Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Feis na nGleann
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Feis na nGleann
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Feis na nGleann. Beirt Fhear do bhí liom go dtí Feis na nGleann. Bhí an lá searbh go leor. Chá rabh ró-mhórán daoine ar an traen ar bhfágbháil Bhéil Féirsde dúinn acht ag gabháil budh thuaidh dúinn líonadh an traen suas agus sul mar shroicheamar ceann ar dturais bhí na carbaid chomh lán sin nár bh'fheidir suidheachán d'fhágháil in áit ar bith. Bhí a lán daoine i mBaile an Chaisleáin ruith an lae acht mar nach bhfeicfidhe iad le chéile i n-aon áit amháin chá mheasfadh duine go rabh a leath oiread ann. Bhí siad sgaptha thart; cuid aca i dtigh sgoile, cuid aca i halla, cuid aca in oifig; agus dornán mór aca i bpáirc, áit a rabh an damhsadh agus na cleasa lúith. Bhí an aimsir briste ruith an lae agus d'fhan na daoine faoi dhíon na toighthe níos mó ná dheánadaois lá tirm. Bhí ruda éagsamhla ag an Fheis dhíombainte do'n Ghaedhilg ceol agus rinnce, cleasa lúith agus léiriughadh deantús, agus budh dheacair do dhuinne amháin tuairisg do thabhairt ortha seo go léir. San Gaedhilg chuir mé féin spéis agus chonnaic mé an chuid is mó d'obair na Gaedhilge. Bhí na comórtasaighe go maith acht nach rabh go leor aca ann. Agus an chuid is mó agus is fearr aca tháinig siad ó Chonndae Dhoire. Chá rabh níos mó na seisear no mór sheisear aca as Conndae Aontroma agus iadsan féin chán Gaedhilg Chonndae Aontroma do bhí aca. Bhíomar ag feitheamh le buidhean as Reachrainn acht chá dtáinig siad ann chan fhuil fhios agam goidé'n fáth. Gaedhilg Alban nach mór atá aca i Reachrainn acht tá canamhaint Uladh aca i nGleann- taibh Aontroma agus tuigim go bhfuil daoine ann ghá saothrughadh agus ghá teagasg do na páisdíbh. Chuir sé ríméad orm an méid Gaedhilge bhí dhá labhairt i measg na ndaoine do bhí ag an Fheis. Chá rabh súil agam leis mar bhí fhios agam gur tearc Gaedhilgeoir fán dúthaigh sin. Bhíodh sin mar atá agus cibé ar bith áit nó áird as a dtáinig na Gaedhilgeoirí bhí go leor aca i láthair. Ba fhís agus iris do dhaoinibh na háite a gcualadar de Ghaedhilg an lá sin. Siúd is nach deachaidh obair na Gaedhilge un tosaigh go ró-thréan i nDalriada go nuige seo tá suidhte annseo agus annsiúd Gaedheal tréan ughdarásach atá ó n-a thur cosainte do'n Ghaedhilg ins na Gleanntaibh agus ins an tír timcheall ortha. I nGleannarm atá deirbhshiúr d'Eoin Mac Néill; i nGleann Airbhthe tá an Inghean Dobbs, agus is mór tábhachtach an méid saothair atá sí ag cur isteach; agus ag bun an Ghleanna céadna tá an tAthair Domhnall Ó Tuathail a thug láimh láidir chonganta do'n chúis agus é, n-a chigire, chreidim, i mBéil Feirsde. Tá sé óg fós agus tá a shaoghal roimhe agus tá muinighin mhór agam as i gcúis na Gaedhilge. I nGleann eile níos fuide budh thuaidh atá Ite Nic Néill 'n-a comhnuidhe agus tá fhios ag an uile dhuine chomh díleas is tá sise d'Éirinn Ghaedhealach. I mBaile an Chaisleáin tá Lughaidh Breathnach an fear ba mhó bhí i mbun na Feise agus fear a bhfuil an t-eolas aige le cúis na Gaedhilge do chosaint. Tá Aindreas Ó Dubhthaigh ag Dunshlóigh mar Conall Cearnach i n-a dhún féin. Tá an bhean uasal Rós Ní hÓgáin ag Baile Meadhonach, agus an Ingean Nic Eochach ag Cúlratháin. Ní dóigh liom go bhfuil in Éirinn anois buidhean Ghaedhilgeoirí ba dílse, b'ionnraicighe ba stuamdha, ba thréine, ná ba bhuainseas- mhaighe ná an bhuidhean atá luaidhte agam shuas. Ó's amhlaidh atá an sgéal is tuairim liom go mbéidh an Ghaedhilg faoi mheas i nDariadha go fóill. Cluinim go bhfuil an tAthair Éamonn Mac Gabhanim ar tí imtheacht as Reachrainn. Mar gheall ar a shláinte is dóigh liom is cionntach leis. Is mór aidbhéil an tubaiste agus an mío-fhortún do'n Ghaedhilg san Oileán é agus mura gcuirtear sagart maith i n-a áit bhéas dileas do'n Gaedhilg is baoghlach nach n-éireochaidh linn an Ghaedhilg do bhuanughadh i Righdonn. Trácht ar Reachrainn agus an Ghaedhilg ann chuireas fuagra sa CHLAIDHEAMH tá tamall ó shoin ag iarraidh airgid do cisde Reachrainn leis an múinteoir Gaedhilge do choinneál ar cois ann. Fuair mé dhá shíntiús ó'n fhuagra sin — an bheirt aca ó'n mBreatain. Chan fhuair mé ceann ar bith ó mhuinntir na hÉireann. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services