Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An té nach maireann
Title
An té nach maireann
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An té nach maireann. Seo litir atáthar a sheoladh go dtí Rúnaidhe na gCraobh: — A Chara, Tá iarracht dhá dhéanamh le cáil agus clú Eibhlín Nic Niocaill a choinneál beo i measg muinntire na hÉireann. Má éirgheann leis an iarracht so déanfaidh sé maith ar dhá bhealach. Ní hé amháin go gcuideochaidh sé le ainm Eibhlín a choinneál faoi mheas agus faoi onóir acht bhéaraidh sé congnamh do mhuirighin bhoicht atá faoi bhrón agus briseadh chroidhe. Ní gábhadh innseacht annso an chaoi a bhfuair Eibhlín Nic Niocaill bás. Tá an sgéal ró-úr agus ní call é innseacht arís. Thug sí a hanam uasal ar son a cara. An fhad is mhairfeas an Ghaedhilg béidh a hainm faoi mheas agus faoi chlú i nÉirinn, agus béidh sí mar shompla do na Gaedhealaibh thiocfas 'n-a diaidh. Séard tá ceaptha a dhéanamh, agus molann muinntir Eibhlín an obair, an pictiúir is déidhean- naighe di a rinneadh a dhíol, agus an sochar a chur i leath-taobh le haghaidh muinntire an bhuachalla chródha a thug a anam ag iarraidh Eibhlín a shábháil. Duine ar bith a cheannóchas an pictiúir, ní hé amháin go mbéidh sé ag cuidiughadh san obair ghrádh-diadhamhail seo, acht béidh sé ag déanamh a dhíchill le clú an chailín uasail a leathnughadh ar fud na tíre. Níl aon aimhreas nár mhaith le Eibhlín féin go n-éireochadh leis an iarracht so, as ucht nár dhuine riamh í go mbadh mhaith léithi í féin a chur i gcéill. Badh cheart go mbeadh ceann de na pictiúiríbh i dtigh gach uile Chonnradhthóir i nÉirinn. 'Sé an méid a bhéas innti timcheall is naoi n-orlaigh ar fhad, agus sé orlaigh ar leithead, agus ní bhéidh uirthi acht hocht bpighinne déag. Tá súil agam gur féidir í a chur saor thríd an bposta go dtí Craobhacha de Chonnradh na Gaedhilge agus cumainn eile má ceannuightear fiche cóip ar a laighead di. Cuir sgéala, má's é do thoil é, cé mhéad ceann a bhéas ag teastáil ó do Chraoibh-se. Is féidir an t-airgead agus orduighthe le haighaibh na bpictiúir a chur go dtí CISTEOIR CHISTE CRUADHTAIN NA mBLASGAEDÍ, 25, CEARNÓG RUTHLAINN, BAILE ÁTHA CLIATH. Mise, le mór-mheas, Pádraig Ua Séagha. (“Conán Maol”). Seo litir do fuaireamar ó Sheaghán Mac Murchadha Caomhánach: — A Chara, Do chonnac litir ó “Chonán Maol” go mbeadh samhail Eibhlín Nic Niocaill le fágháil sara fada ó Rúnaire Chonnartha na Gaedhilge agus go raghadh an fágháltas do ghnóthochadh sé chum muinntir an gharsúin chródha úd Domhnall Ó Criomhtháin do thug a bheatha i n-iarracht Eibhlín agus a dheirbhshiúr do shaoradh as a nguais. Is ionmholta an tionnsgadal é seo gan aon amhras agus déanfaidh Gaedhil beart uasal. Níl aon tigh Éireannaigh ná gur cheart samhail Eibhlín do bheith ann mar ba inghean sár-dhílis dá dhúthaigh í agus mara mbeadh an bás dá sgiobadh leis i dtúis a beatha do chuirfeadh sí comaoin ar Éirinn, agus mar atá an cúrsa tasbánann sí an mianach uasal do bhí innti ar n-a tabhairt a beatha ar son cóimhchréatúra. Riamh roimhe seo níor creachadh an tir i mbás aoinne comh mór. Is beag gurbh' eol dóibh a luach súd. Tá imthighthe uainn cailín mánla, sgoláire cliste, inntleacht foirbthe, mian uasal, lághach, agus inghean sár-dhílis dá dúthaigh. Go dtugaidh Dia suaimhneas síorraidhe dá hanam agus d'anam Dhomhnaill bhoicht gan cháim. Ámén. S. Mac M. Caomhánach. Bhí cruinniughadh ag Ollamhnaibh agus ag Macaibh Léighinn Choláiste na Mumhan Dia Sathairn. Bhí mór-chuid aca i láthair agus do cuireadh an rún so leanas i bhfeidhm d'aon-ghuth: “Is adbhar mór bróin do Ollamhnaibh agus do Mhacaibh Léighinn Choláiste na Mumhan bás an trír, .i. Eibhlín Nic Niocaill, Domhnall Ua Criomhthain, agus Tomás Ua Baothalaigh, i mbláth a n-óige. Bheirimíd ar gcómh-bhrón dá muinntir mbuaidheartha atá go huaigneach 'n-a ndiaidh. Is fíor-chreach a mbás ar Éirinn agus ar Ghaedhealaibh agus go mór-mhór ar lucht cosnamha na Gaedhilge.”
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services