Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cuairt an Oireachtais
Title
Cuairt an Oireachtais
Author(s)
Ó hAnnracháin, Peadar,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cuairt an Oireachtais. Ní fheadar féin cia aca cuairt na bliadhna so nó turas na bliadhna anuiridh is mó do thaithn liom. Do dhéanfadh an ceann ba lugha do thaithn liom adhbhar seanchuis do shean- chaidhe chliste ar feadh mórán aimsire dá mbeadh cúrsaí imtheachta an té do bhí ar an mbóthar ag tabhairt an chuarta ar eolas aige. Bhí beirt ar an mbóthar an turas deireannach so, agus dá bhíthin sin is eadh is móide an seanchus atá ag baint leis, nídh nach iongna. “Cia hé seo chughainn anois go bhfuil fonn air tosnughadh ar tuairisgí a chúrsaí féin do sgaoileadh 'nár leith gan cuireadh gan iarraidh?” a deireann an fear so thall. Acht bíodh foidhne aige go fóillín, agus inneosfad bun is barr is leath-iomal an sgéil dó ar ball, agus b'fhéidir ná beadh sé go ró-chancarach liom annsoin. Acht cha dtosnóchadh air mar sgéal? Tá an peann luaidhe so i mo láimh beagnach caithte agam lem' sgian, mar nuair ná ritheann liom focal fóghanta do chur síos tosnuighim ar bhior mo phinn do shocrughadh chomh maith agus dá mbadh ar an bpeann do bheadh an locht. Féach! Nach greannmhar soin anois mar nós ag duine, acht cá bhfios dom ná go mbíonn a lán daoine ag déanamh an ruda chéadna go minic. 'Seadh go deimhin! Locht ar an bpeann. Rugas ar an sgian ó shoin arís acht chaitheas uaim í go mear gan í leogaint ar an luaidh ná ar an adhmad. Ba dhóigh le duine gur chóir go bhféadfadh Gaedheal Gaedhilg mhaith bhlasta do sgriobhadh annso mar a bhfuilim-se anois ar ghruaidh Chnuic Cumtha le hais Locha Adham ghil i nIarthar Chairbre. Dá mba cabhair do dhuine do bheadh ar tí Gaedhilg mhaith do sgríobhadh radharc áluinn aoibhinn do beith os a chomhair ní ceart aon easbadh cabhrach dá shaghas do bheith ar an té do bheadh mar a bhfuilim anois. Acht ní chuirfeadh síos ar áilneacht ná ar aoibhneas an bhaill seo anois ar eagla go dteipfeadh glan orm an nídh do chuireas rómham le déanamh do dhéanamh. B'fhéidir nach fearr sligh chun tús do chur leis an dtuairisg seo ná an tsligh is símplidhe d'fhéadfadh duine a cheapadh; agus b'fhéidir nach fearr cuma chun leanamhaint di mar thuairisg ná an cuma gur lugha go mbeidh trioblóid ar lucht léighte Gaedhilge na focail do bheith ann do thuigsint. Bíodh soin amhlaidh, máseadh, pé duine a bheidh mí-shásta dá bharr. Acht ní túisge an sgéal soin socruighthe agam liom féin ná mar phreabann adhbhar buadhartha eile os mo chomhair. Le linn do dhuine bheith ag cur síos ar a imtheachtaibh féin is ana-dheacair dó gan tagairt d'á chainnt féin agus d'á thuairim féin agus d'á ghníomharthaibh féin. Má thagrann sé ró- mhinic dóibh ní ró-mhaith a thaithnfidh sé ar ball leis an léightheoir, agus muna dtagrann sé dhóibh is lúighde an chruinneas a bheidh sa sgéal aige d'á éagmais. Rud eile dhe — ní mór d'á shaghas do sgríobhadh i nGaedhilg go nuige seo agus da bhithin sin tá orainn ár mbealach féin do bhaint amach gan puinn conganta. Acht ní misde tús éigin do chur leis má deintear cor ar bith é, agus annsoin beidh sé ag teacht i ndiaidh a chéile le congnamh Dé, fá mar a thagadh a leithéid eile. Lá tar éis lae Feise Bheanntraighe i mbliadhna bhíos féin agus Seaghán Ó Muirthile ó Léim Uí Dhonnabháin, atá mar mhúinteoir Gaedhilge i Neidín le cúpla bliadhain, ag bogadh an bhóthar ó dheas ó Bheanntraighe do'n Sgiobairín (agus ana-dhroch-bhóthar is eadh an bóthar céadna) agus ní 'n-ár dtost a bhíomair, nidh nach locht orainn. “A' mbeidh aon turas agat ghá thabhairt i mbliadhna fá mar thugais anuiridh?” ar Seághan mar sin, i gcainnt éigin dúinn. “Dá mbeadh, an dtiocfá-sa lem' chois?” arsa mise. “Ar ndóigh,” ar seisean, “ní dhéarfainn ná go mb'fhéidir go raghainn dá gceapfainn gur b'fhiú dhom é.” “Acht an dtiocfair má bhím ag imtheacht?” “Mhuise, is dócha nár bh'fhearra dhom rud d'fhéadfainn a dhéanamh ar feadh coicighise ná cuid de bhóithríbh na gCúigí eile do chur díom, tráth agus go bhfuil rothar maith nuadh agam agus neart na hóige ionam.” “Thaoi sásta teacht lem' chois i mo shiubhaltaibh i mbliadhna?” “Táim sásta,” ar seisean. “Bíodh 'n-a mhargadh eadrainn go gcaithfimíd ár laetheannta saoire i bhfochair a chéile i mbliadhna,” arsa mise. “Bíodh sé 'n-a mhargadh!” ar seisean. “Acht cá háit gur chóra dúinn dul?” B'shin ceist gur deacair í d'fhreagairt. Ba mhaith an rud bheith i mBéal Achadh Ghaothraidh ag foghluim Laidne ó Mháire Ní Cinnéide; agus ba bhreagh an rud bheith tamall i gColáistde na Rinne i nDéisíbh Mumhan ag foghluim Sean- Ghaedhilge; ba dheas an rud tamall do chaitheamh shiar i nDaingean Uí Chúise féachaint cad é an treo a bhí ar an obair ann. Acht ní raibh Seághan riamh i gConnachtaibh ná i nUlaidh agus óir ba rud é go raibh an aimsir chomh breagh soin ar fad b'fhéidir gur bh'é ba chiallmhaire dhúinn dul thar teorainn na Mumhan, agus an Laidean do leogaint ar leath-taoibh go ceann bliadhna eile. Ní hamhlaidh go ndeirim go rabhamar ar aon fhocal mar gheall ar gach rud aca soin. Lá dá raibh an tOireachtas ar siubhal thárla go rabhamair araon agus an Tóibíneach ó Chorcaigh ag cainnt mar gheall ar an dturas gcéadna arís agus sinn ag siubhal le hais Áruis an Chonnartha i mBaile Átha Cliath nuair cia bhuailfeadh umainn acht Maitis Mag Guidhir, sagart, ó Chill Sgíre. Bhíomair ag seanchuidheacht le cheíle ar feadh tamaill agus ar shlígh éigin thráchtamar thar an gceist do bhí fá n-ár mbraghaid roimis sin againn. “Socróchad-sa an cheist sin daoibh,” adeir sé. “Tagaidh le mo chois-se go Cill Sgíre Dia Sathairn. Beidh aeridheacht i mBun Dobhráin Dé Domhnaigh agus má tá nbhur gcumas aon chabhair do thabhairt dúinn annsoin beidh fáilte agus fiche romhaibh.” “Tá Eoin Mac Néill chun bheith againn ann chun óráid do dhéanamh.” Seo ar seisean “ná déinidh a mhalairt anois acht mo chomhairle do ghlacadh agus socróchaidh sin an sgéal go breagh.” “Ana-amhránaidhe é seo,” arsa mise, ag tagairt do Sheághan, “agus b'fhiú dhuit é mhealladh leat; agus má théidheann seisean ann ní fhanfad-sa as.” “Agus cad mar gheall ar an bhfear ngroidhe eile seo,” ars' an sagart ag tagairt do'n Tóibíneach, “ná féadfadh sé teacht i n-aoinfheacht linn.” “Is amháil athá, a Athair,” a dubhairt an Tóibíneach, ”go mb'fhearr liom ná nidh ná luadhaim bheith nbhúr gcuideachtain, acht ní fhéadfainn an dhá thráigh do thabhairt liom, agus táim fá gheasa beith i mball áirighthe cois na Laoi an tseachtmhain seo chughainn.” “Mór an chailleamhaint gan a bheith 'n-a chumas so teacht mhuise, mar ní dócha go bhfuil a leithéid eile d'fhear eachtamhail againn san Mumhain. Togha cleasaidhe fir is eadh é; agus rinnceoir smidighthe iseadh é. Is mór an truagh ná fuil sé le bheith 'nár mbuidhin; is mór soin,” arsa duine de'n bheirt eile acht ní cuimhin liom anois cia aca. “Beidh orm-sa dul a bhaile Diardaoine, acht tá triúr eile óm' pharóisde sa chathair ná raghaidh a bhaile go dtí an Satharn, agus ba mhaith liom go gcuirfeadh sibh aithne ortha-san i dtreo is go mbeadh sibh i bhfochair a chéile ag gabháil siar daoibh,” ars' an sagart. Chuireamair aithne ar an dtriúr gcéadna 'n-a dhiaidh sin, agus theip ortha-san féin an Tóibíneach do mhealladh go Tír Eoghain. Dia Sathairn do bhí chughainn ar a trí a' chlog tráthnóna d'fhágamair slán le 'n-ár gcáirdíbh i nÁth Cliath agus le hÁth Cliath féin, agus siúd chun siubhal sinn go héasgaidh; acht ní ar ár rotharaibh do chuadhmar acht ar rud ba mhire agus ba threise ná aon rothar aca d'á fheabhas iad. An traen do bhí againn mar choisde, agus is breagh thar barr mar chuir sé dhe, gan allus gan tuirse, dar linn. Cia bheadh sa charáisde chéadna mar aon linn ná Eoin Mac Néill agus a thriall ar an mball go raibh ár dtriall féin air, ar Chill Sgíre, agus Gearóid Ó Nualáin, sagart agus éigeas, agus a thriall ar an Srath Bán; agus díreach nuair mhothuigheamar an traen ag bogadh cia léim- feadh chughainn isteach acht Pilib Bhaldron, múinteoir Gaedhilge ó Chill Sgíre, agus é ag allus, agus an oiread beairtíní beaga agus beairtíní móra aige agus bhí de mhálaibh ar Phádruig Ó Bruin aon lá 'riamh. “Seadh, is maith mar a thárla,” arsa duine éigin, “na Gaedhil a bheith i bhfochair a chéile,” agus dubhairt cách gurbh fhíor an focal do chan an duine sin. Ceisteanna i dtaobh na hÁird-Fheise is mó do bhí fá n-ár mbrághaid ar feadh tamaill de'n tsligh. Tráchtamar thar cheist an fhillte bhig agus thar an ndligh do cuireadh i bhfeidhm i dtaobh Áird-Timthire na Mumhan maidin an lae sin, agus dubhramar gur cheart agus gur ró-cheart an rud é an filleadh beag do bheith ghá chaitheamh ag timthirí nach é. Sgaramar leis an Athair Gearóid i nDún Dealgain, agus b'oth linn sin mar is ró-dheas an cainnteoir é. Siúd Eoin ag seachaidheacht agus sinne ag éisteacht. Siúd Seághan Ó Muirthile ag amhrán tamall eile agus cuid againn 'n-ár gcodladh mar go deimhin ní raibh aon chodladh ró-mhaith againn t'réis filleata a bhaile ó'n Áird-Fheis an mhaidin sin. Bhí an saoghal amuigh go ciúin faid do bhíomar ag gluaiseacht linn siar. Bhí na ba 'ghá gcrudhadh i bpáirceannaibh ag mnáibh, agus bhí fir ag casadh a bhaile t'réis an lá do chaitheamh i bhfeidhil fhéir, chonacamar trucaillí ar bhóithríbh agus daoine ionnta ag teacht ós na sráideannaibh beaga. Duthaigh deas is eadh cuid de siúd gur ghabhmar tríd. Coirce agus cruithneacht ag fás ann; coillte deasa ann; srutháin ag rith le fánaidh, agus locha beaga i n-áiteannaibh eile. Bhí tighthe beaga bána agus tighthe móra bána, agus tighthe ná raibh ró-mhór ná ró-bheag ná ró-bhán le feiscint againn. Bhí a lán seanachuis a bhain leis an ndúthaigh sin ag Eoin agus bhí Pilib eolghaiseach ar go leor di. Nach breagh an rud do dhuine bheith i bhfochair a leithéidí sin seachas na ndaoine seo a bhíonn dall ar stair agus ar sheanchus. Chaitheamar tamall ag trácht ar an ngníomh do deineadh i dtaobh an “Irisleabhair” agus an Aird- Fheis agus b'é tuairim an cheathrair a bhí ann nárbh' gníomh ró-chiallmhar é an gníomh do deineadh, agus cheapadar go mbeadh cathughadh ar lucht a dhéanta i gceann beagán aimsire. A laghad cúigeachais do bhí le tabhairt fá ndeara i rith na seachtmhaine ag an Áird-Fheis, agus a ghrádhmhara a bhí daoine áirighthe gur bhéas dóibh bheith bearradh-chainnteach go leor bliadhanta eile ba fáth chainnte dhúinn seal beag eile. Beag an baoghal nár caitheadh tamall maith ag cur síos ar Mhaigh Nuadhat agus ar ghnóthaibh áirighthe do deineadh ann le bliadhain agus go mór-mhór ar an eagcóir do deineadh ar Dhochtúir Ó hIceadha fá dhéidheannaighe. “Bundoran Junction!” arsa fear ag an bhfuinneoig amuigh. “Ó, a Thighearna!” ar Pilib, “a bhfuilimíd ann chomh luath soin?” Is breagh an rud ceol agus cainnt agus magadh chun bóthar do ghiorrughadh. Bhí an tAthair Maitiú amuigh ar an árdán ag fanamhaint linn. Chuir sé na fáiltí romhainn. Níorbh fhada go rabhamar ag gluaiseacht orainn go Trí Liag, áit-chomhnaighthe an tsagairt. Bhí dorchacht na hoidhche ag tuitim go mall orainn fá'n am soin. Beirt ar rothair agus triúr ar chóisde agus Gaedhilg agus Gaedhluinn ghá sgaoileadh chun a chéile aca agus gan buaidhirt ná brón ar aoin'ne aca. Tuille tae annseo! Braon eile de'n uachtar annsoin! Tuille feola do'n fhear mhór úd thall! Cainn- teanna mar iad soin do chloisfeá ar feadh tamaill ag an mbord i dtig an tsagairt an tráthnóna soin, agus cainnteanna eile leis nár bhain le biadh ná le digh. “Caithfeam a chur i n-iúl do na Cairbrínighibh seo ná fuil an saoghal chomh dona san Tuaisceart Dubh agus deirtear,” arsa duine éigin le duine áirighthe. (Ní críoch) PEADAR Ó hANNRACHAIN
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services