Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Machtnamh ar Chath Chionn tSáile I
Title
Machtnamh ar Chath Chionn tSáile I
Author(s)
Ní Shíthe, Máire,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Machtnamh ar Chath Chionn tSáile I. I ndeire na seiseadh aoise déag is í an Bhainríoghain Eilís a bhí 'na bainríoghain ar Shasana. Bhí dallsmacht ar mhuinntir na hÉireann le fada. Ní raibh ó Shasana acht na Gaedhil do dhíbirt, agus talamh na hÉireann do bheith ag a sliocht sanntach féin. Ba chuma cionnas a chuirfidís chun é sin do dhéanamh — le feall nó le gliocas cealgach éigin an tslighe a b'fhearr leo i gcomhnaidhe ó'n gcéad lá a bhuaileadar cos ar thalamh tirim na hÉireann. Do rachaidís ós íseal ag triall ar thaoiseach Gaedhealach; 'neosaidís na bréaga móra damanta dhó — go raibh an té seo áirithe ar intinn so agus súd do dhéanamh leis chun buntáiste d'fhagháil air. Chreideadh an t-amadán na sgéalta sleamhaine, agus thugadh sé léim as a chorp, agus thugadh sé na mionna móra nach mar sin bheadh an sgéal i n-aon chor; d'imthigheadh sé láithreach bonn, agus thosnuigheadh sé ar an bhfear eile gan mhoill, agus bhíodh sé 'n-a chogadh dearg eatortha sara mbeadh a fhios ag éinne cad fá ndear an gleo go léir ag an té a chuir ar siubhal é. Sin mar a bhí an sgéal i n-aimsir Éilíse, leis. Agus bhí nós eile aca an uair sin, 'na theannta soin, chun clampar do bhuanaghadh i meag Gaedheal. Do chuireadh taoiseach a bheadh i bhfabhar na nGall mac leis ar oileamhaint anonn go cúirt na Sacsan. Ar ball, nuair a bheadh an mac san 'na fhear, chuirfidhe mar thaoiseach fé dhlighe agus fé choimirce Shasana ar dhúthaigh a shinnsear é i gcoinnibh taoisigh a thoghadh na daoine féin. B'in cúis mhór easaontais. Go deimhin féin, ní ró-dheacair easaontas do chur ar siubhal idir Ghaedhealaibh i gcomhnaidhe riamh. Táid siad ró-theasaidhe ró-thógálach ar fad. Duine de na taoiseachaibh seo a hoileadh i gcúirt na Sacsan do b'eadh Aodh Ó Néill. D'fhoghlaim sé cleas agus gach gliocas ar féidir leo a mhúineadh dó. Peata le hEilís do b'eadh é. Tháinig sé go hÉirinn, agus do deineadh Iarla Ó Néill de do réir dhlighe Shasana, agus do mhair sé i measg a mhuinntire féin mar Ghall-Ghaedheal ar feadh tamaill mhaith. Acht ambasa, bhí a chroidhe agus a nádúr Gaedhealach i gcomhnaidhe, agus ba ghearr go raibh sé ar an namhaid ba thréine dá raibh ag Eilís i nÉirinn, i n-ionad maitheas do dhéanamh do chúis na Sacsan, is amhlaidh a dhein an tabhairt suas a tugadh air thall díoghbháil mhór dóibh mar gach cleas a fhoghlaim sé uatha d'iompaigh sé 'na gcoinnibh é anois. Do chruinnigh sé furmhór taoiseach na hÉireann i n-aon chumann amháin. Ní raibh aon chomhacht i n-aon chor ag Sasana i gCúige Uladh tar éis catha Bhéal Átha Bhuidhe, agus deir stairidhthe ná féadfadh aon tsluagh saighdiúirí Sasanacha cath do sheasamh ar fuaid na hÉireann sa mbliadhain 1599. Bhí cumhacht ag Ó Néill ar fuid na tíre go léir, acht amháin i dtrí nó ceathair de bhailtibh móra go raibh saighdiúirí Shasanacha ionnta. Acht ní gan fuil do dhortadh a bhogfadh Eilís d'á greim ar an dtír seo. B'áil léi sin, go deimhin. Do chuir sí féin agus a comhairleoirí le chéile chun cumhacht Uí Néill do bhriseadh. Do cuireadh an tIarla Essex anall, agus sluagh 20,000 fear aige. Ní raibh leath an oiread soin ag Ó Néill, ná ní raibh na húirlisí cogaidh aige chomh maith is bhí ag saighdiúirí Essex; acht bhí rud níos fearr aca — bhí an ceart aca, agus do dhein Ó Néill amadán d'Essex agus dá shluagh i ngach ball in ar bhuailea- dar um a chéile, agus Eilís ar buille thall agus í ag sgríobhadh gach litre níos buirbe 'ná a chéile chun Essex, dá ghríosughadh chun gníomh éigin a dhéanamh. Acht bhí Ó Néill ró-mhaith dhó, agu fé dheire thiar thall bhíodar ceapaithe ar síothcháin do dhéanamh, agus bhí Essex sásta; acht nuair airigh Eilís na coinghiallacha, bhí sí ar buille ar fad, agus sgríobh sí litir eile chun Essex, d'á aithisiughadh. Níor dhein sé pioc acht imtheacht anonn chun an sgéal go léir do mhínughadh dhí. Peata mór di b'eadh Essex go dtí so, acht ní labhfadh sí leis anois, agus ní leogfadh sí dhó teacht n-a radharc i n-aon chor. Gabhadh é, agus do cuireadh isteach sa “Túr” é, agu do baineadh an ceann de'n duine míofhortúnach nuair nár fhéad se an lámh uachtair d'fhagháil ar Ó Néill. Sa bhliadhain 1600, chuaidh Ó Néill agus a shluagh tré Éirinn go léir chun caradas do bhuanughadh idir Ghaedhealaibh. Turas go Mainistir na Croise Naomhtha a thug sé ar a chuairt. D'fhanadar trí seachtamhaine i nInis Cairte ar an Laoi i n-aice Chorcaighe i gcomhairle le taoiseachaibh na Mumhan. Do cuireadh Mounjoy anall go hÉirinn anois mar Thighearna Ionaid, agus Cariú mar Uachtarán na Mumhan, agus a cheacht foghlumtha go maith ag ceachtar aca ar cionnus a chuirfidís chun Éire do chlaoidhe. Bhí cead aca an oiread airgid is ba mhaith leo a chaitheamh ar bhreabannaibh, agus cead aca an oiread saighdiúirí agus lón cogaidh is ba mhaith leo do tharrac chuca. Fear cealgach lúbach neamhthrócaireach do b'eadh gach duine aca, ba chuma leis cionnus a dheineadh sé a obair acht go mbeadh sé déanta. Mar shompla; sgríobh duine aca litreacha, agus chuir sé ainm Iarla Dheas Mhumhan leis na litreacha. 'Sé an cunntas a bhí ionnta 'na go raibh an tIarla ullamh ar a chomhthaoiseach Ó Conchubhar a thabhairt suas do'n Tighearna Ionaid. Taisbeánadh na litreacha do Ó Conchubhar mar dh'eadh gur b' é an tIarla féin a sgríobh iad, agus do cuireadh suas é an tosach do bheith aige féin ar an Iarla agus do gealladh míle punt mar bhreab dó dá ndéanfadh sé é. Do dhein an cleas an gnó go háluinn. Chreid Ó Conchubhar go raibh an tIarla ar tí an feall do dhéanamh. Níor chaill sé nóimeat. Thug sé an tIarla suas 'n-a phríosúnach do'n Tighearna Ionaid, agus bhí sé féin agus a mhuintir fé n'a choimirce as soin amach. B'é an sgéal céadna díreach ag a lán taoiseach eile. Bhí na litreacha bréagacha agus na breabanna go flúirseach ag na Gallaibh, agus bhí na Gaedhil chomh baothchreidmheach is bhíodar riamh, go bhfóiridh Dia orainn. Sin mar a dhein Mountjoy an obair go raibh na daoine thoir, thiar, thuaidh, agus theas i gcoinnibh a chéile agus gan ionntaoibh ag éinne aca as an gcuid eile acht fíor bheagán. Annsoin, nuair a shaoil sé go raibh gach nidh chun a thola aige, chuir sé sluagh saighdiúirí ar machaire an chomhraic i ngach áird d'Éirinn sa mbliadhain 1601. Bhí Aodh Ó Néill agus Aodh Ó Domhnaill dílis dá dtír agus dá chéile i gcomhnaidhe. Bhí Cúige Uladh dá chosaint aca go cródha, agus gan aon bhuntáisde faghálta ag na Gallaibh ortha fós; acht bhí na saighdiúirí Gaedhealacha tnáite tuirseach. Anois tháinig an sgéal áthasach — go raibh súil leis le fada — go raibh cabhlach Spáinneach tagaithe i dtír i gCionn tSáile chun cabhair do thabhairt do Ghaedhealaibh. I mí Mheadhon an Fhoghmhair do b'eadh é seo. Bhí na Gaill i gcomhairle i gCill Chainnigh nuair d'airigheadar an sgéal. Bhuir sé sgannramh ortha, agus chinneadar ar na sluaightibh go léir do chur ó dheas go Cúige Mumhan i gcomhair an gheimhridh, agus iarracht thréan do dhéanamh ar chumhacht na nGaedheal agus a gcairde do bhriseadh ar chuma éigin. Do cuireadh cabhlach tréan go Cionn tSáille. Ba ghearr go rabhadar 'n-a thimcheall amuigh ar fhairrge, agus bhí sluagh míle go leith saighdiúirí Gallda 'n-a thimcheall ar an dtír. I n-ionad an maitheas a dhéanamh, is amhlaidh a chuir an sluagh seo a tháinig ó'n Spáinn an donas ar fad ar Éirinn. I ngach litir a sgríobh Ó Néill chun Rí na Spáinne, bhíodh sé ag áiteamh air, dá gcuirfeadh sé sluagh cúig míle fear go hÉirinn gur i n-áit éigin i gCúige Uladh a b'fhearr dóibh teacht i dtír, mar bheidís i measg carad; acht nár b'aon mhaitheas sluagh níos lugha 'ná ocht nó deich míle fear do theacht i dtír i gCúige Mumhan, mar bhí cumhacht na nGall níos treise i gCúige Mumhan 'ná i n-aon áit eile de'n tír an t-am san. Acht níor deineadh rud ar Ó Néill. Cé go raibh sé míle fear ag fágaint na Spáinne fé Dhon Juan del Aguila, d'imthigh so is súd ortha i gcás ná raibh acht a leath aige nuair shroich sé Cionn tSáille. Rud eile, níor bh'fhear oireamhneach do'n obair seo Don Juan. Saighdiúir maith do b'eadh é, acht bhí sé teasaidhe tógálach uaibhreach gruamdha. Níor airigh sé focal mar gheall ar an saghas oibre a bhí ar siubhal ag Uachtarán Cariú roimh an gcogadh, nó níor thuig sé cad é an saghas duine é. I n-ionad cairde a bheith roimhis, is amhlaidh a bhí naimhde 'na thimcheall ar tír agus ar muir. Sgríobh sé go feargach chun Ó Néill a fhiafruighe de an raibh sé ag teacht chun cabhruighthe leis. Cé gur thuig Ó Néill agus Ó Domhnaill go gcuirfeadh sé an donas ar fad ortha féin agus ar a saighdiúirí gabháil ó dheas i lár an gheimhridh agus iad chomh tnáithe buailte amach soin cheana, thuigeadar leis dá bhfanfaidís ó thuaidh go mbeadh an sgéal níos measa. Bhí a fhios aca cad é an saghas Cariú, agus go raibh sé cheana féin a d'iarraidh Don Juan do mhealadh chun imtheacht leis abhaile. Chuir Don Juan sgéal ó thuaidh, mara dtiocfaidís i gcionn tréimhse áirithe, go ngéillfeadh sé féin do Cariú. Máire Ní Shíthe
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services