Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cuairt an Oireachtais - Dún Baoi
Title
Cuairt an Oireachtais - Dún Baoi
Author(s)
Ó hAnnracháin, Peadar,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cuairt an Oireachtais Dún Baoi I nDún Baoi i mBéara dhom, 24.9.'09. Fá sgáth na gcrann atáim ghá sgríobhadh so annso i nDún Baoi indiu. Is aoibhinn an uain í, agus is áluinn an ball é. An ghaoth agus an ghrian díreach mar ba mhaith le duine iad do bheith. Féar glas agus eidhnéan fúm — lomra breagh dhíobh fithte 'na chéile; na géaga os mo chionn agus na billeoga dhá gcoruighe ag an ngaoith, agus foth-bhilleog ag titim orm, agus im' thimpeall. Bhí a lá aca soin ach tá sé caithte aca anois; táid ag feochadh agus ag donnughadh, agus ní fada go sathalóchar orthu agus meilth- fear iad. Acht tá na mílte eile des na billeoga os mo chionn, cuid aca glas cuid aca breac nó ag breacadh agus a lán aca ar dhath an óir bhuidhe. Is gleoidhte an crot atá ar na crannaibh indiu. Is deas an áit Dún Baoi i mBéara chun tamall do chaitheamh ann ag sgríobhadh Gaedhilge mar cé gur i seilbh na nGall atá áitreabh Uí Shúilleabháin indiu, agus cé gur Sacs-Bhéarla an gnáth urlabhra a cloistear san mball so lem'air, níl an Gaedheal beo ná spreagfadh sé chun saothair é tamall do chaitheamh ag siubhal ar fuid a bhuill mar a bhfuilim. Acht sgéal thairis sin dúinn anois. Ba bhreagh an rás do bhí ó bharra an chnuic go ruig a bhun agus sinn ceann lomnochta. Tá Teach na nGealt ar an taoibh shoir de'n bhóthar soin; tamall amach ó'n sráid sin Leitir Cheannaigh, agus tá feirm mhór ag gabháil leis. Cheapas gur daoine cosamhail le saighdiúirí chonac ag geata eile idir an teach soin agus an tsráid, acht bhí árd thiomáint fúm, agus nuair fhéachas an dara huair ní fhaca acht asal agus cúpla muc mar a cheapas na saighdiúirí do bheith. Is deas an tÁird-Teampall atá sa tsráid. Chaitheas tamall istigh ann anuiridh acht ní dhearnamar acht súil fhéachaint do thabhairt air i mbliadhna toisg deabhadh do bheith orainn. Ní dheachamar isteach i n-aon tigh ann acht i dtigh bhearrbóra, agus ní ró fhada chaitheamar annsoin féin. Chaitheamar tamaillín ag port an bhóthair iarainn agus bhuail daoine umainn ann do bhí ag dul do dtí Cloch Cheann Fhaolaigh agus mórán málaí agus bosgaí aca agus Béarla ghá labhairt le chéile aca. Ní chualamar focal Gaeidhilge sa tsráid. Ba dheise an snódh do bhí ar an dúthaigh dar linn agus sinn ag imtheacht soir an tráthnóna soin ná mar a bhí dhá lá roimis sin ag teacht anoir dúinn. An aimsir fá ndeara an t-athrughadh snódh. Is mór an deifríocht atá idir an dhá ní sin — an ghrian, agus an bháisteach. Bhí an ceann do b'fhearr aca againn an turas so acht ní fada chuadhmar nuair a d'imthigh sí i bhfolach uainn taobh thiar de shléibhte Dhún na nGall. Bhí ciúineas agus deiseacht mar chuideachtain againn, agus is beag té ná taithneann an chuideachta soin leis. Ní fhacamar Loch Súilig Diardaoin de dheasgaibh na báistighe do bhí 'gár gcaochadh acht chonacamar Dia Sathuirn é agus é agus is é do bhí go mata agus go gléineach. Nach san loch do fuair na Gaill fhealltacha greim ar Aodh Ruadh trí chéad as dá bhliadhain as fiche ó shoin? Mhuise mo mhallacht ar an sórd soin feille agus níor theip a leithéid riamh ar Ghallaibh. Trí chéad bliadhan do stróicfí bratach Sheáain Bhuidhe sa duthaigh sin dá n-árdtaí i n-aon bhall ann é. Bhailigheamar linn gan puinn cainnte againn mar is beag ná rabhamar tuirseach. Bhí cailín óg go raibh rothar aicí mar chuideachtain tamall. Níor thuig sí acht cúpla focal Gaedhilge gur mhaith léi í bheith aicí acht ní raibh aon scoil Ghaedhilge i n-athchumaireacht di. Chúig mhíle ó Leitir Cheannaigh do chomhnaigh sí. Bhí boladh an lín a bhí ar maoth, go trom san aer ar feadh a lán de'n tsligh as san go Leith bhearr. Bhí na soillse ar lasadh sa tsráid sin sul ar shroicheamar an áit. Thar droichead anonn go dtí an Sruth-Bhán linn agus sinn ag rothuidheacht cé nach raibh lampa ná lóchrann againn. “Ba bhreagh an ball an leabaidh anois,” arsa sinne araon, tráth bhí ár séire caithte agus beagán cainnte ráidhte i dtaobh ar thuit amach dúinn le dhá lá, agus i dtaobh cad ba chóir dúinn a dhéanamh ar maidin an lae do bhí chugainn. Ghlacamar ár g-cómhairle féin agus ba ghearr go rabhmar sínte thorainn ar chothrom sa tsúsa. Ar bharr Chill' an chnuic. Maidin ghrianmhar aoibhinn do b'eadh maidin an Domhnaigh; nó, fá mar do chuirfeadh Ultach é — do bhí maidin deas ghrianmhar ann. Bhí beirt nó triúr ag port an bhóthair iarainn i Srath Bán go raibh aithne aca orainn. Bhí Gaedhilg aca leis agus bhí daoine eile ag éisteacht linn ag cómhrádh le chéile nár thuig ár gcainnt chor ar bith. D'fhág ár dtraen an áit ag a hocht do chlog agus bhíomar ag Bóthar Droma Mhóir inaice Chille Sgíre i gceann cúpla úair an chluig. Tráthnóna an lae sin do bhí ceapaithe le haghaidh na haerídheachta ar bharr an chnuic. Ag a dó a' chlog thosnuigh na daoine ar ghluaiseacht leó fá dhéin an bhuill sin. Bóthar an phortaigh fo dheas ó Thrí Líaga chuaidh muinntir ár n-áite; ag coisidheacht a bhí a bhfurmór, acht bhí cóistí ag cuid aca, agus do ghluais roinnt díobh ar rotharaibh. Ní raibh aoinne gan compánach. I ngluaiseacht beirte agus i ngluaiseacht triúir is eadh bhí go leor aca ag imtheacht ní dheachaidh puinn ann gan daoine rómpa amach agus tuille ar bhog-shodar na ndiaidh. Is dócha ná raibh triúr gan ciarsúirí ghá gcimilt d'á n-éadanaibh sar a rabhadar leith-shligh. Bhí ana bhrothal go deo ann, agus gan an oiread gaoithe ann a's do sguabfadh deatach chun siubhail d'aon taobh do dhroim simné. Faid do bhí ár mbuidheannta agus agus ár ndíormaí ag dul fó dheas bhí tuille ag teacht a ndeas agus sluaighte anoir agus cuid mhaith aniar. Iad san ba thúisge do bhí ar mhullach an chnuic bhí radarc deas le feicsint aca agus gan féachaint ar aon nidh acht amháin ar na céadta do bhí a' teacht aníos gach slios de'n chnoc. Bhí mná óga agus hataí bána ortha, agus bhí mná ann agus hataí dubha ortha; acht, buidheachas le Dia is mó fá sheacht de mhnáibh a's do chailínibh do bhí a' teacht gan hataí bána ná hataí dubha ná aon tsórd hataí eile ortha. Bhí mórán fear sa tsiubhal aníos, freisin, agus iomad garsún, agus foth dhuine críonna agus corr-bhean aosta 'na measg. Ní dócha gur ar na daoinibh do bhí chuid againn ag féachaint acht ar an ndúthaigh fhairsing do bhí 'nár dtimcheall. Tamall maith siar bhí rud ana gheal le feicsint, agus cnuic agus cruinn len' ais. Uisge Locha Éirne do bhí ann, agus an ghrian ghá ghealadh; agus sléibhte Bhréifne, do réir mar chualadh, tamall siar agus taobh theas de. Bhí Pilib agus Seáan ag cur focal le chéile i bhfuirm bhéarsaí mar gheall ar an áit sin tamall, acht ní chuimhin liom puinn dá ndubharadar acht amháín an méid seo:- A bheann breaghtha Bhréifne, Is áilne cruth is féachaint, Ba bhinn linn féin ár laetha, do chaitheamh le mbúr dtaoibh; Is uasal árd 's is péacach, gach beann fá chulaith de'n fhraoch dheas, Is cár bh'fhearr linn bheith sa tsaoghal so, Ná ar leacáin díobh 'n-ár luidhe. Leanadar air ar feadh sealaid éigin, acht ní fhuaras aon ghreim ar chuid dá gcainnt. Ní dócha go raibh aon ró-treo uirthi, ach chuireadar beagán eile le chéile mar seo:— Deirimíd is ní bréag é, go bhfeicfear brat na hÉireann, Ghá luasgadh arís le réim cheart, Thar Bhréifne na Laoch; Is beidh an teanga bhinn labhair Gaedheal Glas, 'ghá canadh arís le héifeacht, I measg na mílte dtréin-fhear, Is lucht Béarla gan bhrigh. Ní déarfainn go stadfaidís gus an oidhche muna mbeadh go dtáinig sluagh na dtimcheall a bhain radharc na gcnoc díobh. “Sin é Fear Monach fo dheas faid ár radhairc uainn,” arsa cailín beag aca so ó Thrí Líag ná labharfadh Béarla le duine ar bith go bhfuil an teanga eile aige, agus lean sí uirthi ag cur síos ar na ballaibh go léir go raibh radharc ó'n gcnoc ortha. Bhí liath-cheo sgáinneach mar Chúmhdach ar ballaibh áirighthe ag bun na spéire, agus ceo bán agus fionna-sgamaill sa spéir i n-áiteannaibh eile i dtreo is gur dheacair do dhuine a fhios do bheith ró-chruinn aige cia'ca sléibhte nó sgamaill nó stríocaí talmhan nó coillte nidhthe áirighthe do chidheadh sé idir spéir agus talamh i bhfad uaidh. Bhí daoine ann go raibh raibh sé mar chúram ortha bheith ag iarraidh a dtighthe féin do fheicsint agus do thaisbeáint dá chéile. Bhí daoine ann gan de chúram ortha acht bheith sínte ar an bhfraoch ag caitheamh tobac, agus ag cainnt agus ag féachaint ar an spéir, agus uaireanta air a chéile. Tháinig daoine chugainn gan ghnó eile acht chun a fhios d'fhaghail ar cad é an gnó do bhí ag gcomharsanaibh san áit. Ní dócha liom go raibh a fhios ró chruinn ag neach ar bith do tháínig go ruig an ionad cad do dhéanfaí ann tar éis teacht i bhfochair a chéile. Tá an claidhe teorann idir an dhá chonndae .i. Tír Eoghain agus Fear Monach ar bharra an chnuic 'n-a rabhamar. Bhí go leor daoine ar an gclaidhe sin, agus d'fhan cuid aca ann an faid a bhí cuid de'n spóirt ar siubhal, acht bhogadar a leith chugainn tar éis tamaill. I dTír Eoghain a bhí lucht an cheoil cruinnighthe agus a n-aighthe siar agus iad ag breathnughadh ar bhreaghacht na gréine fá 'n-a cumhdach dheirg. Na daoine a bhí ar an gclaidhe sin b' ana-chosamhail iad leo so atá ar chlaidhe eile againn go ró-fhada gan ar siubhal aca acht ag tabhairt fá ndeara gach aon ghníomh ciotach a dheineann na daoine atá ag saothrughadh sa pháirc lena n-ais. Tháinig a bhfurmhór san 'n-ár dtreo-na tar éis tamaill dóibh idir dhá streo. Táthar so eile ag teacht anuas de'n chlaidhe leis, agus tá sórd náire anois ortha toisg ná tánadar níos túisge. Amhráin agus aithristí ag óráidí do bhí mar spóirt a's caitheamh aimsire againn. Ní raibh crot ró-mhaith ar fad ar an ngnó dtosach acht níorbh ghearánta d'á dheire. Muna mbeadh Áine Ní Oisín agus an Cairbríneach úd ní bheadh an sgéal ró-mhaith aca is baoghalach, acht dheideadar- san araon cion miothaile. Is fada ná raibh árdán chomh hárd fútha agus bhí an uair sin. Is fad a bheadh fir an domhain i bhfeidhil árdáin sul a mbeadh sé leath chomh hárd ná leath chomh mór leis an stáitse úd .i. an cnoc. Tugaim fá ndeara gun sgríobhas beagán tuairisgí im ' leabhar an lá soin. Mar seo leanas atá sé :— Lá le Muire 'óg “Bhí paidreacha t'réis an Aifrinn i gCill Sgíre indiu againn a chuir ag machtnamh go mór mé. Ar son lucht na Gaedhilge do shothrughadh agus chun go mbeadh toradh ar shaothar na ndaoine atá ag obair ar son na Gaedhilge agus ar son déantúsaí na tíre is eadh toirbhireadh cuid aca. Ar bharra an chnuic tráthnóna. Cill an Chnuic ainm na háite ina bhfuilimíd. Bhí cill ann agus cuireadh cuirp fá'n gcré mar a bhfuil na clocha lem' ais. Nach deas an leabaidh dóibh é chun fanamhaint i gomhair na heiséirighe. Na daoine ag teacht aníos ó gach taobh, acht ó Chill Sgíre is eadh a bhfurmhór. Gan Gaeidhilg ag aon daoine ann acht ag aosa óga Chille Sgíre. Iongnadh- radharc aoibhinn ar Loch Éirne agus ar na cnuic atá san áird chéadna. Coillte, sléibhte, páirceanna glasa, guirt bhuidhe; garrdhtha beaga; portacha dubha, tighthe geala, cnocáin, gleannta, srutháin agus sráideanna. Chuaidh an ghrian i bhfolach cúpla uair le leath uair a' chluig, acht bhí teachtairí solusmhara ghá gcur go talamh aici an uair is mó a bhí sí fá sgamaill. Tá gathanna geal-órdha gréine mar mhéarannaibh oll-fhada, sáithte trí sgamallaibh liatha, ó'n spéir go huisge Loch Éirne agus go dtí an tír 'na thimcheall fá láthair. Ní fhéadaim gan buidheachas a thabhairt do'n Té do chruthaigh gach dá bhfuil annsoin shuas sa spéir agus annso shíos ar an dtalamh. Chruinnigh na Gaedhil i bhfochair a chéile ó chianaibh agus shuidheadar ar an bhfraoch mbog mothalach. Thosnuigh duine aca ar cheol a chanadh; ba ghearr gur thosnuigh beirt nó triúr eile ar bheith páirteach sa cheol. Níorbh' fhada go raibh an ceol 'na amhrán, agus an t-amhrán agus an ceol snaidhmthe go deas le chéile agus buidhean mhaith daoine ghá chanadh ar chomh-ghuth. Thosnaigh na daoine ar dhruideamhaint a leith fá dhéin an cheoil. Ba ghearr go raibh a raibh ar an bplásán timcheall lucht an chanta, ach níor chuir sin aon mhangairt ortha. Phreab Seáan na shuidhe; d'oscail a bhéal agus chan amhrán breagh meidhreach. Cloiseadh glór a bhinn-ghutha i bhfad uaidh agus níor bh'iongnadh é. Bhí daoine ag éisteacht nár chualaidh amhrán Gaedhilgená ná Béarla níos fearr ná é riamh. Thug Inghean Uí Oisín amhrán uaithe, agus shaoilfeá gur sidh-bhean cheolmhar éigin do bhí a tabhairt comhairle do Chlannaibh na nGaedheal í, agus í 'n-a seasamh annsoin ar turtóigín fraoich; culaith bhán uirthe; coróin dá gruaig dhuibh ar a ceann; an ceann féin árduighthe go huaibhreach is go huasal; meidhreacht ag lonnradh trí mhánlacht 'n-a gnúis agus 'n-a súilibh; agus binneas agus anamhlacht a gutha 'ghár sám- choruighthe agus 'ghár spreagadh.” Sin a raibh im' leabhar fá dtaobh de'n aeridheacht. Ar an gcnoc sgíobhas an méid sin. Bhí amhráin eile agus aithristí agus aon óráid mháin 'n-a dhiaidh sin. B'é deireadh na hóráide gur gheall cuid mhaith aca-soin a bhí ag éisteacht agus ná raibh aon Ghaedhilg aca go ndéanfaidís a ndícheall ar í fhoghlaim ó'n lá soin amach. Annsoin thug na daoine do bhí ann go raibh Gaedhilg aca geallamhain do- sgaoilte ná labharfaidís Béarla go bráth arís le chéile ná haoin-ne eile a thuigfeadh Gaedhilg uatha. Le linn na gealamhna sin do thabhairt bhí a lámha sínte fé dhéin na bhflaitheas aca mar chomhartha onóra do'n obair do bhí ar siubhal aca. Ghealladar, leis, do bheith fíor-Ghaedhealach i ngach cuma eile, agus a ndícheall do dhéanamh ar feadh a saoghail chun céasnaidhe na hÉireann do réidhteach, agus namhad na hÉireann do bhasgadh. Peadar Ó hAnnracháin
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services