Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Turas úd .i. "Turas an Oireachtais."
Title
An Turas úd .i. "Turas an Oireachtais."
Author(s)
Ó hAnnracháin, Peadar,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Turas úd .i. “Turas an Oireachtais.” Críoch leath-oban b'eadh críoch tuairisge an turais úd agam-sa tréis Oireachtas na bliadhna anuirigh. Ní gan fáth do cuireadh críoch d'á shaghas leis. Shamhlaigh an duine a bhí 'ghá sgríobh nár bheag a raibh ann de de'n chor san. Bhí gnóthaí eile le déanamh aige leis agus i bhfochair an dhá nidhe sin do bhuail droch-thaom leásuigheachta an peann sgríobhnóra. Cheap daoine áirighthe gur b'amhlaidh a cuireadh fá dhraoidheacht mé sul ar sgaras le sléibhte Dhún na nGall i dtreo as ná faca breaghacht na dúithe am ghabháil a dtuaidh thré Chonnachtaibh acht ní mar sin thárlaidh dom, cor ar bith. Shaoil daoine eile gurb' amhlaidh a chuir an leomhan úd i gCnoc Bhunker i bPort Láirge sgannradh orm nuair a thug sé aghaidh ar lucht Loitighthe ár litridheachta, agus nár fhan neart mo dhóithin ionam an tuairisg do chur i gcrích. Bhí tuairimí eile ag daoine eile acht bhí mo thuairim féin agam-sa, agus ní dóigh liom gur tuairimigh éinne aca mo thuairim-se. “Dar ndóigh ní hamhlaidh atá sé ar aigne tosnughadh ar an gCLAIDHEAMH SOLUIS do bhreacadh anois le himtheachtaibh na bliadhna anuirigh.” “Nach é an lab é mar thuras; ba dhóigh le duine ar seo mar fhear gurb é féin an chéad duine riamh do chuaidh ar thuras trí Chúige Uladh agus tré Chonnachtaibh.” Sin mar a bheidh daoine ag cainnt nuair chífidh siad tosach na haiste seo 'ghá cur síos anois agam. Bog réidh, a léightheóirí. Ná bíodh eagla oraibh. Ní bheidh puinn ann de. Nílim chun leanamhaint de'n tuairisg úd in aon chor cé go deimhin gur ró-mhaith liom é, dá bhféadfainn é; mar dá bhreaghacht a bhí an saoghal agam i nUlaidh níorbh' thairbhe dhom é ar mo ghabháil tré Chúige Connacht. Chaitheas beagán aimsire i measg na nGaedheal i gColáiste Pháirtrí ar bhruach Locha Measga. Bhí Mícheál Breathnach t'réis imtheacht go Baile Átha Cliath an lá rángas an ball san. Bhí dubh-sgamall an bhróin ar gach nduine sa Choláisde an tráthnóna céadna. Chonac daoine ann go raibh aithne agam ortha le fada a's ní fhaca riamh roimis sin iad acht go geal-gháiritheach. Bhí tocht, n-a gcroidhe an tráthnóna úd. Thuigeas fáth a n-uaignis. Bhí a fhios aca go ró-mhaith ná fillfeadh Mícheál bocht go bráth arís go dtí inead an Choláisde. Bhí fhios aca ná múinfeadh sé focal Gaedhilge go bráth arís dóibh. Ní fhaca aoinne ann gur
mó go raibh truagh agam dó ná Pádruig Ó Domhnalláin. Groidhe-Ghaedheal gonta is eadh Pádruig; is ar éigin go raibh fhios aige cad do bhí ar siubhal 'n-a thimpeall, ná cad do bhí ghá rádh ag éinne ná aige féin an tráthnóna úd bhí sé chomh mór san tré chéile mar gheall ar an ndroch- thoisg 'na raibh Mícheál. Níorbh' iongnadh é. Is ró-mhaith an sgéal é, dar liom, gur Pádruig atá mar phríomh-ollamh sa Choláisde sin i mbliadhna. Tá meas thar meodhan ar i ngach áit 'n-a raibh sé riamh, agus ní dócha liom go bhfuil Gaedheal níos dísle i nÉirinn indiu ná é. B'é an ball nar chuireas deire leis an dturas ná ar bhruach na Laoi i measg sléibhte Uibh Laoghaire san áit sin 'n-ar cuireadh an chéad Choláisde Gaedhealach ar bun le 'nár linn-ne. Bhí cuid mhaith de na macaibh léighinn imthighthe a bhaile leo féin sul ar rángas Béal Achadh' Ghaothraigh. Casadh cuid de Chiarriaghigh orm ar mo dhul soir ó Neidín. Chonac foth-dhuine ó Chondae an Chláir ag bogadh a bhaile ó'n gColáisde sin nuair a bhíos san gCondae sin. Bhí eagla orm na bheadh éinne romham ann nuair a shroichfinn an ball, acht imbasa bhí agus níorbh' é an iar- ndísg leis acht gasra breagh do chailíníbh a's de bhuachaillibh. Bhí an Tóibíneach ó Chorcaigh ann agus é mar shórt righ aca agus mar shaghas éigis ag a raibh ann. Fá 'n-a bhrághaid is eadh do cuirtí gach cruadh-phonc. Bhí sgoruidheacht aca oidhche an lae dár rángas an áit. Do cuireadh mar ghnó orm-sa ag an sgoruidheacht eachtraí agus imtheachtaibh na ndaoine do casadh orm am shiubhaltaibh sa turas úd d'aithris i mbeagán focal gan fuighealach gan easnamh. Ní dóigh liom gur chiúine a bhí uaisle Uladh an oidhche úd fad ó i nEamhain Macha agus Eisirt ag cur síos ar chúrsaí an tsaoghail i dTuatha Luchra agus Luprachán agus é 'na sheasamh ar an mbóird os comhair Fhearguis amach ná mar a bhí an tiomargadh soin ag éisteacht lem' thuairisg ar a bhfaca a's ar a chualas a's ar a cheapas le linn mo thurais bhig féin. Mholas dóibh pé tráth go mbeadh sé 'na gcumas cuaird éigin do thabhairt las amuigh, gur bh'fhiú dhóibh dul go Coláisde Gaedhealach éigin aca san atá ins na Cúigibh eile, agus tamall do chaitheamh ann. Molaim an rud céadna indiu dhóibh. D'inseas conus mar ba mhó fá dhó a raibh de'n Ghaedhilg ghá labhairt ag na leanbhaí óga san leirg sin mar a bhfuil Coláisde Uladh ná mar atá i nUibh Laoghaire — rud dob' fhios dhom. Léirigheas do réir mo thuairimse conus mar a thagadh tairbhe de bharr tuille aithne do bheith ar a chéile ag muinntir na Mumhan agus muinntir na gCúigí eile; conus mar a chuirfeadh an aithne sin feabhas ar an nGaedhilg ar ball; conus mar a dhéanfadh sé níos ceanamhla ar a chéile sinn, agus níos treise i gcoinnibh an fhir thall, agus bhí cúpla focal mar gheall ar an athrughadh a chuirfeadh an aithne sin ar gnó na hÁrd-Fheise gach bliadhain. B'fhéidir go bhfuil iongna ar chuid agaibh, a léightheoirí, cad fá ndear go bhfuilim ag craobh- sgaoileadh an méid seo tuairisge anois. Ná bighidh amhlaidh feasda. Is gearr uainn Oireachtas na bliadhna so. Béidh ana-chuid Gaedheal i bhfochair a chéile i nÁth Cliath ar feadh seacht- mhaine sin an Oireachtais. I ndeire na seachtmhaine beidh ag sgaramhaint le chéile, agus 'sé is dóichighe ná go mbéidh a bhfurmhór ag cuimhneamh ar imtheacht leo abhaile an bóthar céadna a chuireadar díobh ar teacht go hÁth Cliath dhóibh. Beidh cuid aca ann agus ba mhaith leo dul go háit éigin Ghaedhealach, ná facadar fós, ar feadh seachtmhaine nó dhó; acht toisg gan aon tsocrughadh do bheith beartuighthe roimh ré aca ní imtheochaidh i n-áit ar bith acht ar n-ais abhaile. Déinimís a mhalairt de chrot do chur ar an sgéal i mbliadhna agus ní mar chaitheamh aimsire amháin, acht mar mhaitheas de'n Ghaedhilg. Iad soin a raghaidh go Tír Chonaill ba chóir dhóibh gan bheith go ró dhiomhaoin ann. Tá lucht púicíní do chur ar daoinibh go gnóthach ann faid atá trácht ar an Iolsgoil nuaidh seo. Má dhéineann Timthirí an Chonnartha atá ann breis gleoidh b'fhéidir gur ghearr ná beadh fághail aca ar bhuidheantaibh Gaedhilge do chur ar siubhal ins na sgoileanaibh. Níor mhór an gleo a dhéanamh ann agus púicín na “mbright centres” do tsracadh anuas ámhthach, agus ní thuigim cad 'na thaobh ná féadfadh lucht treasdáil beagán de'n ghnó do dhéanamh. Ar an gcuma gcéadna tá obair le déanamh i gCúige Chonnacht agus níor b'aon dioghbháil baill áirighthe i gCúige Mumhan do shiubhal agus na daoine do chorraighe. Is fearr an aithne atá ag námhaid na Gaedhilge agus ag námhaid na hÉireann ar a chéile ná mar tá againn ar a chéile, a Ghaedheala, is baoghalach; agus tá a lán aca ann thall a's i bhfus ar fuid na tíre fós. Déinimís iarracht ar aithne níos fearr do bheith ar a chéile agus ar níos mó iontaoibhe do bheith againn as a chéile, agus ar mhuinteardhas níos dluithe do bheith eadrainn agus ní baoghal ná go mba mhór an tairbhe dhúinn an sgéal do bheith mar sin againn. Tagaidís seo a bheith ag an Oireachtas so chughainn, agus fonn ortha leirg Ghaedhealach éigin do threasdal i mí Lughnasa, i bhfochair a chéile lá de na laethibh a bheidh i nÁth Cliath, agus déinidís an sgéal, agus an cúrsa do shocrughadh. B'fhiú do mhuinntir Uladh agus do mhuinntir Chonnacht gabháil trí Chiarraidhe agus trí Íarthar Chorcaighe agus b'fhiú do mhuinntir na Mumhan Iar-Chonnacht a's Dhún na nGall do threasdal. Dob' fhiú dhúinn uile níos mó eoluis do bheith ar ár n-oileán féin agus níos mó feasa ar gach a bhfuil ar siubhal ann dá mbeadh sé do ghustal againn agus de mheabhair againn tabhairt fé. Lucht iasachta is mó a dhéineann cur síos ar ár n-imtheachtaibh i nÉirinn; is iad is mó chímíd ag treasdal na dúithe. Níor mhisde dhúinn féin an obair do dhéanamh. Ní dhéanfaidh na daoine seo a bhíonn ag Béarlóireacht go bráth é dá feabhas iad. Beidh ar lucht na Gaedhilge do sgríobhadh fíor-thuairisg ar imtheachtaibh na nGaedheal agus fír-eolas ar bhreaghacht na gcnoc agus na ngleann, na gcumar agus na n-abhann atá in Éirinn do sgríobhadh lá éigin. Tá mór-chuid saothair eile le déanamh acht sinn leis, agus tá 'nár gcumas é dhéanamh acht sinn do ghríosughadh chuige. Má bhíonn sé de rath ar aon chuid againn turas do thabhairt tríd an dúthaigh i mbliadhna ba chóir dúinn gan a bheith díomhaoin acht ár bpeanna do bheith i dtreo fhoghanta agus ár gcuid féin de'n tseanchus do chur síos chomh maith a's beidh de neart againn é dhéanamh. Peadar Ó hAnnracháin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services