Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaí an tSaoghail - An Brathair Bocht
Title
Cúrsaí an tSaoghail - An Brathair Bocht
Author(s)
Cú Uladh,
Pen Name
Cú Uladh
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaí an tSaoghail An Brathair Bocht. San bhliadhain 1631 bhí Feargal Ua Gadhra ag tabhairt fleidhe agus féasta uaidh dá cháirdíbh gaoil i n-a chaisleán i Magh Uí Ghadhra i gConnachtaibh. Oidhche Nodlag do bhí ann. Bhí an aimsear doineannta go leor amuich acht chá dtáinig stoirm ná anfadh fhad leis an chuideachtain ghalánta a bhí go súghach só- mheanmnach i bproinn tigh Fheargail Uí Ghadhra. Ní hionann sin agus a rádh nach rabh adhbhar bróin ag cuid aca. Na sean daoine go háithrid dá gcaithidís a mheabhair agus a gcuimhne siar go dtí aimsear a n-óige bheadh adhbhart bróin agus caointe aca. De shliocht Ghaedheal iad fur- mhór aca agus i dtús a n-óige bhíodh siad féin nó a n-aithreacha faoi airdréim agus onóir i ndúthaigh éigin. Acht briseadh ortha 'sa deireadh agus sguabadh amach as a n-oighreachtaibh iad agus ní mór an stró do bhí ortha an uair úd. Ní amhlaidh do bhí an sgéal go dearbhtha ag Feargal Ua Gadhra. Ghéill a athair dó'n choigcríochach i n-am, nuair a bhí an troid thart agus fágadh beagán dá dhúthaigh aige. Ní hé amháin sin acht tugadh tuilleadh talaimh dhó i módh go mbeadh sé níos dílse dá mháighistríbh. Agus tógadh Feargal ar an nós soin agus bhí sé dílis do na gallaibh agus leigeadar dó a chuid talaimh agus maoine do choinneál rud ba leisge leobhtha leigint le fear ar bith de shliocht Ghaedheal. San am so bhí Carlus I., 'n-a rígh ar Shasanaibh, agus an tighearna Strafford 'n-a fhear ionaid i nÉirinn agus d'imir an beirt aca an flaitheas agus cleas- aidheacht go leor ar Éirinn. I modh go mbeadh slighe níos fearr aca cíos-cána níos truime do chruinniughadh i nÉirinn chuir siad parlamaid ar bun i mBaile Átha Cliath agus do ghair siad chuca annsin na daoine is mó cumhacht sa tír eadar Ghaedhealaibh is Gallaibh, agus bhí Feargal Ua Gadhra ar dhuine de na Ridiríbh Gaedhealacha sa pharlamaid sin. Bhíodh Ruaidhrí Ua Mórdha, Laoighse, i láthair agus súil aige coimhcheangal do snaidhmeadh ós íseal eadar Gaedhealaibh acht chan éistfeadh Feargal Ua Gadhra le focal uaidh. Bhí eagla air go dtogfaidhe bruighean i nÉirinn arís agus go gcaillfeadh sé an fearann do fágadh ag a athair. Acht bhí báidh aige dá thír agus dá chineadh agus ba mhinic dó a shean-chomhursanna do chruinniughadh 'n-a chaisleán agus féasda agus suairceas do dhéanamh dóbhtha mar rinne a sheacht sinnsear roimhe. Is amhlaidh do bhí siad ag suidhe thart i seomra mór i lár an chaisleáin. Bhí an fhleadh caithte aca agus fuighleach an bhídh glanta ar siubal. Acht bhí fíon dearg Spáinneach go fairsing ar bord agus bairille leanna ar fhosgailt agus iad go meidhreach meanmnach. Bhí na cruitirí agus na píobairí ag seinm; agus anois agus arís dheanfadh sgéalaidhe nó file reacaireacht sgéil nó dáin dóbhtha. Is annamh thráchtfadh duine ar bith ar an tsean-aimsir. Bhí seort náire ortha labhairt uirthi agus seort eagla chomh maith. Is amhlaidh do bhí Feargal Ua Gadhra agus a chuideachta nuair tháinig an doirseoir isteach agus dubhairt go rabh duine bocht ag an doras ar mhaith leis labhairt le hUa Gadhra. “Seol isteach chugainn é,” arsa Feargal, go mór-fhlaitheamhail mar ba mhaise dhó. “Is cuma cé é féin, ní chuinneochainn ar an taoibh amuich de'n doras anocht é.” D'imthigh an doirseoir, agus níor bh'fada go dtáinig ar ais agus duine éigin agá leanmhaint. Stad an cainnt agus an ceol ar an taoibh istigh ar an bhomaite agus bhí siad uile go léir 'n-a dtost ar feadh i bhfad. Go dearbhtha b'fhiú amharc ar an duine tháinig isteach. Fear mór caol-árd do bhí ann, acht go rabh sé cromtha beagán. A ghruaig agus a fhéasóg ghorm-liath, acht go rabh sneachta reoidhte agus coinnle reoidh leo a thug dath gheal-liath dóbhtha. Gruaidh ghlan bhán air agus éadan árd deagh- chumtha. Srón fada agus í ag tuitim beagán thar a bhéal. Acht ba hiad na súile na baill b'éachtaighe bhí in a cheann. Súile móra gorma ba hiad acht iad suidte i bhfad isteach i n-a gcuasaibh. Radharc géar fad-fulaingt ionnta go bhfeicfidís thríd duine, ná rud, a dtuitfeadh a radharc air. Sheas sé i lár an urláir, bhain sé a bhairéad de agus chroith an sneachta de. Thuit cioth sneachta ar an luachair úr do bhí ar an urlár agus annsoin thug cách fá dheara gur baineadh a ghruaig dá bhaitheas agus gur brathair bocht é. Bhí mála leathair crochta ar a ghualainn aige mar bheadh an gasúr a bheadh ar sgoil an lá indiu, acht go rabh sé níos mó agus níos truime, agus go rabh cuma air go rabh ualach trom 'sa mhála mar bhí an fear ar chromadh faoi. Chár bhain sé de a mhála acht tar éis a bhairéad do chroitheadh dó dhírigh sé a cheann agus d'amharc thart timcheall ar a chuideachta gur thuit a shúile ar Fheargal Ua Gadhra agus d'umhlaigh dó. Labhair Feargal. “Céad fáilte romhat, á bhráthair. Is tráth- amhail a tháinig tú, acht go bhfuil an fleadh caithte againn. Acht is dóigh liom go bhfuil an oiread fágtha is maolfas d'ocras, agus tá go leor dighe againn ar sgór ar bith.” “Go rabh maith agat, a Fheargail Uí Ghadhra. Chan ar lorg do fhleidhe tháinig mé chum do thighe acht ar a shon soin cá deirim nach dteastui- gheann biadh agus deoch uaim, óir is dócamhail an aimsir í agus is fada an aisdear rinne mé indiu; agus is maith an mhaise d'Fheargal Ua Gadhra oidheacht do thabhairt uaidh ar an bhocht chomh maith leis an saidhbhir.” “Labhrann tú go ciallmhar agus go cáir- deamhail, a bhráthair,” arsa Feargal, “agus tá cluas le héisteacht agam duit aon uair is mian leat, acht anois tá tú flichte leis an doineann agus caillte leis an ocras agus siubal isteach sa bhiadhlann go n-íosaidh tú greim bhidh agus go dtéidhfidh tú do lámha agus do chosa; agus nuair dhéanfas tú soin, agus nuair ólfas tú ar shláinte i ngloine maith fíona, thig linn trácht ar cibé ar bith gnó atá eadar lámhaibh agat.” Chaith an bráthair bocht tuairim is uair ag ithe, agá théidheadh féin agus ag tiormughadh a chuid éadaigh gur fhill sé isteach 'sa phroinntigh. Thairig an dáileamh gloine fíona dó. Chuir sé ar leath taoibh é. “Brathair bocht tuatha mé d'Órd Naoimh Phroinsias agus ní ceaduightheach damh fíon d'ól; acht bhí bolgam maith bainne the agam ar ball agus níl tart ná ocras orm, míle áltughadh do Dhia. Agus anois a Fheargail Ua Ghadhra, nochtfaidh mé fáth mo thurais duit. Fear do mhuinntir Chléirigh mé Ó Chill Bharúin i dTírchonaill. Baisdeadh Tadhg mar ainm orm agus tugadh Tadhg an tSléibhe mar leas-ainm orm i dtús mo shaoghail. Tógadh mé i modh is go leanfainn do'n ghairm do bhíodh ar mo shinnsear romhaim leis na céadtaibh bliadhan. Tugadh árd-sgoláireacht damh agus bhí céim ollamhan agam ar fhilidheacht agus ar sheanchus. Bhí mé 'mo shaighdiúr tamall fosda agus is cuimhneach liom agus gan mé acht in mo ghasúr ar an lá a chuir Aodh Ruadh Ua Domhnaill, atá sa Flaitheas anois tá súil agam, an tóir dhearg ar Sir Coineas Clifford agus sluagh na nGall ar Chorn-shliabh na Seaghra ins an duthaigh seo. Cuireadh ar sgoil arís mé agus chá rabh mé leo an lá shíor-bhrónach úd ag Cionn tSáile ó a dtáinig céasadh na nGaedheal. Lean mé de'n fhoghluim ar feadh i bhfad, acht ó chonnaic mé go rabh na Gaedhil claoidhte go buan tháinig athrughadh croidhe orm agus mheas mé nárbh' fhiú ar saothar eolas na cruinne. Chuaidh mé go dtí an tsean-mhainistir i nDún na nGall, áit a rabh dream beag de mhanaighibh go fóill agus mar bhí mé ró-shean agus fós nárbh fhiú mé bheith mo shagart leigeadh isteach mé mar bhrathair tuatha san Órd. Annsoin cuireadh mé go Lóbháin le cuidiughadh leis an tsagart oirbhíd- neach Aodh Mac A' Bháird a bhí ag cruinniughadh adhbhair le beathaibh naomh na hÉireann do sgríobh. Fuair an fear maith bás sul ar críochnuigheadh an obair acht tá sí ar láimh ag an athair Mac Colgain fá láthair. Mise do chruinnigh le chéile an chuid is mó de'n adhbhar. Shiubhal mé mór dtimcheall na hÉireann fá thrí agus níor fhág mé mainistir nó conbhent i nÉirinn gan cuairt do thabhairt ar a mbar- clannaibh agus cóip do dhéanamh de na sean- sgríbhinníbh do theasluigh uaim. Chan eadh soin amháin acht thug mé cuairt ar gach sgoláire i nÉirinn eadar cléireachaibh agus laochaibh go bhfuair mé eolas agus cuidiughadh uatha. Le linn na haimsire sin thug mé fá deara liacht na sean- sgríbhinní a bhaineas le stair na tíre, le beathaibh ar sean agus ar sinnsear agus d'éirigh imnidh im' aigneadh ar an urdhubhadh thiocfadh ar stair na tíre agus thréithibh agus cáil na nGaedheal go coitchionn dá gcaillfidhe na sgríbhinní. Agus féach tá contabhairt ann go gcaillfear iad. Tá cuid aca ar doiligh iad do léigheadh cheana féin, mar san riocht 'n-a bhfuil na Gaedhil is deacair dóibh dada do choiméad go cúramach. Is minic go gcaithfidh siad teicheadh roimh a námhdibh gan fiú a gcuid éadaigh leo. Agus an námhad! Tá fuath agus gráin aige do gach uile rud Gaedhealach agus go mór-mhór do stair agus filidheacht na nGaedheal. Tá fios aige go maith go gcoimhéadann siad meas ag na daoinibh ortha féin agus ar a sinnsearaibh agus go dtiocfaidh an t-am go n-éireóchaidh Clanna Gaedheal arís agus go sguabfaidh siad Clann Lonndain as an tír. Ó go dtigidh an lá soin! Go dtigidh an lá soin! Stad an brathair bocht agus bhí sé 'n-a thost ar feadh tamaill. Tháinig racht bróin air agus shil na deora go fras ó n-a shúilibh. Ní fhóirfeadh sé damhsa, a bhrathair.” arsa Feargal, “éisteacht le cainnt mar soin,” agus dhearc sé thart timcheall air feachaint cé bhí ag éisteacht”.
“Tá rí maith againn fá láthair agus ní theastuigheann coimheasgar eile uainn do bhainfeadh an méid atá fágtha againn uainn. Acht ní fhágann soin nár rí-mhaith an obair stair ar dtíre agus ar muinntire do fhuasgailt má's féidir é. Má tá bealach le n-a dhéanamh agus go dtig liom-sa cabhair do thabhairt san obair sin taisbeán dúinn an bealach agus ní dhiúl- tóchaidh mise dhuit.” “Is mór, tábhachtach an focal é, a Fheargail Uí Ghadhra. Tá spiorad do shinnsir ionnat go fóill siúd is gur ghéill d'athair do'n námhaid. Éist liom mar soin. Fuair mé cead ó m'uachtarán teacht go hÉirinn agus an obair do chur ar cois. Thug mé cuairt ar na sgoláiríbh is mó agus is tasgamhla atá sa tír. Gealladh dam na leabhra is mó cáil agus éifeacht sa tír ar iasacht agus iad do thabhairt d'aon láthair. Fuair mé gealladh ó thrí nó ceathar de na seanchaidhibh is mó eolas ar stair agus ar sheandacht na tíre atá ann anois leas an obair do dhéanamh. Acht béidh costas orainn. Tógfaidh sé mórán bliadhan uainn agus ní ceart iarraidh ar na sgoláiribh úd an obair throm so do ghlacadh de láimh gan luach a gcuid saothair.” “Íocfaidh mise an cosdas iomlán,” arsa Feargal. “Go méaduighidh Dia thú a fhlaith uasail! Tá mo dhearbhráthair féin na ghuardian ar Chonbhent Dúin na nGall agus thairg sé dam sinn do bheathughadh chomh fhad is bheidhmíd i gcionn na hoibre seo. Tá an sean-mhainistir briste brúighte ortha acht tá siad annsiúd go fóill ins na fothruighthibh, agus deir sé gur féidir dúinn lóisdín fhágháil ó na comhursannaibh bochta. Ní bhéidh ort díol ar na rudaíbh sin.” “Na bac an díolaidheacht. Fágadh an chuid is mó de m'athardhacht agam, rud nár fágadh ag furmhór de Ghaedhealaibh agus ní fhiosach damh dóigh níos fearr le n-a chaitheadh ná ag cuidiughadh libh san obair uasail seo.” “Go dtugaidh Dia coróin na glóire dhuit agus saoghail agus séan dod' shliocht. Déan- famaoid an obair mhór so do chum glóire Dé agus onóra na tíre agus déanadh ar náimhde rogha rud i n-ar n-aghaidh, bíodh go reabfaidh siad an tir n-a giotaibh beaga ní éireochaidh leo sa deireadh. Sé an t-aineolas amháin an námha is measa do'n tír. Bíodh eolas staire na tíre ag ar sliocht agus ní increidthe é go ngéillfeadh daoine mar sinne do bhodachaibh gan chreideamh gan slacht gan múnadh gan chroidhe gan anam. Agus, tusa, a Fheargail Uí Ghadhra, cuirfidh mé d'ainm ós árd, agus ainmeanna do shinnsir san leabhar annalach a chumfas sinn, agus mairfidh d'ainm faoi mhór meas i nÉirinn chomh fhad is mhairfeas sliocht Ghaedheal, sé sin go bronn na brátha.” Stad an bráthair bocht agus cár labhair aon duine. Bhí fhios aca go rabh sé ag labhairt ó n-a fháidh-eolas. Cú Uladh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services