Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Turas úd .i. "Turas an Oireachtais."

Title
An Turas úd .i. "Turas an Oireachtais."
Author(s)
Ó hAnnracháin, Peadar,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Turas úd .i. “Turas an
Oireachtais.”



Críoch leath-oban b'eadh críoch tuairisge an
turais úd agam-sa tréis Oireachtas na bliadhna
anuirigh. Ní gan fáth do cuireadh críoch d'á
shaghas leis. Shamhlaigh an duine a bhí 'ghá sgríobh nár
bheag a raibh ann de de'n chor san. Bhí gnóthaí
eile le déanamh aige leis agus i bhfochair an dhá
nidhe sin do bhuail droch-thaom leásuigheachta an
peann sgríobhnóra. Cheap daoine áirighthe gur
b'amhlaidh a cuireadh fá dhraoidheacht mé sul ar
sgaras le sléibhte Dhún na nGall i dtreo as ná
faca breaghacht na dúithe am ghabháil a dtuaidh
thré Chonnachtaibh acht ní mar sin thárlaidh dom, cor
ar bith. Shaoil daoine eile gurb' amhlaidh a chuir
an leomhan úd i gCnoc Bhunker i bPort Láirge
sgannradh orm nuair a thug sé aghaidh ar lucht
Loitighthe ár litridheachta, agus nár fhan neart
mo dhóithin ionam an tuairisg do chur i gcrích.



Bhí tuairimí eile ag daoine eile acht bhí mo
thuairim féin agam-sa, agus ní dóigh liom gur
tuairimigh éinne aca mo thuairim-se.



“Dar ndóigh ní hamhlaidh atá sé ar aigne
tosnughadh ar an gCLAIDHEAMH SOLUIS do
bhreacadh anois le himtheachtaibh na bliadhna
anuirigh.”



“Nach é an lab é mar thuras; ba dhóigh le
duine ar seo mar fhear gurb é féin an chéad
duine riamh do chuaidh ar thuras trí Chúige Uladh
agus tré Chonnachtaibh.”



Sin mar a bheidh daoine ag cainnt nuair chífidh
siad tosach na haiste seo 'ghá cur síos anois
agam. Bog réidh, a léightheóirí. Ná bíodh eagla
oraibh. Ní bheidh puinn ann de. Nílim chun
leanamhaint de'n tuairisg úd in aon chor cé go
deimhin gur ró-mhaith liom é, dá bhféadfainn
é; mar dá bhreaghacht a bhí an saoghal agam i
nUlaidh níorbh' thairbhe dhom é ar mo ghabháil tré
Chúige Connacht. Chaitheas beagán aimsire i
measg na nGaedheal i gColáiste Pháirtrí ar
bhruach Locha Measga. Bhí Mícheál Breathnach
t'réis imtheacht go Baile Átha Cliath an lá rángas
an ball san. Bhí dubh-sgamall an bhróin ar gach
nduine sa Choláisde an tráthnóna céadna.
Chonac daoine ann go raibh aithne agam ortha
le fada a's ní fhaca riamh roimis sin iad acht
go geal-gháiritheach. Bhí tocht, n-a gcroidhe an
tráthnóna úd. Thuigeas fáth a n-uaignis. Bhí
a fhios aca go ró-mhaith ná fillfeadh Mícheál
bocht go bráth arís go dtí inead an Choláisde.
Bhí fhios aca ná múinfeadh sé focal Gaedhilge
go bráth arís dóibh. Ní fhaca aoinne ann gur


L. 5


mó go raibh truagh agam dó ná Pádruig
Ó Domhnalláin. Groidhe-Ghaedheal gonta is eadh
Pádruig; is ar éigin go raibh fhios aige cad do
bhí ar siubhal 'n-a thimpeall, ná cad do bhí ghá rádh
ag éinne ná aige féin an tráthnóna úd bhí sé
chomh mór san tré chéile mar gheall ar an ndroch-
thoisg 'na raibh Mícheál. Níorbh' iongnadh é.



Is ró-mhaith an sgéal é, dar liom, gur Pádruig
atá mar phríomh-ollamh sa Choláisde sin
i mbliadhna. Tá meas thar meodhan ar i ngach
áit 'n-a raibh sé riamh, agus ní dócha liom go bhfuil
Gaedheal níos dísle i nÉirinn indiu ná é.



B'é an ball nar chuireas deire leis an dturas
ná ar bhruach na Laoi i measg sléibhte Uibh
Laoghaire san áit sin 'n-ar cuireadh an chéad
Choláisde Gaedhealach ar bun le 'nár linn-ne.



Bhí cuid mhaith de na macaibh léighinn imthighthe a
bhaile leo féin sul ar rángas Béal Achadh'
Ghaothraigh. Casadh cuid de Chiarriaghigh orm ar
mo dhul soir ó Neidín. Chonac foth-dhuine ó
Chondae an Chláir ag bogadh a bhaile ó'n gColáisde
sin nuair a bhíos san gCondae sin. Bhí eagla
orm na bheadh éinne romham ann nuair a shroichfinn
an ball, acht imbasa bhí agus níorbh' é an iar-
ndísg leis acht gasra breagh do chailíníbh a's de
bhuachaillibh.



Bhí an Tóibíneach ó Chorcaigh ann agus é mar
shórt righ aca agus mar shaghas éigis ag a raibh
ann. Fá 'n-a bhrághaid is eadh do cuirtí gach
cruadh-phonc.



Bhí sgoruidheacht aca oidhche an lae dár rángas
an áit. Do cuireadh mar ghnó orm-sa ag an
sgoruidheacht eachtraí agus imtheachtaibh na
ndaoine do casadh orm am shiubhaltaibh sa turas
úd d'aithris i mbeagán focal gan fuighealach
gan easnamh. Ní dóigh liom gur chiúine a bhí
uaisle Uladh an oidhche úd fad ó i nEamhain
Macha agus Eisirt ag cur síos ar chúrsaí an
tsaoghail i dTuatha Luchra agus Luprachán agus
é 'na sheasamh ar an mbóird os comhair Fhearguis
amach ná mar a bhí an tiomargadh soin ag éisteacht
lem' thuairisg ar a bhfaca a's ar a chualas a's
ar a cheapas le linn mo thurais bhig féin. Mholas
dóibh pé tráth go mbeadh sé 'na gcumas cuaird
éigin do thabhairt las amuigh, gur bh'fhiú dhóibh dul
go Coláisde Gaedhealach éigin aca san atá ins
na Cúigibh eile, agus tamall do chaitheamh ann.
Molaim an rud céadna indiu dhóibh. D'inseas
conus mar ba mhó fá dhó a raibh de'n Ghaedhilg ghá
labhairt ag na leanbhaí óga san leirg sin mar
a bhfuil Coláisde Uladh ná mar atá i nUibh
Laoghaire — rud dob' fhios dhom. Léirigheas do
réir mo thuairimse conus mar a thagadh tairbhe
de bharr tuille aithne do bheith ar a chéile ag
muinntir na Mumhan agus muinntir na gCúigí
eile; conus mar a chuirfeadh an aithne sin feabhas
ar an nGaedhilg ar ball; conus mar a dhéanfadh
sé níos ceanamhla ar a chéile sinn, agus níos
treise i gcoinnibh an fhir thall, agus bhí cúpla
focal mar gheall ar an athrughadh a chuirfeadh an
aithne sin ar gnó na hÁrd-Fheise gach bliadhain.



B'fhéidir go bhfuil iongna ar chuid agaibh,
a léightheoirí, cad fá ndear go bhfuilim ag craobh-
sgaoileadh an méid seo tuairisge anois. Ná
bighidh amhlaidh feasda. Is gearr uainn Oireachtas
na bliadhna so. Béidh ana-chuid Gaedheal i
bhfochair a chéile i nÁth Cliath ar feadh seacht-
mhaine sin an Oireachtais.



I ndeire na seachtmhaine beidh ag sgaramhaint
le chéile, agus 'sé is dóichighe ná go mbéidh a
bhfurmhór ag cuimhneamh ar imtheacht leo abhaile
an bóthar céadna a chuireadar díobh ar teacht
go hÁth Cliath dhóibh. Beidh cuid aca ann agus
ba mhaith leo dul go háit éigin Ghaedhealach, ná
facadar fós, ar feadh seachtmhaine nó dhó; acht
toisg gan aon tsocrughadh do bheith beartuighthe
roimh ré aca ní imtheochaidh i n-áit ar bith acht ar
n-ais abhaile.



Déinimís a mhalairt de chrot do chur ar an
sgéal i mbliadhna agus ní mar chaitheamh aimsire
amháin, acht mar mhaitheas de'n Ghaedhilg. Iad
soin a raghaidh go Tír Chonaill ba chóir dhóibh gan
bheith go ró dhiomhaoin ann. Tá lucht púicíní do
chur ar daoinibh go gnóthach ann faid atá trácht
ar an Iolsgoil nuaidh seo. Má dhéineann Timthirí
an Chonnartha atá ann breis gleoidh b'fhéidir gur
ghearr ná beadh fághail aca ar bhuidheantaibh
Gaedhilge do chur ar siubhal ins na sgoileanaibh.
Níor mhór an gleo a dhéanamh ann agus púicín
na “mbright centres” do tsracadh anuas ámhthach,
agus ní thuigim cad 'na thaobh ná féadfadh lucht
treasdáil beagán de'n ghnó do dhéanamh. Ar
an gcuma gcéadna tá obair le déanamh i gCúige
Chonnacht agus níor b'aon dioghbháil baill áirighthe
i gCúige Mumhan do shiubhal agus na daoine do
chorraighe.



Is fearr an aithne atá ag námhaid na Gaedhilge
agus ag námhaid na hÉireann ar a chéile ná mar
tá againn ar a chéile, a Ghaedheala, is baoghalach;
agus tá a lán aca ann thall a's i bhfus ar fuid
na tíre fós.



Déinimís iarracht ar aithne níos fearr do
bheith ar a chéile agus ar níos mó iontaoibhe do
bheith againn as a chéile, agus ar mhuinteardhas
níos dluithe do bheith eadrainn agus ní baoghal
ná go mba mhór an tairbhe dhúinn an sgéal do
bheith mar sin againn.



Tagaidís seo a bheith ag an Oireachtas so
chughainn, agus fonn ortha leirg Ghaedhealach éigin
do threasdal i mí Lughnasa, i bhfochair a chéile
lá de na laethibh a bheidh i nÁth Cliath, agus
déinidís an sgéal, agus an cúrsa do shocrughadh.
B'fhiú do mhuinntir Uladh agus do mhuinntir
Chonnacht gabháil trí Chiarraidhe agus trí Íarthar
Chorcaighe agus b'fhiú do mhuinntir na Mumhan
Iar-Chonnacht a's Dhún na nGall do threasdal.
Dob' fhiú dhúinn uile níos mó eoluis do bheith ar
ár n-oileán féin agus níos mó feasa ar
gach a bhfuil ar siubhal ann dá mbeadh sé do
ghustal againn agus de mheabhair againn tabhairt
fé. Lucht iasachta is mó a dhéineann cur síos
ar ár n-imtheachtaibh i nÉirinn; is iad is mó
chímíd ag treasdal na dúithe. Níor mhisde
dhúinn féin an obair do dhéanamh. Ní dhéanfaidh
na daoine seo a bhíonn ag Béarlóireacht go bráth
é dá feabhas iad. Beidh ar lucht na Gaedhilge do
sgríobhadh fíor-thuairisg ar imtheachtaibh na
nGaedheal agus fír-eolas ar bhreaghacht na
gcnoc agus na ngleann, na gcumar agus na
n-abhann atá in Éirinn do sgríobhadh lá éigin.



Tá mór-chuid saothair eile le déanamh acht sinn
leis, agus tá 'nár gcumas é dhéanamh acht sinn
do ghríosughadh chuige. Má bhíonn sé de rath ar
aon chuid againn turas do thabhairt tríd an
dúthaigh i mbliadhna ba chóir dúinn gan a bheith
díomhaoin acht ár bpeanna do bheith i dtreo
fhoghanta agus ár gcuid féin de'n tseanchus
do chur síos chomh maith a's beidh de neart againn
é dhéanamh.



Peadar Ó hAnnracháin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services