Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seoin
Title
Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seoin
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Ag Bóthar Mhic Seóin Cluithche báire is cluithche peile do himreadh ar an láthair sin Dia Domhnaigh. An cluithche báire idir na hóg-Dháibhisigh is na Taistealaigh. Ba mhór an creideamhaint dosna daoinibh ar gach taobh é. Go deimhin bhí cuid de na sóisearaibh seo is tá mórchuid "sinsir" ná feadfadh teacht n-a ngaobhar. Do thuit a lán fearthainne oidhche Dia Sathairn agus bhí an lár dá deascaibh go bog sleamhain. Do bhuadhadar na Dáibhisigh. Máiseadh, bíodh a bhuidheachas aca ar an taithighe a bhí déanta aca n-a chomhair. Sa tarna bobhta bhiodar na Taistealaigh traochta agus na Dáibhisigh chomh lúthmhar is chomh haibidh le scata coileán. Is maith í an taithighe, agus an t-ullmhughchán. Sidé an scór - Dáibhisigh, 0-10; Taistealaigh, 0-6. An Pheil Idir na Ciceamaigh is na Céitinnigh do thárla an cluithche peile. Níor lá chun deigh-imeartha é mar bhí an lár ró-shleamhain, agus ar shon go raibh gach duine den dá fhuirinn ar a chroidhe- dhícheall i gcaitheamh na huaire a chluig ba mhinic do chonncathas imirt ní b'fhearr ann. Tángathas ar aon-scór .i. 0-6 ar gach taobh. B'fhuirist a fheicsint go rabhadar ar comhneart ag an dream is fearr a dhéineann taithighe as so go dtí lá na hathimeartha. Táilli Báire is Peile Báire: - G.S. & W.R. 8-8; Colm Cille, 1-1. Peil: - Crócaigh, 3-4; Dáibhisigh, 0-4. Dóthcasaigh; 1-10; Rosaigh, 0-6. Hibernian, 0-9; San Aindrias, 0-3. Cloigthigh, 1-5; Muirbhthean, 0-1. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services