Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - Feis na nGleann

Title
Cúrsaí an tSaoghail - Feis na nGleann
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Feis na nGleann.



Beirt Fhear do bhí liom go dtí Feis na nGleann.
Bhí an lá searbh go leor. Chá rabh ró-mhórán
daoine ar an traen ar bhfágbháil Bhéil Féirsde
dúinn acht ag gabháil budh thuaidh dúinn líonadh
an traen suas agus sul mar shroicheamar ceann
ar dturais bhí na carbaid chomh lán sin nár bh'fheidir
suidheachán d'fhágháil in áit ar bith. Bhí a lán
daoine i mBaile an Chaisleáin ruith an lae acht
mar nach bhfeicfidhe iad le chéile i n-aon áit
amháin chá mheasfadh duine go rabh a leath oiread ann.
Bhí siad sgaptha thart; cuid aca i dtigh sgoile, cuid
aca i halla, cuid aca in oifig; agus dornán mór aca
i bpáirc, áit a rabh an damhsadh agus na cleasa
lúith. Bhí an aimsir briste ruith an lae agus
d'fhan na daoine faoi dhíon na toighthe níos mó
ná dheánadaois lá tirm. Bhí ruda éagsamhla
ag an Fheis dhíombainte do'n Ghaedhilg ceol
agus rinnce, cleasa lúith agus léiriughadh
deantús, agus budh dheacair do dhuinne amháin
tuairisg do thabhairt ortha seo go léir. San
Gaedhilg chuir mé féin spéis agus chonnaic mé
an chuid is mó d'obair na Gaedhilge. Bhí na
comórtasaighe go maith acht nach rabh go leor aca
ann. Agus an chuid is mó agus is fearr aca tháinig
siad ó Chonndae Dhoire. Chá rabh níos mó na
seisear no mór sheisear aca as Conndae
Aontroma agus iadsan féin chán Gaedhilg
Chonndae Aontroma do bhí aca. Bhíomar ag
feitheamh le buidhean as Reachrainn acht chá
dtáinig siad ann chan fhuil fhios agam goidé'n
fáth. Gaedhilg Alban nach mór atá aca i
Reachrainn acht tá canamhaint Uladh aca i nGleann-
taibh Aontroma agus tuigim go bhfuil daoine
ann ghá saothrughadh agus ghá teagasg do na
páisdíbh.



Chuir sé ríméad orm an méid Gaedhilge bhí
dhá labhairt i measg na ndaoine do bhí ag an
Fheis. Chá rabh súil agam leis mar bhí fhios
agam gur tearc Gaedhilgeoir fán dúthaigh sin.
Bhíodh sin mar atá agus cibé ar bith áit nó áird
as a dtáinig na Gaedhilgeoirí bhí go leor aca i
láthair. Ba fhís agus iris do dhaoinibh na háite
a gcualadar de Ghaedhilg an lá sin.



Siúd is nach deachaidh obair na Gaedhilge un
tosaigh go ró-thréan i nDalriada go nuige seo
tá suidhte annseo agus annsiúd Gaedheal tréan
ughdarásach atá ó n-a thur cosainte do'n
Ghaedhilg ins na Gleanntaibh agus ins an tír
timcheall ortha. I nGleannarm atá deirbhshiúr
d'Eoin Mac Néill; i nGleann Airbhthe tá an
Inghean Dobbs, agus is mór tábhachtach an méid
saothair atá sí ag cur isteach; agus ag bun
an Ghleanna céadna tá an tAthair Domhnall Ó
Tuathail a thug láimh láidir chonganta do'n chúis
agus é, n-a chigire, chreidim, i mBéil Feirsde. Tá
sé óg fós agus tá a shaoghal roimhe agus tá
muinighin mhór agam as i gcúis na Gaedhilge.
I nGleann eile níos fuide budh thuaidh atá Ite
Nic Néill 'n-a comhnuidhe agus tá fhios ag an
uile dhuine chomh díleas is tá sise d'Éirinn
Ghaedhealach. I mBaile an Chaisleáin tá Lughaidh
Breathnach an fear ba mhó bhí i mbun na Feise agus
fear a bhfuil an t-eolas aige le cúis na Gaedhilge
do chosaint. Tá Aindreas Ó Dubhthaigh ag
Dunshlóigh mar Conall Cearnach i n-a dhún féin.
Tá an bhean uasal Rós Ní hÓgáin ag Baile
Meadhonach, agus an Ingean Nic Eochach ag
Cúlratháin. Ní dóigh liom go bhfuil in Éirinn
anois buidhean Ghaedhilgeoirí ba dílse, b'ionnraicighe
ba stuamdha, ba thréine, ná ba bhuainseas-
mhaighe ná an bhuidhean atá luaidhte agam shuas.
Ó's amhlaidh atá an sgéal is tuairim liom go
mbéidh an Ghaedhilg faoi mheas i nDariadha go
fóill.



Cluinim go bhfuil an tAthair Éamonn
Mac Gabhanim ar tí imtheacht as Reachrainn.
Mar gheall ar a shláinte is dóigh liom is cionntach
leis. Is mór aidbhéil an tubaiste agus an
mío-fhortún do'n Ghaedhilg san Oileán é agus
mura gcuirtear sagart maith i n-a áit bhéas
dileas do'n Gaedhilg is baoghlach nach
n-éireochaidh linn an Ghaedhilg do bhuanughadh
i Righdonn.



Trácht ar Reachrainn agus an Ghaedhilg ann
chuireas fuagra sa CHLAIDHEAMH tá tamall
ó shoin ag iarraidh airgid do cisde Reachrainn
leis an múinteoir Gaedhilge do choinneál ar
cois ann. Fuair mé dhá shíntiús ó'n fhuagra sin —
an bheirt aca ó'n mBreatain. Chan fhuair mé
ceann ar bith ó mhuinntir na hÉireann.



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services