Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Machtnamh ar Chath Chionn tSáile I

Title
Machtnamh ar Chath Chionn tSáile I
Author(s)
Ní Shíthe, Máire,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Machtnamh ar Chath Chionn tSáile



I.



I ndeire na seiseadh aoise déag is í an
Bhainríoghain Eilís a bhí 'na bainríoghain ar
Shasana. Bhí dallsmacht ar mhuinntir na hÉireann
le fada. Ní raibh ó Shasana acht na Gaedhil do
dhíbirt, agus talamh na hÉireann do bheith ag a
sliocht sanntach féin. Ba chuma cionnas a
chuirfidís chun é sin do dhéanamh — le feall nó
le gliocas cealgach éigin an tslighe a b'fhearr
leo i gcomhnaidhe ó'n gcéad lá a bhuaileadar cos
ar thalamh tirim na hÉireann. Do rachaidís ós
íseal ag triall ar thaoiseach Gaedhealach;
'neosaidís na bréaga móra damanta dhó — go
raibh an té seo áirithe ar intinn so agus súd
do dhéanamh leis chun buntáiste d'fhagháil air.
Chreideadh an t-amadán na sgéalta sleamhaine,
agus thugadh sé léim as a chorp, agus thugadh sé
na mionna móra nach mar sin bheadh an sgéal
i n-aon chor; d'imthigheadh sé láithreach bonn, agus
thosnuigheadh sé ar an bhfear eile gan mhoill,
agus bhíodh sé 'n-a chogadh dearg eatortha sara
mbeadh a fhios ag éinne cad fá ndear an gleo
go léir ag an té a chuir ar siubhal é.



Sin mar a bhí an sgéal i n-aimsir Éilíse, leis.
Agus bhí nós eile aca an uair sin, 'na theannta
soin, chun clampar do bhuanaghadh i meag
Gaedheal. Do chuireadh taoiseach a bheadh i bhfabhar
na nGall mac leis ar oileamhaint anonn go
cúirt na Sacsan. Ar ball, nuair a bheadh
an mac san 'na fhear, chuirfidhe mar thaoiseach fé
dhlighe agus fé choimirce Shasana ar dhúthaigh a
shinnsear é i gcoinnibh taoisigh a thoghadh na daoine
féin. B'in cúis mhór easaontais. Go deimhin
féin, ní ró-dheacair easaontas do chur ar siubhal
idir Ghaedhealaibh i gcomhnaidhe riamh. Táid siad
ró-theasaidhe ró-thógálach ar fad.



Duine de na taoiseachaibh seo a hoileadh i
gcúirt na Sacsan do b'eadh Aodh Ó Néill.
D'fhoghlaim sé cleas agus gach gliocas ar
féidir leo a mhúineadh dó. Peata le hEilís do
b'eadh é. Tháinig sé go hÉirinn, agus do
deineadh Iarla Ó Néill de do réir dhlighe Shasana,
agus do mhair sé i measg a mhuinntire féin mar
Ghall-Ghaedheal ar feadh tamaill mhaith. Acht
ambasa, bhí a chroidhe agus a nádúr Gaedhealach i
gcomhnaidhe, agus ba ghearr go raibh sé ar an
namhaid ba thréine dá raibh ag Eilís i nÉirinn,
i n-ionad maitheas do dhéanamh do chúis na Sacsan,
is amhlaidh a dhein an tabhairt suas a tugadh air
thall díoghbháil mhór dóibh mar gach cleas a
fhoghlaim sé uatha d'iompaigh sé 'na gcoinnibh é
anois. Do chruinnigh sé furmhór taoiseach na
hÉireann i n-aon chumann amháin. Ní raibh aon
chomhacht i n-aon chor ag Sasana i gCúige Uladh
tar éis catha Bhéal Átha Bhuidhe, agus deir
stairidhthe ná féadfadh aon tsluagh saighdiúirí
Sasanacha cath do sheasamh ar fuaid na hÉireann
sa mbliadhain 1599.



Bhí cumhacht ag Ó Néill ar fuid na tíre go
léir, acht amháin i dtrí nó ceathair de bhailtibh
móra go raibh saighdiúirí Shasanacha ionnta.
Acht ní gan fuil do dhortadh a bhogfadh Eilís d'á
greim ar an dtír seo. B'áil léi sin, go deimhin.
Do chuir sí féin agus a comhairleoirí le chéile chun
cumhacht Uí Néill do bhriseadh. Do cuireadh an
tIarla Essex anall, agus sluagh 20,000 fear aige.
Ní raibh leath an oiread soin ag Ó Néill, ná ní
raibh na húirlisí cogaidh aige chomh maith is bhí
ag saighdiúirí Essex; acht bhí rud níos fearr aca
— bhí an ceart aca, agus do dhein Ó Néill amadán
d'Essex agus dá shluagh i ngach ball in ar bhuailea-
dar um a chéile, agus Eilís ar buille thall agus í ag
sgríobhadh gach litre níos buirbe 'ná a chéile chun
Essex, dá ghríosughadh chun gníomh éigin a dhéanamh.
Acht bhí Ó Néill ró-mhaith dhó, agu fé dheire thiar
thall bhíodar ceapaithe ar síothcháin do dhéanamh,
agus bhí Essex sásta; acht nuair airigh Eilís
na coinghiallacha, bhí sí ar buille ar fad, agus
sgríobh sí litir eile chun Essex, d'á aithisiughadh.
Níor dhein sé pioc acht imtheacht anonn chun an
sgéal go léir do mhínughadh dhí. Peata mór di
b'eadh Essex go dtí so, acht ní labhfadh sí leis
anois, agus ní leogfadh sí dhó teacht n-a radharc
i n-aon chor. Gabhadh é, agus do cuireadh isteach
sa “Túr” é, agu do baineadh an ceann de'n
duine míofhortúnach nuair nár fhéad se an lámh
uachtair d'fhagháil ar Ó Néill.



Sa bhliadhain 1600, chuaidh Ó Néill agus a
shluagh tré Éirinn go léir chun caradas do
bhuanughadh idir Ghaedhealaibh. Turas go
Mainistir na Croise Naomhtha a thug sé ar a
chuairt. D'fhanadar trí seachtamhaine i nInis
Cairte ar an Laoi i n-aice Chorcaighe i gcomhairle
le taoiseachaibh na Mumhan.



Do cuireadh Mounjoy anall go hÉirinn anois
mar Thighearna Ionaid, agus Cariú mar Uachtarán
na Mumhan, agus a cheacht foghlumtha go maith
ag ceachtar aca ar cionnus a chuirfidís chun
Éire do chlaoidhe. Bhí cead aca an oiread airgid
is ba mhaith leo a chaitheamh ar bhreabannaibh, agus
cead aca an oiread saighdiúirí agus lón cogaidh
is ba mhaith leo do tharrac chuca. Fear cealgach
lúbach neamhthrócaireach do b'eadh gach duine aca,
ba chuma leis cionnus a dheineadh sé a obair acht
go mbeadh sé déanta. Mar shompla; sgríobh
duine aca litreacha, agus chuir sé ainm Iarla
Dheas Mhumhan leis na litreacha. 'Sé an
cunntas a bhí ionnta 'na go raibh an tIarla ullamh
ar a chomhthaoiseach Ó Conchubhar a thabhairt suas
do'n Tighearna Ionaid. Taisbeánadh na litreacha
do Ó Conchubhar mar dh'eadh gur b' é an tIarla
féin a sgríobh iad, agus do cuireadh suas é an
tosach do bheith aige féin ar an Iarla agus do
gealladh míle punt mar bhreab dó dá ndéanfadh
sé é. Do dhein an cleas an gnó go háluinn.
Chreid Ó Conchubhar go raibh an tIarla ar tí an
feall do dhéanamh. Níor chaill sé nóimeat.
Thug sé an tIarla suas 'n-a phríosúnach do'n
Tighearna Ionaid, agus bhí sé féin agus a
mhuintir fé n'a choimirce as soin amach. B'é
an sgéal céadna díreach ag a lán taoiseach eile.
Bhí na litreacha bréagacha agus na breabanna
go flúirseach ag na Gallaibh, agus bhí na
Gaedhil chomh baothchreidmheach is bhíodar riamh,
go bhfóiridh Dia orainn.



Sin mar a dhein Mountjoy an obair go raibh na
daoine thoir, thiar, thuaidh, agus theas i gcoinnibh
a chéile agus gan ionntaoibh ag éinne aca as an
gcuid eile acht fíor bheagán. Annsoin, nuair a
shaoil sé go raibh gach nidh chun a thola aige, chuir sé
sluagh saighdiúirí ar machaire an chomhraic i ngach
áird d'Éirinn sa mbliadhain 1601.



Bhí Aodh Ó Néill agus Aodh Ó Domhnaill dílis dá
dtír agus dá chéile i gcomhnaidhe. Bhí
Cúige Uladh dá chosaint aca go cródha, agus gan
aon bhuntáisde faghálta ag na Gallaibh ortha
fós; acht bhí na saighdiúirí Gaedhealacha tnáite
tuirseach. Anois tháinig an sgéal áthasach — go
raibh súil leis le fada — go raibh cabhlach
Spáinneach tagaithe i dtír i gCionn tSáile chun
cabhair do thabhairt do Ghaedhealaibh. I mí
Mheadhon an Fhoghmhair do b'eadh é seo. Bhí na
Gaill i gcomhairle i gCill Chainnigh nuair
d'airigheadar an sgéal. Bhuir sé sgannramh
ortha, agus chinneadar ar na sluaightibh go léir
do chur ó dheas go Cúige Mumhan i gcomhair an
gheimhridh, agus iarracht thréan do dhéanamh ar
chumhacht na nGaedheal agus a gcairde do
bhriseadh ar chuma éigin. Do cuireadh cabhlach
tréan go Cionn tSáille. Ba ghearr go rabhadar
'n-a thimcheall amuigh ar fhairrge, agus bhí sluagh
míle go leith saighdiúirí Gallda 'n-a thimcheall
ar an dtír.



I n-ionad an maitheas a dhéanamh, is amhlaidh
a chuir an sluagh seo a tháinig ó'n Spáinn an
donas ar fad ar Éirinn. I ngach litir a sgríobh
Ó Néill chun Rí na Spáinne, bhíodh sé ag áiteamh
air, dá gcuirfeadh sé sluagh cúig míle fear go
hÉirinn gur i n-áit éigin i gCúige Uladh a
b'fhearr dóibh teacht i dtír, mar bheidís i measg
carad; acht nár b'aon mhaitheas sluagh níos
lugha 'ná ocht nó deich míle fear do theacht i dtír
i gCúige Mumhan, mar bhí cumhacht na nGall
níos treise i gCúige Mumhan 'ná i n-aon áit eile
de'n tír an t-am san. Acht níor deineadh rud ar
Ó Néill. Cé go raibh sé míle fear ag
fágaint na Spáinne fé Dhon Juan del Aguila,
d'imthigh so is súd ortha i gcás ná raibh acht a
leath aige nuair shroich sé Cionn tSáille. Rud
eile, níor bh'fhear oireamhneach do'n obair seo
Don Juan. Saighdiúir maith do b'eadh é, acht bhí
sé teasaidhe tógálach uaibhreach gruamdha. Níor
airigh sé focal mar gheall ar an saghas oibre a
bhí ar siubhal ag Uachtarán Cariú roimh an
gcogadh, nó níor thuig sé cad é an saghas duine é.
I n-ionad cairde a bheith roimhis, is amhlaidh a bhí
naimhde 'na thimcheall ar tír agus ar muir.
Sgríobh sé go feargach chun Ó Néill a fhiafruighe
de an raibh sé ag teacht chun cabhruighthe leis.
Cé gur thuig Ó Néill agus Ó Domhnaill go
gcuirfeadh sé an donas ar fad ortha féin agus
ar a saighdiúirí gabháil ó dheas i lár an gheimhridh
agus iad chomh tnáithe buailte amach soin cheana,
thuigeadar leis dá bhfanfaidís ó thuaidh go mbeadh
an sgéal níos measa. Bhí a fhios aca cad é an saghas
Cariú, agus go raibh sé cheana féin a
d'iarraidh Don Juan do mhealadh chun imtheacht
leis abhaile. Chuir Don Juan sgéal ó thuaidh,
mara dtiocfaidís i gcionn tréimhse áirithe, go
ngéillfeadh sé féin do Cariú.



Máire Ní Shíthe










19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services