Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seoin

Title
Ar Faithche na hImeartha - Ag Bóthar Mhic Seoin
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Ag Bóthar Mhic Seóin



Cluithche báire is cluithche peile do himreadh
ar an láthair sin Dia Domhnaigh. An cluithche
báire idir na hóg-Dháibhisigh is na Taistealaigh.
Ba mhór an creideamhaint dosna daoinibh ar
gach taobh é. Go deimhin bhí cuid de na sóisearaibh
seo is tá mórchuid "sinsir" ná feadfadh teacht
n-a ngaobhar. Do thuit a lán fearthainne oidhche
Dia Sathairn agus bhí an lár dá deascaibh go
bog sleamhain. Do bhuadhadar na Dáibhisigh.
Máiseadh, bíodh a bhuidheachas aca ar an taithighe
a bhí déanta aca n-a chomhair. Sa tarna bobhta
bhiodar na Taistealaigh traochta agus na
Dáibhisigh chomh lúthmhar is chomh haibidh le scata
coileán. Is maith í an taithighe, agus an
t-ullmhughchán. Sidé an scór - Dáibhisigh, 0-10;
Taistealaigh, 0-6.



An Pheil



Idir na Ciceamaigh is na Céitinnigh do thárla
an cluithche peile. Níor lá chun deigh-imeartha
é mar bhí an lár ró-shleamhain, agus ar shon
go raibh gach duine den dá fhuirinn ar a chroidhe-
dhícheall i gcaitheamh na huaire a chluig ba mhinic
do chonncathas imirt ní b'fhearr ann.
Tángathas ar aon-scór .i. 0-6 ar gach taobh.
B'fhuirist a fheicsint go rabhadar ar comhneart
ag an dream is fearr a dhéineann taithighe
as so go dtí lá na hathimeartha.



Táilli Báire is Peile



Báire: -
G.S. & W.R. 8-8; Colm Cille, 1-1.



Peil: -
Crócaigh, 3-4; Dáibhisigh, 0-4.
Dóthcasaigh; 1-10; Rosaigh, 0-6.
Hibernian, 0-9; San Aindrias, 0-3.
Cloigthigh, 1-5; Muirbhthean, 0-1.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services