Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - Aigne na nGall i nÉirinn
Title
Cúrsaí an tSaoghail - Aigne na nGall i nÉirinn
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail Aigne na nGall i nÉirinn. Tá aigne Ghallda ag mórán daoine i nÉirinn. Tá roinnt daoine ann agus ní thuigeann siad gurab Éireannaigh ar chor ar bith iad, siúd is gur tógadh iad féin agus a seacht sinnsear rómpa i nÉirinn. Cuir i gcás gur fíor-Ghaedhil féin iad do réir dhuthchais b'fhearr leo samhlughadh gur Gaill iad agus níl aca acht droich-mheas ar Gaedhealaibh agus ar nósaibh Gaedhealacha. Acht tá fur-mhór de lucht na nGall intinne 'n-a nGallaibh do réir dúthchais. Tá a n-athara 'sa tír seo ó aimsir na bainríoghna Sibeál nó ó aimsir an Ríogh Séamas nó ó aimsir Chrommel nó ó aimsir Uilliam nó b'fhéidir go dtáinig a mbunadh i nÉirinn níos deireannaighe ná soin féin. Rinne siad áit chomhnuidhe dobhtha féin i nÉirinn, phós siad mná agus thóg siad clanna, acht d'fhan a gclanna agus clann a gcloinne chomh Gallda i n-a n-aigne is bhí siad- san an chéad lá, agus maireann a shliocht agus an t-aigne Gallda aca go dtí an lá indiu. Casann orainn iad anois agus arís b'fheidir sa traen nó i dtigh ósda nó ag cruinniughadh puilidhe. Tá a gcuid páipéar nuaidheachta aca agus sgríobhann siad síos a gcuid smaointe ionnta agus má labhrann siad ar Éirinn ar chor ar bith is guth nó spíd nó locht chuireann siad in a leith. Maoidheann siad saidhbhreas Chúige Uladh, agus a fhonn ortha an saidbhreas soin do mhéadughadh agus cáir agus tarcuisne do chaitheadh ar an chuid eile d'Éirinn. Maoidheann siad gur mar gheall ar dhúthchas na nGall do bheith ionnta tá an saidhbhreas ag muinntir Chúige Uladh. Soin nó an Gall-chreideamh do thug siad leo ó Shasanaibh nó ó Albain. Rud ar bith nár rinneadh le Gallaibh i nÉirinn níor rinneadh é. Chá rabh i gcineadh Ghaedheal ariamh acht daosgar- shluagh fiadhaine, barbaracha, gan chreideamh gan smualtacht go dtí gur mhínigh na Sasanaigh rud beag iad. Chan fhuil gar labhairt leobhtha ar an Ghaedhilg níl innti dar leo, acht Béarla gar mar atá ag na fearaibh gorma i lár na hAifrioca. Ní'l gar labhairt leo ar stair na hÉireann; tá an stair sin ar tuathal aca, má tá sí aca ar chor ar bith. Chan eadh an stair do sgríobh na Gaedhil ortha féin is fiú leigheadh dar leis an dream so, acht an stair do chum dearg-naimhde na nGaedheal. Gach sgéal breagach ar cumadh orainn ariamh dá do-chreidte é, má's gránda salach, nimhneach go leór é tá seaca ar bharr a nguib, agus bíonn fearg as cuimse ortha nuair innistear sgéal nó seanchas a rachas i gcreideamhaint do'n Ghaedeal. Bíodh a fhiadhnaise an méid adeirim ar an droich-íde a thughad ar Mrs. Green, nuair a bhí de mhisneach aici beagán de'n fírinne do nochtughadh fa dtaoibh de stád na hÉireann ar feadh tréimhse. Cha dtuigim féin ar chor ar bith cad fáth fanann an dream so ag aigeanta Gallda i nÉirinn. Chomh fad is bhí a gcos ar bhraghaid na nGaedheal i nÉirinn mar bhí go dtí fiche bliadhain ó shoin nó mar soin, thuigfeadh duine gur fiú dóibh comhnaidhe i measg a námhad. Acht anois ó tá a réim agus a gcumhacht ag tuitim as a chéile go dtí gur beag an beann atá ag aon duine ortha is mór an t-iongnadh liom-sa nach nglanann siad as tír go Sasanaibh nó go 'Meiriocá nó go tír éigin eile in a bhfuil réim agus ceannus ag an Anglo-Sacsan. Goidé is fearr dúinne 'dheanadh leis an dream so. Tá, gan áird a thabhairt ortha ar chor ar bith, gan seadh ná chan eadh a rádh leobhtha acht iad do chur faoi chois nuair is féidir linn é. Níl gar a bheith ag cainnt leo nó bheith a dreim le hathrughadh inntinne do chur ionnta. Is dearg- náimhde dár dtír agus dár gcineadh iad, agus da n-imtheochadaois leobhtha as an tír b'amhlaidh a b'fhearr é. Ní'l ionnta acht dornán beag daoine ar fad, tighearnaí talmhan, ministéirí Gallda, muintear an Riaghaltais Ghallda agus a leithéidí sin. Acht tá cumhacht agus creidea- mhaint aca go fóill thar is cóir agus géillimid uilig dobhtha a barraidheacht. Ní'l aon mhaith dúinn géilleadh dóbhtha, nuair géilleadh dóbhtha cheana féin sé'n rud a d'éirigh siad níos iomar- caighe agus níos doicheallaighe agus, thug siad arais dhúinn speacha cos agus sgiúirsí ar son ar ngéilleamhna agus ar n-innlaidheachta. Ná leigimís cluiche leobhtha feasta. Abraimaois leobhtha má's Sasanaigh iad imtheacht go Sasanaibh. Muna dtaithneann an Ghaedhilg leobhtha, abramaois leobhtha go bhfuil tíortha go leir i n-a labhartar Gall-Bhéarla acht go dteastuigheann Gaedhilg uainn i nÉirinn; muna maith leobhtha saoirse na hÉireann abra- maois leobhtha nach ar mhaithe leobhtha-san teas- tuigheann saoirse uainn acht ar mhaithe linn féin. Is sinne, na Gaedhil, is treise sa tír seo indiu agus muna ngéillfid do'n Ghaedhilg mar gheall uirthi féin bíodh a fhios aca gur mithid dóbhtha a rogha thógaint agus gur mithid dóbhtha géilleadh do neart aigeanta agus do'n láimh láidir. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services