Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuairt an Oireachtais - Dún Baoi

Title
Cuairt an Oireachtais - Dún Baoi
Author(s)
Ó hAnnracháin, Peadar,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cuairt an Oireachtais



Dún Baoi



I nDún Baoi i mBéara dhom, 24.9.'09. Fá
sgáth na gcrann atáim ghá sgríobhadh so annso
i nDún Baoi indiu. Is aoibhinn an uain í, agus
is áluinn an ball é. An ghaoth agus an ghrian
díreach mar ba mhaith le duine iad do bheith.
Féar glas agus eidhnéan fúm — lomra breagh
dhíobh fithte 'na chéile; na géaga os mo chionn
agus na billeoga dhá gcoruighe ag an ngaoith,
agus foth-bhilleog ag titim orm, agus im'
thimpeall. Bhí a lá aca soin ach tá sé caithte
aca anois; táid ag feochadh agus ag donnughadh,
agus ní fada go sathalóchar orthu agus meilth-
fear iad. Acht tá na mílte eile des na
billeoga os mo chionn, cuid aca glas cuid
aca breac nó ag breacadh agus a lán aca ar dhath
an óir bhuidhe. Is gleoidhte an crot atá ar na
crannaibh indiu. Is deas an áit Dún Baoi i
mBéara chun tamall do chaitheamh ann ag
sgríobhadh Gaedhilge mar cé gur i seilbh na nGall
atá áitreabh Uí Shúilleabháin indiu, agus cé
gur Sacs-Bhéarla an gnáth urlabhra a cloistear
san mball so lem'air, níl an Gaedheal beo ná
spreagfadh sé chun saothair é tamall do
chaitheamh ag siubhal ar fuid a bhuill mar a
bhfuilim.



Acht sgéal thairis sin dúinn anois.
Ba bhreagh an rás do bhí ó bharra an chnuic go
ruig a bhun agus sinn ceann lomnochta. Tá
Teach na nGealt ar an taoibh shoir de'n bhóthar
soin; tamall amach ó'n sráid sin Leitir Cheannaigh,
agus tá feirm mhór ag gabháil leis. Cheapas
gur daoine cosamhail le saighdiúirí chonac ag
geata eile idir an teach soin agus an tsráid,
acht bhí árd thiomáint fúm, agus nuair fhéachas
an dara huair ní fhaca acht asal agus cúpla muc
mar a cheapas na saighdiúirí do bheith. Is deas
an tÁird-Teampall atá sa tsráid. Chaitheas
tamall istigh ann anuiridh acht ní dhearnamar
acht súil fhéachaint do thabhairt air i mbliadhna
toisg deabhadh do bheith orainn. Ní dheachamar
isteach i n-aon tigh ann acht i dtigh bhearrbóra,
agus ní ró fhada chaitheamar annsoin féin.

Chaitheamar tamaillín ag port an bhóthair
iarainn agus bhuail daoine umainn ann do bhí
ag dul do dtí Cloch Cheann Fhaolaigh agus mórán
málaí agus bosgaí aca agus Béarla ghá labhairt
le chéile aca.

Ní chualamar focal Gaeidhilge sa tsráid.
Ba dheise an snódh do bhí ar an dúthaigh dar linn
agus sinn ag imtheacht soir an tráthnóna soin
ná mar a bhí dhá lá roimis sin ag teacht anoir
dúinn. An aimsir fá ndeara an t-athrughadh
snódh. Is mór an deifríocht atá idir an dhá
ní sin — an ghrian, agus an bháisteach. Bhí an
ceann do b'fhearr aca againn an turas so acht
ní fada chuadhmar nuair a d'imthigh sí i bhfolach
uainn taobh thiar de shléibhte Dhún na nGall.

Bhí ciúineas agus deiseacht mar chuideachtain
againn, agus is beag té ná taithneann an
chuideachta soin leis.

Ní fhacamar Loch Súilig Diardaoin de
dheasgaibh na báistighe do bhí 'gár gcaochadh acht
chonacamar Dia Sathuirn é agus é agus is é do bhí
go mata agus go gléineach. Nach san loch
do fuair na Gaill fhealltacha greim ar
Aodh Ruadh trí chéad as dá bhliadhain as fiche ó
shoin? Mhuise mo mhallacht ar an sórd soin
feille agus níor theip a leithéid riamh ar Ghallaibh.
Trí chéad bliadhan do stróicfí bratach
Sheáain Bhuidhe sa duthaigh sin dá n-árdtaí i
n-aon bhall ann é.

Bhailigheamar linn gan puinn cainnte againn
mar is beag ná rabhamar tuirseach. Bhí cailín
óg go raibh rothar aicí mar chuideachtain tamall.
Níor thuig sí acht cúpla focal Gaedhilge gur
mhaith léi í bheith aicí acht ní raibh aon scoil
Ghaedhilge i n-athchumaireacht di. Chúig mhíle ó
Leitir Cheannaigh do chomhnaigh sí.



Bhí boladh an lín a bhí ar maoth, go trom san
aer ar feadh a lán de'n tsligh as san go Leith
bhearr.

Bhí na soillse ar lasadh sa tsráid sin sul ar
shroicheamar an áit. Thar droichead anonn
go dtí an Sruth-Bhán linn agus sinn ag
rothuidheacht cé nach raibh lampa ná lóchrann againn.
“Ba bhreagh an ball an leabaidh anois,”
arsa sinne araon, tráth bhí ár séire caithte agus
beagán cainnte ráidhte i dtaobh ar thuit amach
dúinn le dhá lá, agus i dtaobh cad ba chóir dúinn
a dhéanamh ar maidin an lae do bhí chugainn.
Ghlacamar ár g-cómhairle féin agus ba ghearr go
rabhmar sínte thorainn ar chothrom sa tsúsa.



Ar bharr Chill' an chnuic.
Maidin ghrianmhar aoibhinn do b'eadh maidin
an Domhnaigh; nó, fá mar do chuirfeadh Ultach
é — do bhí maidin deas ghrianmhar ann. Bhí
beirt nó triúr ag port an bhóthair iarainn i
Srath Bán go raibh aithne aca orainn. Bhí
Gaedhilg aca leis agus bhí daoine eile ag éisteacht
linn ag cómhrádh le chéile nár thuig ár gcainnt
chor ar bith. D'fhág ár dtraen an áit ag a hocht
do chlog agus bhíomar ag Bóthar Droma Mhóir
inaice Chille Sgíre i gceann cúpla úair an chluig.



Tráthnóna an lae sin do bhí ceapaithe le haghaidh
na haerídheachta ar bharr an chnuic. Ag a dó
a' chlog thosnuigh na daoine ar ghluaiseacht leó
fá dhéin an bhuill sin. Bóthar an phortaigh fo
dheas ó Thrí Líaga chuaidh muinntir ár n-áite;
ag coisidheacht a bhí a bhfurmór, acht bhí cóistí
ag cuid aca, agus do ghluais roinnt díobh ar
rotharaibh. Ní raibh aoinne gan compánach.
I ngluaiseacht beirte agus i ngluaiseacht
triúir is eadh bhí go leor aca ag imtheacht ní
dheachaidh puinn ann gan daoine rómpa amach
agus tuille ar bhog-shodar na ndiaidh. Is
dócha ná raibh triúr gan ciarsúirí ghá gcimilt
d'á n-éadanaibh sar a rabhadar leith-shligh. Bhí
ana bhrothal go deo ann, agus gan an oiread
gaoithe ann a's do sguabfadh deatach chun siubhail
d'aon taobh do dhroim simné.



Faid do bhí ár mbuidheannta agus agus ár
ndíormaí ag dul fó dheas bhí tuille ag teacht a
ndeas agus sluaighte anoir agus cuid mhaith
aniar. Iad san ba thúisge do bhí ar mhullach an
chnuic bhí radarc deas le feicsint aca agus gan
féachaint ar aon nidh acht amháin ar na céadta
do bhí a' teacht aníos gach slios de'n chnoc. Bhí
mná óga agus hataí bána ortha, agus bhí mná
ann agus hataí dubha ortha; acht, buidheachas
le Dia is mó fá sheacht de mhnáibh a's do chailínibh
do bhí a' teacht gan hataí bána ná hataí dubha
ná aon tsórd hataí eile ortha. Bhí mórán fear
sa tsiubhal aníos, freisin, agus iomad garsún,
agus foth dhuine críonna agus corr-bhean aosta
'na measg.



Ní dócha gur ar na daoinibh do bhí chuid againn
ag féachaint acht ar an ndúthaigh fhairsing do bhí
'nár dtimcheall. Tamall maith siar bhí rud ana
gheal le feicsint, agus cnuic agus cruinn len'
ais. Uisge Locha Éirne do bhí ann, agus an
ghrian ghá ghealadh; agus sléibhte Bhréifne, do
réir mar chualadh, tamall siar agus taobh theas de.
Bhí Pilib agus Seáan ag cur focal le chéile i
bhfuirm bhéarsaí mar gheall ar an áit sin tamall,
acht ní chuimhin liom puinn dá ndubharadar acht
amháín an méid seo:-



A bheann breaghtha Bhréifne,
Is áilne cruth is féachaint,
Ba bhinn linn féin ár laetha,
do chaitheamh le mbúr dtaoibh;
Is uasal árd 's is péacach,
gach beann fá chulaith de'n fhraoch dheas,
Is cár bh'fhearr linn bheith sa tsaoghal so,
Ná ar leacáin díobh 'n-ár luidhe.



Leanadar air ar feadh sealaid éigin, acht ní
fhuaras aon ghreim ar chuid dá gcainnt. Ní
dócha go raibh aon ró-treo uirthi, ach chuireadar
beagán eile le chéile mar seo:—



Deirimíd is ní bréag é,
go bhfeicfear brat na hÉireann,
Ghá luasgadh arís le réim cheart,
Thar Bhréifne na Laoch;
Is beidh an teanga bhinn labhair Gaedheal Glas,
'ghá canadh arís le héifeacht,
I measg na mílte dtréin-fhear,
Is lucht Béarla gan bhrigh.



Ní déarfainn go stadfaidís gus an oidhche
muna mbeadh go dtáinig sluagh na dtimcheall
a bhain radharc na gcnoc díobh.



“Sin é Fear Monach fo dheas faid ár radhairc
uainn,” arsa cailín beag aca so ó Thrí Líag ná
labharfadh Béarla le duine ar bith go bhfuil an
teanga eile aige, agus lean sí uirthi ag cur
síos ar na ballaibh go léir go raibh radharc ó'n
gcnoc ortha. Bhí liath-cheo sgáinneach mar
Chúmhdach ar ballaibh áirighthe ag bun na spéire,
agus ceo bán agus fionna-sgamaill sa spéir
i n-áiteannaibh eile i dtreo is gur dheacair do
dhuine a fhios do bheith ró-chruinn aige cia'ca
sléibhte nó sgamaill nó stríocaí talmhan nó
coillte nidhthe áirighthe do chidheadh sé idir spéir
agus talamh i bhfad uaidh. Bhí daoine ann go raibh
raibh sé mar chúram ortha bheith ag iarraidh a
dtighthe féin do fheicsint agus do thaisbeáint
dá chéile. Bhí daoine ann gan de chúram ortha
acht bheith sínte ar an bhfraoch ag caitheamh tobac,
agus ag cainnt agus ag féachaint ar an spéir,
agus uaireanta air a chéile. Tháinig daoine
chugainn gan ghnó eile acht chun a fhios d'fhaghail
ar cad é an gnó do bhí ag gcomharsanaibh san
áit. Ní dócha liom go raibh a fhios ró chruinn ag
neach ar bith do tháínig go ruig an ionad cad
do dhéanfaí ann tar éis teacht i bhfochair a chéile.
Tá an claidhe teorann idir an dhá chonndae .i.
Tír Eoghain agus Fear Monach ar bharra an
chnuic 'n-a rabhamar. Bhí go leor daoine ar an
gclaidhe sin, agus d'fhan cuid aca ann an faid
a bhí cuid de'n spóirt ar siubhal, acht bhogadar
a leith chugainn tar éis tamaill. I dTír Eoghain
a bhí lucht an cheoil cruinnighthe agus a n-aighthe
siar agus iad ag breathnughadh ar bhreaghacht na
gréine fá 'n-a cumhdach dheirg. Na daoine a bhí
ar an gclaidhe sin b' ana-chosamhail iad leo so
atá ar chlaidhe eile againn go ró-fhada gan ar
siubhal aca acht ag tabhairt fá ndeara gach aon
ghníomh ciotach a dheineann na daoine atá ag
saothrughadh sa pháirc lena n-ais. Tháinig a
bhfurmhór san 'n-ár dtreo-na tar éis tamaill
dóibh idir dhá streo. Táthar so eile ag teacht
anuas de'n chlaidhe leis, agus tá sórd náire
anois ortha toisg ná tánadar níos túisge.



Amhráin agus aithristí ag óráidí do bhí mar
spóirt a's caitheamh aimsire againn. Ní raibh
crot ró-mhaith ar fad ar an ngnó dtosach acht
níorbh ghearánta d'á dheire. Muna mbeadh Áine
Ní Oisín agus an Cairbríneach úd ní bheadh an
sgéal ró-mhaith aca is baoghalach, acht dheideadar-
san araon cion miothaile. Is fada ná raibh
árdán chomh hárd fútha agus bhí an uair sin.
Is fad a bheadh fir an domhain i bhfeidhil árdáin
sul a mbeadh sé leath chomh hárd ná leath chomh
mór leis an stáitse úd .i. an cnoc.



Tugaim fá ndeara gun sgríobhas beagán
tuairisgí im ' leabhar an lá soin. Mar seo leanas
atá sé :—



Lá le Muire 'óg



“Bhí paidreacha t'réis an Aifrinn i gCill
Sgíre indiu againn a chuir ag machtnamh go mór
mé. Ar son lucht na Gaedhilge do shothrughadh
agus chun go mbeadh toradh ar shaothar na ndaoine
atá ag obair ar son na Gaedhilge agus ar son
déantúsaí na tíre is eadh toirbhireadh cuid aca.
Ar bharra an chnuic tráthnóna. Cill an Chnuic
ainm na háite ina bhfuilimíd. Bhí cill ann agus
cuireadh cuirp fá'n gcré mar a bhfuil na clocha
lem' ais. Nach deas an leabaidh dóibh é chun
fanamhaint i gomhair na heiséirighe. Na daoine
ag teacht aníos ó gach taobh, acht ó Chill Sgíre is
eadh a bhfurmhór. Gan Gaeidhilg ag aon daoine
ann acht ag aosa óga Chille Sgíre. Iongnadh-
radharc aoibhinn ar Loch Éirne agus ar na cnuic
atá san áird chéadna. Coillte, sléibhte,
páirceanna glasa, guirt bhuidhe; garrdhtha
beaga; portacha dubha, tighthe geala, cnocáin,
gleannta, srutháin agus sráideanna.



Chuaidh an ghrian i bhfolach cúpla uair le leath
uair a' chluig, acht bhí teachtairí solusmhara ghá
gcur go talamh aici an uair is mó a bhí sí fá
sgamaill. Tá gathanna geal-órdha gréine mar
mhéarannaibh oll-fhada, sáithte trí sgamallaibh
liatha, ó'n spéir go huisge Loch Éirne agus
go dtí an tír 'na thimcheall fá láthair.



Ní fhéadaim gan buidheachas a thabhairt do'n
Té do chruthaigh gach dá bhfuil annsoin shuas sa
spéir agus annso shíos ar an dtalamh.



Chruinnigh na Gaedhil i bhfochair a chéile ó
chianaibh agus shuidheadar ar an bhfraoch mbog
mothalach. Thosnuigh duine aca ar cheol a
chanadh; ba ghearr gur thosnuigh beirt nó triúr
eile ar bheith páirteach sa cheol. Níorbh' fhada
go raibh an ceol 'na amhrán, agus an t-amhrán
agus an ceol snaidhmthe go deas le chéile agus
buidhean mhaith daoine ghá chanadh ar chomh-ghuth.
Thosnaigh na daoine ar dhruideamhaint a leith
fá dhéin an cheoil. Ba ghearr go raibh a
raibh ar an bplásán timcheall lucht an chanta,
ach níor chuir sin aon mhangairt ortha. Phreab
Seáan na shuidhe; d'oscail a bhéal agus chan
amhrán breagh meidhreach. Cloiseadh glór a
bhinn-ghutha i bhfad uaidh agus níor bh'iongnadh é.
Bhí daoine ag éisteacht nár chualaidh amhrán
Gaedhilgená ná Béarla níos fearr ná é riamh.
Thug Inghean Uí Oisín amhrán uaithe, agus
shaoilfeá gur sidh-bhean cheolmhar éigin do bhí
a tabhairt comhairle do Chlannaibh na nGaedheal
í, agus í 'n-a seasamh annsoin ar turtóigín
fraoich; culaith bhán uirthe; coróin dá gruaig
dhuibh ar a ceann; an ceann féin árduighthe go
huaibhreach is go huasal; meidhreacht ag lonnradh
trí mhánlacht 'n-a gnúis agus 'n-a súilibh; agus
binneas agus anamhlacht a gutha 'ghár sám-
choruighthe agus 'ghár spreagadh.”



Sin a raibh im' leabhar fá dtaobh de'n
aeridheacht. Ar an gcnoc sgíobhas an méid sin.
Bhí amhráin eile agus aithristí agus aon
óráid mháin 'n-a dhiaidh sin. B'é deireadh na
hóráide gur gheall cuid mhaith aca-soin a bhí ag
éisteacht agus ná raibh aon Ghaedhilg aca go
ndéanfaidís a ndícheall ar í fhoghlaim ó'n lá
soin amach. Annsoin thug na daoine do bhí
ann go raibh Gaedhilg aca geallamhain do-
sgaoilte ná labharfaidís Béarla go bráth arís
le chéile ná haoin-ne eile a thuigfeadh Gaedhilg
uatha. Le linn na gealamhna sin do thabhairt
bhí a lámha sínte fé dhéin na bhflaitheas aca
mar chomhartha onóra do'n obair do bhí ar siubhal
aca. Ghealladar, leis, do bheith fíor-Ghaedhealach
i ngach cuma eile, agus a ndícheall do dhéanamh
ar feadh a saoghail chun céasnaidhe na hÉireann do
réidhteach, agus namhad na hÉireann do bhasgadh.



Peadar Ó hAnnracháin










19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services