Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An té nach maireann

Title
An té nach maireann
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An té nach maireann.



Seo litir atáthar a sheoladh go dtí Rúnaidhe
na gCraobh: —



A Chara,
Tá iarracht dhá dhéanamh le cáil agus clú
Eibhlín Nic Niocaill a choinneál beo i measg
muinntire na hÉireann. Má éirgheann leis
an iarracht so déanfaidh sé maith ar dhá bhealach.
Ní hé amháin go gcuideochaidh sé le ainm Eibhlín
a choinneál faoi mheas agus faoi onóir acht
bhéaraidh sé congnamh do mhuirighin bhoicht atá
faoi bhrón agus briseadh chroidhe. Ní gábhadh
innseacht annso an chaoi a bhfuair Eibhlín Nic
Niocaill bás. Tá an sgéal ró-úr agus ní call
é innseacht arís. Thug sí a hanam uasal ar
son a cara. An fhad is mhairfeas an Ghaedhilg
béidh a hainm faoi mheas agus faoi chlú i nÉirinn,
agus béidh sí mar shompla do na Gaedhealaibh
thiocfas 'n-a diaidh.



Séard tá ceaptha a dhéanamh, agus molann
muinntir Eibhlín an obair, an pictiúir is déidhean-
naighe di a rinneadh a dhíol, agus an sochar a chur
i leath-taobh le haghaidh muinntire an bhuachalla
chródha a thug a anam ag iarraidh Eibhlín a shábháil.
Duine ar bith a cheannóchas an pictiúir, ní hé
amháin go mbéidh sé ag cuidiughadh san obair
ghrádh-diadhamhail seo, acht béidh sé ag déanamh
a dhíchill le clú an chailín uasail a leathnughadh ar
fud na tíre. Níl aon aimhreas nár mhaith le Eibhlín
féin go n-éireochadh leis an iarracht so, as ucht
nár dhuine riamh í go mbadh mhaith léithi í féin a
chur i gcéill.



Badh cheart go mbeadh ceann de na pictiúiríbh
i dtigh gach uile Chonnradhthóir i nÉirinn. 'Sé an
méid a bhéas innti timcheall is naoi n-orlaigh
ar fhad, agus sé orlaigh ar leithead, agus ní
bhéidh uirthi acht hocht bpighinne déag. Tá súil agam
gur féidir í a chur saor thríd an bposta go dtí
Craobhacha de Chonnradh na Gaedhilge agus
cumainn eile má ceannuightear fiche cóip ar a
laighead di.



Cuir sgéala, má's é do thoil é, cé mhéad ceann
a bhéas ag teastáil ó do Chraoibh-se. Is féidir
an t-airgead agus orduighthe le haighaibh na
bpictiúir a chur go dtí CISTEOIR CHISTE
CRUADHTAIN NA mBLASGAEDÍ, 25,
CEARNÓG RUTHLAINN, BAILE ÁTHA CLIATH.



Mise, le mór-mheas,
Pádraig Ua Séagha.
(“Conán Maol”).



Seo litir do fuaireamar ó Sheaghán Mac
Murchadha Caomhánach: —



A Chara,
Do chonnac litir ó “Chonán Maol” go mbeadh
samhail Eibhlín Nic Niocaill le fágháil sara
fada ó Rúnaire Chonnartha na Gaedhilge agus go
raghadh an fágháltas do ghnóthochadh sé chum
muinntir an gharsúin chródha úd Domhnall Ó
Criomhtháin do thug a bheatha i n-iarracht Eibhlín
agus a dheirbhshiúr do shaoradh as a nguais.
Is ionmholta an tionnsgadal é seo gan aon
amhras agus déanfaidh Gaedhil beart uasal.
Níl aon tigh Éireannaigh ná gur cheart samhail
Eibhlín do bheith ann mar ba inghean sár-dhílis dá
dhúthaigh í agus mara mbeadh an bás dá sgiobadh
leis i dtúis a beatha do chuirfeadh sí comaoin
ar Éirinn, agus mar atá an cúrsa tasbánann
sí an mianach uasal do bhí innti ar n-a tabhairt
a beatha ar son cóimhchréatúra. Riamh roimhe
seo níor creachadh an tir i mbás aoinne comh mór.
Is beag gurbh' eol dóibh a luach súd. Tá imthighthe
uainn cailín mánla, sgoláire cliste, inntleacht
foirbthe, mian uasal, lághach, agus inghean
sár-dhílis dá dúthaigh. Go dtugaidh Dia
suaimhneas síorraidhe dá hanam agus d'anam
Dhomhnaill bhoicht gan cháim. Ámén.



S. Mac M. Caomhánach.



Bhí cruinniughadh ag Ollamhnaibh agus ag
Macaibh Léighinn Choláiste na Mumhan Dia
Sathairn. Bhí mór-chuid aca i láthair agus do
cuireadh an rún so leanas i bhfeidhm d'aon-ghuth:



“Is adbhar mór bróin do Ollamhnaibh agus
do Mhacaibh Léighinn Choláiste na Mumhan bás an
trír, .i. Eibhlín Nic Niocaill, Domhnall Ua
Criomhthain, agus Tomás Ua Baothalaigh, i
mbláth a n-óige. Bheirimíd ar gcómh-bhrón dá
muinntir mbuaidheartha atá go huaigneach 'n-a
ndiaidh. Is fíor-chreach a mbás ar Éirinn agus
ar Ghaedhealaibh agus go mór-mhór ar lucht
cosnamha na Gaedhilge.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services