuaidh Ó Domhnaill ag cainnte le Rí na
Spáinne, gheall an Rí go gcuirfeadh sé sluagh
15,000 fear go hÉireann. Acht nuair tháinig an
sgéal go raibh Dún Buidhe leagtha sgriosta ag
na Gallaibh, cuireadh stop leo. Bhí Ó Domhnaill
ag dul chun cainte leis an Rí arís, acht fuair sé
bás obann ar an 10adh lá de Mheadhon Fhoghmhair,
1602, i Simancas. Spiaire a chuir Cariú ar a
thóir a thug nimh dó. Blácach a b'eadh é. Sin mar
chuireann Sasana naimhde fé chois. Nimh do'n
té ná géilleann agus ór do'n bhfealltóir.



Chuaidh Ó Súilleabháin Béara ó thuaidh go Cúige
Uladh tar éis sgriosadh Dhún Bhuidhe. Sheas Ó
Néill agus taoiseacha an tuaiscirt i gcoinnibh
na nGall go dtí an bhliadhain 1603. Ní rabhadar
claoidhte fós, acht bhíodar i gcruaidhchás. Bhí na
Gaill tnáite, leis, agus bhí fonn ortha shiothcháin
a dhéanamh le hÓ Néill, acht ní le grádh dhó ná ar
mhaithe leis. Do deineadh an tsíothcháin ar
choinghiallachaibh fabharamhail go leor d'Ó Néill.
Acht ba ghearr gur fuaradh leathsgéal éigin eile
chun an díbirt ar fad do chur ar Ó Néill agus ar
na taoiseachaibh ba chródha i nÉirinn, agus
b'éigin dóibh teitheadh as an dtír ar fad.



Bhí Éire agus a sean-dlighthe agus sean-nósa
claoidhte annsoin, agus dlighe Shasana agus nósa
Shasana n- n-ionad, agus sin mar atá an sgéal
fós mar gheall ar feall na Sasanach ar feadh 500
bliaidhain agus breall na nGaedheal ag troid
agus ag clampar eatortha féin agus brath ar
chabhair iasachta chun na tíre do shaoradh, i n-ionad
bheith ag brath ortha fein amháin, agus ar Dhia.



Acht anois, ó tá cuid againn ag tosnughadh
ar na sean-nósa do chleachtadh arís agus ar
bheith ag brath orainn féin, b'fhéidir gur bh'fhiú le
Dia an tír seo do shaoradh ar son na bhfíor-
Ghaedheal arís, agus go mbeadh deire le sainnt
agus cealg na Sasanach san tír agus go
mbeadh sí 'n-a Tír na nÓg againn os comhair an
tsaoghail.



Máire Ní Shíthe













19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services