Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha
Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha SGÉALA Ó BHAILE ÁTHA CLIATH. Dia Domhnaigh seo ghabh thorainn ag Bóthar Mhic Seoin do himreadh an bháire cinn i gcóir craobh ghaisce Bhaile Átha Cliath. Na Com- mercials is na Dáibhisigh a bhí ag iomaidh di agus chuir gach taobh aca na fir a b'fhearr aca ag obair dóibh. Bhí an lá go maith, agus an imirt leis. Ar feadh urmhóir na haimsire níor b'fhéidir í cháineadh. Sa dara leath ba mhó do deineadh gníomhartha ann. Bhí scór maith curtha síos ag na Dáibhisigh sa chéad bhabhta, mar bhí an ghaoth leo, acht máseadh do baineadh dhíobh é nuair do mhalartuigheadar taobh. Bhí fuireann an- láidir ag na Commercials agus nuair bhí ag éirighe leo do choinghibheadar lámh ar an mbéalbhach chun gur chuireadar go maith ar na Dáibhisigh. Tá craobh Bhaile Átha Cliath ag na Commercials anois agus tá súil agam go n-éireochaidh go maith leo feasta. Sidé an scór: — Commercials, 2-11; Dáibhisigh, 1-8. CRAOBHACHA GAISCE CHÚIGE LAIGHEAN. Ag Ceatharlach Dia Domhnaigh do deineadh tofach ar iomaidheachtaibh Conntaethe Chúige Laighean i gcóir sóisear. Sa pheil do chuir ógánaigh Cheatharlaigh ar ógánachaibh Chill Choinnigh de, 0-7 i gcoinnibh 0-5. Sa báire bhí rith an ráis le sna garsúnaibh ó Chill Choinnigh i slighe go rabhadar fé dheire 4-22, agus gan ag ógfhuirinn Cheatharlaigh acht 0-2. I GCORCAIGH Bhí ana-thabhairt amach i gCorcaigh Dia Domhnaigh. Thárla cluithchí idir shinnsearaibh is sóisearaibh na Carraige Duibhe is Fionnbharra ann. Do bhí súil le hobair the ann, acht bhuadhadar muinntir na Cairrge Duibhe go hadhsáideach an dá chluithche. Sidé an táille An Charraig Dhubh (sinsir), 6-14; Fionnbharra, 2-6. An Charraig Dubh (sóisir), 2-15; Fionnbharra, 0-4. I MEASC NA SGOL. Dia Satharin seo ghabh tharainn do thárla báire “iongantach” idir fhoirníbh ó Scoil Éanna is ó Scoil na mBráthar, Sráid Sing, ar Chnocán Richmond. Annsúd a bhí an tuargaint is an tuitim is an teann-treascairt; ní fearr do conncathas ar bhadhún tuaiscirt na hÉanna i measc macaomh na Craoibhe Ruaidhe, ná ar fhaithche fhéaruaine “Almhan leathanmhór Laighean.” Ar feadh uair an chluig do sheasaimh an greadchomhrac is an gleó-ágh, agus dar leat nár “bh'fhios ciaca searrach na deaghlárach.” I ndeireadh na dála do chuir daltaí Éanna ar óglaochraidh na mBráthar, agus tá “high- jinks” i dTeach Fheadha Chuilinn ó shoin. Go maiream iad, ar n-óganaigh chalma. “THE GAELIC ATHLETIC ANNUAL.” Tá an “Annual” i gcóir na bliadhna so ullamh anois, agus badh cheart do gach Gaedheal i nÉirinn cóib dhe d'fhagháil agus do léigheamh. Tá aistí maithe bríoghmhara ann, agus ní'l Gaedheal beo ná déanfadh sé maitheas dó an leabhar so a scrúdughadh. Tá tosach an leabhair fé'n gCraoibhín agus é ag cur síos ar cheangal idir Chumann na gCleas Lúith is Chonnradh na Gaedhilge. Is fada don Chraobhín ag cainnt mar sin agus is maith liom a bheith le rádh agam go bhfuil muinntir Chumainn na gCleas Lúith ag casadh ar an gcomhairle sin a dhéanamh. Labharfad arís i dtaobh an “Annual.” Ní gábhadh dham a rádh anois acht a chur i n-umhail do gach éinne gur cheart dó é cheannach. Is féidir é fhagháil i siopa ar réal, nó tríd an bpost ar dhá thuis- tiún ón Rúnaidhe 3 Sráid Shain Séamuis, an chinn thuaidh, Áth Cliath. CUMANN NA LÁIMHE DEIRGE. 30:05:'09 A Chara, Dubhrais i gCLAIDHEAMH na seachtmhaine gabh tharrainn go bhfuair na Caoimhinigh buadh in aisge ó'n Lámh Dhearg. Ba mhaith liom a chur i n-iúl duit
ná fuair mar do sheasamair an fód (is ba gharbh an fód é). B'é an sgór i ndeire sgríbe: Caoimhínigh, 3-6 Lámh Dhearg, 2-0 Ní fheadar conus a bhfuairis an tuairisg eile. Pé in Éirinn é, ní fíor é, is badh mhaith liom dá ndeunfá é do cheartughadh. Is mise do chara, M. Ó Murchadha. Bhíos ag braith ar thuairiscíbh pháipéir an Luain. Is saith liom eagcóir a dhéanamh ar na Caoimhínigh. Tórna.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services