Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuairt an Oireachtais

Title
Cuairt an Oireachtais
Author(s)
Ó hAnnracháin, Peadar,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cuairt an Oireachtais.



Ní fheadar féin cia aca cuairt na bliadhna
so nó turas na bliadhna anuiridh is mó do
thaithn liom. Do dhéanfadh an ceann ba lugha
do thaithn liom adhbhar seanchuis do shean-
chaidhe chliste ar feadh mórán aimsire dá mbeadh
cúrsaí imtheachta an té do bhí ar an mbóthar
ag tabhairt an chuarta ar eolas aige. Bhí
beirt ar an mbóthar an turas deireannach so,
agus dá bhíthin sin is eadh is móide an seanchus
atá ag baint leis, nídh nach iongna.



“Cia hé seo chughainn anois go bhfuil fonn
air tosnughadh ar tuairisgí a chúrsaí féin do
sgaoileadh 'nár leith gan cuireadh gan iarraidh?”
a deireann an fear so thall. Acht bíodh foidhne
aige go fóillín, agus inneosfad bun is barr
is leath-iomal an sgéil dó ar ball, agus
b'fhéidir ná beadh sé go ró-chancarach liom
annsoin.



Acht cha dtosnóchadh air mar sgéal? Tá an
peann luaidhe so i mo láimh beagnach caithte
agam lem' sgian, mar nuair ná ritheann
liom focal fóghanta do chur síos tosnuighim
ar bhior mo phinn do shocrughadh chomh maith
agus dá mbadh ar an bpeann do bheadh an locht.
Féach! Nach greannmhar soin anois mar nós
ag duine, acht cá bhfios dom ná go mbíonn
a lán daoine ag déanamh an ruda chéadna go
minic.



'Seadh go deimhin! Locht ar an bpeann.
Rugas ar an sgian ó shoin arís acht chaitheas
uaim í go mear gan í leogaint ar an luaidh
ná ar an adhmad.



Ba dhóigh le duine gur chóir go bhféadfadh
Gaedheal Gaedhilg mhaith bhlasta do sgriobhadh
annso mar a bhfuilim-se anois ar ghruaidh Chnuic
Cumtha le hais Locha Adham ghil i nIarthar Chairbre.
Dá mba cabhair do dhuine do bheadh ar tí
Gaedhilg mhaith do sgríobhadh radharc áluinn
aoibhinn do beith os a chomhair ní ceart aon
easbadh cabhrach dá shaghas do bheith ar an té do
bheadh mar a bhfuilim anois. Acht ní chuirfeadh
síos ar áilneacht ná ar aoibhneas an bhaill
seo anois ar eagla go dteipfeadh glan orm an
nídh do chuireas rómham le déanamh do dhéanamh.



B'fhéidir nach fearr sligh chun tús do chur
leis an dtuairisg seo ná an tsligh is símplidhe
d'fhéadfadh duine a cheapadh; agus b'fhéidir
nach fearr cuma chun leanamhaint di mar
thuairisg ná an cuma gur lugha go mbeidh
trioblóid ar lucht léighte Gaedhilge na focail
do bheith ann do thuigsint. Bíodh soin amhlaidh,
máseadh, pé duine a bheidh mí-shásta dá bharr.



Acht ní túisge an sgéal soin socruighthe agam
liom féin ná mar phreabann adhbhar buadhartha
eile os mo chomhair.



Le linn do dhuine bheith ag cur síos ar a
imtheachtaibh féin is ana-dheacair dó gan tagairt
d'á chainnt féin agus d'á thuairim féin agus
d'á ghníomharthaibh féin. Má thagrann sé ró-
mhinic dóibh ní ró-mhaith a thaithnfidh sé ar ball
leis an léightheoir, agus muna dtagrann sé
dhóibh is lúighde an chruinneas a bheidh sa sgéal
aige d'á éagmais. Rud eile dhe — ní mór d'á
shaghas do sgríobhadh i nGaedhilg go nuige seo
agus da bhithin sin tá orainn ár mbealach féin
do bhaint amach gan puinn conganta.



Acht ní misde tús éigin do chur leis má
deintear cor ar bith é, agus annsoin beidh sé ag
teacht i ndiaidh a chéile le congnamh Dé, fá mar
a thagadh a leithéid eile.



Lá tar éis lae Feise Bheanntraighe i mbliadhna
bhíos féin agus Seaghán Ó Muirthile ó Léim
Uí Dhonnabháin, atá mar mhúinteoir Gaedhilge i
Neidín le cúpla bliadhain, ag bogadh an bhóthar
ó dheas ó Bheanntraighe do'n Sgiobairín (agus
ana-dhroch-bhóthar is eadh an bóthar céadna) agus
ní 'n-ár dtost a bhíomair, nidh nach locht orainn.



“A' mbeidh aon turas agat ghá thabhairt i
mbliadhna fá mar thugais anuiridh?” ar Seághan
mar sin, i gcainnt éigin dúinn.



“Dá mbeadh, an dtiocfá-sa lem' chois?”
arsa mise.



“Ar ndóigh,” ar seisean, “ní dhéarfainn ná
go mb'fhéidir go raghainn dá gceapfainn gur
b'fhiú dhom é.”



“Acht an dtiocfair má bhím ag imtheacht?”



“Mhuise, is dócha nár bh'fhearra dhom rud
d'fhéadfainn a dhéanamh ar feadh coicighise ná
cuid de bhóithríbh na gCúigí eile do chur díom,
tráth agus go bhfuil rothar maith nuadh agam
agus neart na hóige ionam.”



“Thaoi sásta teacht lem' chois i mo shiubhaltaibh
i mbliadhna?”



“Táim sásta,” ar seisean.



“Bíodh 'n-a mhargadh eadrainn go gcaithfimíd
ár laetheannta saoire i bhfochair a chéile i
mbliadhna,” arsa mise.



“Bíodh sé 'n-a mhargadh!” ar seisean.



“Acht cá háit gur chóra dúinn dul?”



B'shin ceist gur deacair í d'fhreagairt. Ba
mhaith an rud bheith i mBéal Achadh Ghaothraidh ag
foghluim Laidne ó Mháire Ní Cinnéide; agus
ba bhreagh an rud bheith tamall i gColáistde na
Rinne i nDéisíbh Mumhan ag foghluim Sean-
Ghaedhilge; ba dheas an rud tamall do chaitheamh
shiar i nDaingean Uí Chúise féachaint cad
é an treo a bhí ar an obair ann. Acht ní raibh
Seághan riamh i gConnachtaibh ná i nUlaidh agus óir
ba rud é go raibh an aimsir chomh breagh soin ar
fad b'fhéidir gur bh'é ba chiallmhaire dhúinn
dul thar teorainn na Mumhan, agus an Laidean
do leogaint ar leath-taoibh go ceann bliadhna
eile. Ní hamhlaidh go ndeirim go rabhamar
ar aon fhocal mar gheall ar gach rud aca soin.



Lá dá raibh an tOireachtas ar siubhal thárla
go rabhamair araon agus an Tóibíneach ó
Chorcaigh ag cainnt mar gheall ar an dturas
gcéadna arís agus sinn ag siubhal le hais
Áruis an Chonnartha i mBaile Átha Cliath nuair
cia bhuailfeadh umainn acht Maitis Mag Guidhir,
sagart, ó Chill Sgíre.



Bhíomair ag seanchuidheacht le cheíle ar feadh
tamaill agus ar shlígh éigin thráchtamar thar
an gceist do bhí fá n-ár mbraghaid roimis sin
againn.



“Socróchad-sa an cheist sin daoibh,” adeir
sé. “Tagaidh le mo chois-se go Cill Sgíre Dia
Sathairn. Beidh aeridheacht i mBun Dobhráin
Dé Domhnaigh agus má tá nbhur gcumas aon
chabhair do thabhairt dúinn annsoin beidh fáilte
agus fiche romhaibh.”



“Tá Eoin Mac Néill chun bheith againn ann
chun óráid do dhéanamh.” Seo ar seisean “ná
déinidh a mhalairt anois acht mo chomhairle do
ghlacadh agus socróchaidh sin an sgéal go breagh.”



“Ana-amhránaidhe é seo,” arsa mise, ag
tagairt do Sheághan, “agus b'fhiú dhuit é
mhealladh leat; agus má théidheann seisean ann
ní fhanfad-sa as.”



“Agus cad mar gheall ar an bhfear ngroidhe
eile seo,” ars' an sagart ag tagairt do'n
Tóibíneach, “ná féadfadh sé teacht i n-aoinfheacht
linn.”



“Is amháil athá, a Athair,” a dubhairt an
Tóibíneach, ”go mb'fhearr liom ná nidh ná
luadhaim bheith nbhúr gcuideachtain, acht ní
fhéadfainn an dhá thráigh do thabhairt liom,
agus táim fá gheasa beith i mball áirighthe cois
na Laoi an tseachtmhain seo chughainn.”



“Mór an chailleamhaint gan a bheith 'n-a
chumas so teacht mhuise, mar ní dócha go bhfuil
a leithéid eile d'fhear eachtamhail againn san
Mumhain. Togha cleasaidhe fir is eadh é; agus
rinnceoir smidighthe iseadh é. Is mór an truagh
ná fuil sé le bheith 'nár mbuidhin; is mór soin,”
arsa duine de'n bheirt eile acht ní cuimhin liom
anois cia aca.



“Beidh orm-sa dul a bhaile Diardaoine, acht
tá triúr eile óm' pharóisde sa chathair ná raghaidh
a bhaile go dtí an Satharn, agus ba mhaith liom
go gcuirfeadh sibh aithne ortha-san i dtreo is
go mbeadh sibh i bhfochair a chéile ag gabháil siar
daoibh,” ars' an sagart.



Chuireamair aithne ar an dtriúr gcéadna
'n-a dhiaidh sin, agus theip ortha-san féin an
Tóibíneach do mhealladh go Tír Eoghain.



Dia Sathairn do bhí chughainn ar a trí a' chlog
tráthnóna d'fhágamair slán le 'n-ár gcáirdíbh
i nÁth Cliath agus le hÁth Cliath féin, agus
siúd chun siubhal sinn go héasgaidh; acht ní
ar ár rotharaibh do chuadhmar acht ar rud ba mhire
agus ba threise ná aon rothar aca d'á fheabhas
iad.



An traen do bhí againn mar choisde, agus is
breagh thar barr mar chuir sé dhe, gan allus
gan tuirse, dar linn.



Cia bheadh sa charáisde chéadna mar aon linn
ná Eoin Mac Néill agus a thriall ar an mball
go raibh ár dtriall féin air, ar Chill Sgíre,
agus Gearóid Ó Nualáin, sagart agus éigeas,
agus a thriall ar an Srath Bán; agus díreach
nuair mhothuigheamar an traen ag bogadh cia léim-
feadh chughainn isteach acht Pilib Bhaldron,
múinteoir Gaedhilge ó Chill Sgíre, agus é ag
allus, agus an oiread beairtíní beaga agus
beairtíní móra aige agus bhí de mhálaibh ar
Phádruig Ó Bruin aon lá 'riamh.



“Seadh, is maith mar a thárla,” arsa duine
éigin, “na Gaedhil a bheith i bhfochair a chéile,”
agus dubhairt cách gurbh fhíor an focal do chan
an duine sin.



Ceisteanna i dtaobh na hÁird-Fheise is mó
do bhí fá n-ár mbrághaid ar feadh tamaill
de'n tsligh. Tráchtamar thar cheist an fhillte
bhig agus thar an ndligh do cuireadh i bhfeidhm
i dtaobh Áird-Timthire na Mumhan maidin an
lae sin, agus dubhramar gur cheart agus gur
ró-cheart an rud é an filleadh beag do bheith
ghá chaitheamh ag timthirí nach é.



Sgaramar leis an Athair Gearóid i nDún
Dealgain, agus b'oth linn sin mar is ró-dheas an
cainnteoir é.



Siúd Eoin ag seachaidheacht agus sinne ag
éisteacht. Siúd Seághan Ó Muirthile ag amhrán
tamall eile agus cuid againn 'n-ár gcodladh
mar go deimhin ní raibh aon chodladh ró-mhaith
againn t'réis filleata a bhaile ó'n Áird-Fheis an
mhaidin sin.



Bhí an saoghal amuigh go ciúin faid do bhíomar
ag gluaiseacht linn siar. Bhí na ba 'ghá
gcrudhadh i bpáirceannaibh ag mnáibh, agus bhí
fir ag casadh a bhaile t'réis an lá do chaitheamh
i bhfeidhil fhéir, chonacamar trucaillí ar bhóithríbh
agus daoine ionnta ag teacht ós na sráideannaibh
beaga. Duthaigh deas is eadh cuid de siúd gur
ghabhmar tríd. Coirce agus cruithneacht ag
fás ann; coillte deasa ann; srutháin ag rith le
fánaidh, agus locha beaga i n-áiteannaibh eile.
Bhí tighthe beaga bána agus tighthe móra bána,
agus tighthe ná raibh ró-mhór ná ró-bheag ná
ró-bhán le feiscint againn.



Bhí a lán seanachuis a bhain leis an ndúthaigh sin
ag Eoin agus bhí Pilib eolghaiseach ar go leor
di. Nach breagh an rud do dhuine bheith i bhfochair
a leithéidí sin seachas na ndaoine seo a bhíonn
dall ar stair agus ar sheanchus.



Chaitheamar tamall ag trácht ar an ngníomh
do deineadh i dtaobh an “Irisleabhair” agus an Aird-
Fheis agus b'é tuairim an cheathrair a bhí ann
nárbh' gníomh ró-chiallmhar é an gníomh do deineadh,
agus cheapadar go mbeadh cathughadh ar lucht a
dhéanta i gceann beagán aimsire.



A laghad cúigeachais do bhí le tabhairt fá
ndeara i rith na seachtmhaine ag an Áird-Fheis,
agus a ghrádhmhara a bhí daoine áirighthe gur bhéas
dóibh bheith bearradh-chainnteach go leor bliadhanta
eile ba fáth chainnte dhúinn seal beag eile.



Beag an baoghal nár caitheadh tamall maith ag
cur síos ar Mhaigh Nuadhat agus ar ghnóthaibh
áirighthe do deineadh ann le bliadhain agus go
mór-mhór ar an eagcóir do deineadh ar Dhochtúir
Ó hIceadha fá dhéidheannaighe.



“Bundoran Junction!” arsa fear ag an
bhfuinneoig amuigh.



“Ó, a Thighearna!” ar Pilib, “a bhfuilimíd
ann chomh luath soin?” Is breagh an rud ceol
agus cainnt agus magadh chun bóthar do
ghiorrughadh.



Bhí an tAthair Maitiú amuigh ar an árdán ag
fanamhaint linn. Chuir sé na fáiltí romhainn.
Níorbh fhada go rabhamar ag gluaiseacht orainn
go Trí Liag, áit-chomhnaighthe an tsagairt. Bhí
dorchacht na hoidhche ag tuitim go mall orainn
fá'n am soin. Beirt ar rothair agus triúr ar
chóisde agus Gaedhilg agus Gaedhluinn ghá
sgaoileadh chun a chéile aca agus gan buaidhirt
ná brón ar aoin'ne aca.



Tuille tae annseo! Braon eile de'n uachtar
annsoin!



Tuille feola do'n fhear mhór úd thall! Cainn-
teanna mar iad soin do chloisfeá ar feadh tamaill
ag an mbord i dtig an tsagairt an tráthnóna
soin, agus cainnteanna eile leis nár bhain le
biadh ná le digh. “Caithfeam a chur i n-iúl do
na Cairbrínighibh seo ná fuil an saoghal chomh dona
san Tuaisceart Dubh agus deirtear,” arsa duine
éigin le duine áirighthe.



(Ní críoch)



PEADAR Ó hANNRACHAIN

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services