Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cúrsaí an tSaoghail - Aigne na nGall i nÉirinn

Title
Cúrsaí an tSaoghail - Aigne na nGall i nÉirinn
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cúrsaí an tSaoghail



Aigne na nGall i nÉirinn.



Tá aigne Ghallda ag mórán daoine i nÉirinn.
Tá roinnt daoine ann agus ní thuigeann siad
gurab Éireannaigh ar chor ar bith iad, siúd is gur
tógadh iad féin agus a seacht sinnsear rómpa
i nÉirinn. Cuir i gcás gur fíor-Ghaedhil féin
iad do réir dhuthchais b'fhearr leo samhlughadh
gur Gaill iad agus níl aca acht droich-mheas
ar Gaedhealaibh agus ar nósaibh Gaedhealacha.
Acht tá fur-mhór de lucht na nGall intinne 'n-a
nGallaibh do réir dúthchais. Tá a n-athara 'sa
tír seo ó aimsir na bainríoghna Sibeál nó ó
aimsir an Ríogh Séamas nó ó aimsir Chrommel
nó ó aimsir Uilliam nó b'fhéidir go dtáinig
a mbunadh i nÉirinn níos deireannaighe ná
soin féin. Rinne siad áit chomhnuidhe dobhtha
féin i nÉirinn, phós siad mná agus thóg siad
clanna, acht d'fhan a gclanna agus clann a
gcloinne chomh Gallda i n-a n-aigne is bhí siad-
san an chéad lá, agus maireann a shliocht agus
an t-aigne Gallda aca go dtí an lá indiu.
Casann orainn iad anois agus arís b'fheidir sa
traen nó i dtigh ósda nó ag cruinniughadh
puilidhe. Tá a gcuid páipéar nuaidheachta
aca agus sgríobhann siad síos a gcuid
smaointe ionnta agus má labhrann siad ar
Éirinn ar chor ar bith is guth nó spíd nó locht
chuireann siad in a leith.



Maoidheann siad saidhbhreas Chúige Uladh, agus
a fhonn ortha an saidbhreas soin do mhéadughadh
agus cáir agus tarcuisne do chaitheadh ar an
chuid eile d'Éirinn. Maoidheann siad gur
mar gheall ar dhúthchas na nGall do bheith ionnta
tá an saidhbhreas ag muinntir Chúige Uladh.
Soin nó an Gall-chreideamh do thug siad leo
ó Shasanaibh nó ó Albain. Rud ar bith nár
rinneadh le Gallaibh i nÉirinn níor rinneadh é.
Chá rabh i gcineadh Ghaedheal ariamh acht daosgar-
shluagh fiadhaine, barbaracha, gan chreideamh gan
smualtacht go dtí gur mhínigh na Sasanaigh rud
beag iad. Chan fhuil gar labhairt leobhtha ar an
Ghaedhilg níl innti dar leo, acht Béarla gar
mar atá ag na fearaibh gorma i lár na
hAifrioca. Ní'l gar labhairt leo ar stair na
hÉireann; tá an stair sin ar tuathal aca, má
tá sí aca ar chor ar bith. Chan eadh an stair do
sgríobh na Gaedhil ortha féin is fiú leigheadh
dar leis an dream so, acht an stair do chum
dearg-naimhde na nGaedheal. Gach sgéal
breagach ar cumadh orainn ariamh dá do-chreidte é,
má's gránda salach, nimhneach go
leór é tá seaca ar bharr a nguib, agus bíonn
fearg as cuimse ortha nuair innistear sgéal
nó seanchas a rachas i gcreideamhaint do'n
Ghaedeal. Bíodh a fhiadhnaise an méid adeirim
ar an droich-íde a thughad ar Mrs. Green, nuair
a bhí de mhisneach aici beagán de'n fírinne do
nochtughadh fa dtaoibh de stád na hÉireann ar
feadh tréimhse. Cha dtuigim féin ar chor ar
bith cad fáth fanann an dream so ag aigeanta
Gallda i nÉirinn. Chomh fad is bhí a gcos ar
bhraghaid na nGaedheal i nÉirinn mar bhí go
dtí fiche bliadhain ó shoin nó mar soin, thuigfeadh
duine gur fiú dóibh comhnaidhe i measg a námhad.
Acht anois ó tá a réim agus a gcumhacht ag
tuitim as a chéile go dtí gur beag an beann
atá ag aon duine ortha is mór an t-iongnadh
liom-sa nach nglanann siad as tír go Sasanaibh
nó go 'Meiriocá nó go tír éigin eile in a bhfuil
réim agus ceannus ag an Anglo-Sacsan.



Goidé is fearr dúinne 'dheanadh leis an
dream so. Tá, gan áird a thabhairt ortha ar chor
ar bith, gan seadh ná chan eadh a rádh leobhtha acht
iad do chur faoi chois nuair is féidir linn é. Níl
gar a bheith ag cainnt leo nó bheith a dreim le
hathrughadh inntinne do chur ionnta. Is dearg-
náimhde dár dtír agus dár gcineadh iad, agus
da n-imtheochadaois leobhtha as an tír b'amhlaidh
a b'fhearr é. Ní'l ionnta acht dornán beag
daoine ar fad, tighearnaí talmhan, ministéirí
Gallda, muintear an Riaghaltais Ghallda agus
a leithéidí sin. Acht tá cumhacht agus creidea-
mhaint aca go fóill thar is cóir agus géillimid
uilig dobhtha a barraidheacht. Ní'l aon mhaith
dúinn géilleadh dóbhtha, nuair géilleadh dóbhtha
cheana féin sé'n rud a d'éirigh siad níos iomar-
caighe agus níos doicheallaighe agus, thug siad
arais dhúinn speacha cos agus sgiúirsí ar son ar
ngéilleamhna agus ar n-innlaidheachta. Ná
leigimís cluiche leobhtha feasta. Abraimaois
leobhtha má's Sasanaigh iad imtheacht go
Sasanaibh. Muna dtaithneann an Ghaedhilg
leobhtha, abramaois leobhtha go bhfuil tíortha
go leir i n-a labhartar Gall-Bhéarla acht
go dteastuigheann Gaedhilg uainn i nÉirinn;
muna maith leobhtha saoirse na hÉireann abra-
maois leobhtha nach ar mhaithe leobhtha-san teas-
tuigheann saoirse uainn acht ar mhaithe linn féin.
Is sinne, na Gaedhil, is treise sa tír seo indiu
agus muna ngéillfid do'n Ghaedhilg mar gheall
uirthi féin bíodh a fhios aca gur mithid dóbhtha
a rogha thógaint agus gur mithid dóbhtha géilleadh
do neart aigeanta agus do'n láimh láidir.



Cú Uladh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services