Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha

Title
Ar Faithche na hImeartha
Author(s)
Tórna,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



SGÉALA Ó BHAILE ÁTHA CLIATH.



Dia Domhnaigh seo ghabh thorainn ag Bóthar
Mhic Seoin do himreadh an bháire cinn i gcóir
craobh ghaisce Bhaile Átha Cliath. Na Com-
mercials is na Dáibhisigh a bhí ag iomaidh di agus
chuir gach taobh aca na fir a b'fhearr aca ag
obair dóibh. Bhí an lá go maith, agus an imirt
leis. Ar feadh urmhóir na haimsire níor
b'fhéidir í cháineadh. Sa dara leath ba mhó do
deineadh gníomhartha ann. Bhí scór maith curtha
síos ag na Dáibhisigh sa chéad bhabhta, mar bhí an
ghaoth leo, acht máseadh do baineadh dhíobh é nuair
do mhalartuigheadar taobh. Bhí fuireann an-
láidir ag na Commercials agus nuair bhí
ag éirighe leo do choinghibheadar lámh ar an
mbéalbhach chun gur chuireadar go maith ar na
Dáibhisigh. Tá craobh Bhaile Átha Cliath ag na
Commercials anois agus tá súil agam go
n-éireochaidh go maith leo feasta.



Sidé an scór: —
Commercials, 2-11; Dáibhisigh, 1-8.



CRAOBHACHA GAISCE CHÚIGE LAIGHEAN.



Ag Ceatharlach Dia Domhnaigh do deineadh
tofach ar iomaidheachtaibh Conntaethe Chúige
Laighean i gcóir sóisear. Sa pheil do chuir
ógánaigh Cheatharlaigh ar ógánachaibh Chill Choinnigh
de, 0-7 i gcoinnibh 0-5. Sa báire bhí rith an
ráis le sna garsúnaibh ó Chill Choinnigh i slighe
go rabhadar fé dheire 4-22, agus gan ag
ógfhuirinn Cheatharlaigh acht 0-2.



I GCORCAIGH



Bhí ana-thabhairt amach i gCorcaigh Dia
Domhnaigh. Thárla cluithchí idir shinnsearaibh is
sóisearaibh na Carraige Duibhe is Fionnbharra
ann. Do bhí súil le hobair the ann, acht
bhuadhadar muinntir na Cairrge Duibhe go
hadhsáideach an dá chluithche. Sidé an táille
An Charraig Dhubh (sinsir), 6-14; Fionnbharra,
2-6.



An Charraig Dubh (sóisir), 2-15; Fionnbharra,
0-4.



I MEASC NA SGOL.



Dia Satharin seo ghabh tharainn do thárla
báire “iongantach” idir fhoirníbh ó Scoil Éanna
is ó Scoil na mBráthar, Sráid Sing, ar Chnocán
Richmond. Annsúd a bhí an tuargaint is an
tuitim is an teann-treascairt; ní fearr do
conncathas ar bhadhún tuaiscirt na hÉanna
i measc macaomh na Craoibhe Ruaidhe, ná ar
fhaithche fhéaruaine “Almhan leathanmhór
Laighean.” Ar feadh uair an chluig do sheasaimh
an greadchomhrac is an gleó-ágh, agus dar leat
nár “bh'fhios ciaca searrach na deaghlárach.”
I ndeireadh na dála do chuir daltaí Éanna ar
óglaochraidh na mBráthar, agus tá “high-
jinks” i dTeach Fheadha Chuilinn ó shoin. Go
maiream iad, ar n-óganaigh chalma.



“THE GAELIC ATHLETIC ANNUAL.”



Tá an “Annual” i gcóir na bliadhna so
ullamh anois, agus badh cheart do gach Gaedheal
i nÉirinn cóib dhe d'fhagháil agus do léigheamh.
Tá aistí maithe bríoghmhara ann, agus ní'l
Gaedheal beo ná déanfadh sé maitheas dó an
leabhar so a scrúdughadh. Tá tosach an leabhair
fé'n gCraoibhín agus é ag cur síos ar cheangal
idir Chumann na gCleas Lúith is Chonnradh na
Gaedhilge. Is fada don Chraobhín ag cainnt
mar sin agus is maith liom a bheith le rádh agam
go bhfuil muinntir Chumainn na gCleas Lúith ag
casadh ar an gcomhairle sin a dhéanamh. Labharfad
arís i dtaobh an “Annual.” Ní gábhadh dham
a rádh anois acht a chur i n-umhail do gach éinne
gur cheart dó é cheannach. Is féidir é fhagháil
i siopa ar réal, nó tríd an bpost ar dhá thuis-
tiún ón Rúnaidhe 3 Sráid Shain Séamuis, an chinn
thuaidh, Áth Cliath.



CUMANN NA LÁIMHE DEIRGE.



30:05:'09



A Chara,
Dubhrais i gCLAIDHEAMH na seachtmhaine gabh
tharrainn go bhfuair na Caoimhinigh buadh in aisge
ó'n Lámh Dhearg. Ba mhaith liom a chur i n-iúl duit


L. 5


ná fuair mar do sheasamair an fód (is ba gharbh
an fód é). B'é an sgór i ndeire sgríbe:



Caoimhínigh, 3-6
Lámh Dhearg, 2-0



Ní fheadar conus a bhfuairis an tuairisg eile.
Pé in Éirinn é, ní fíor é, is badh mhaith liom dá
ndeunfá é do cheartughadh.



Is mise do chara,
M. Ó Murchadha.



Bhíos ag braith ar thuairiscíbh pháipéir an Luain.
Is saith liom eagcóir a dhéanamh ar na
Caoimhínigh.



Tórna.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services