Cúrsaí an tSaoghail
An Brathair Bocht.
San bhliadhain 1631 bhí Feargal Ua Gadhra ag
tabhairt fleidhe agus féasta uaidh dá cháirdíbh
gaoil i n-a chaisleán i Magh Uí Ghadhra i
gConnachtaibh. Oidhche Nodlag do bhí ann.
Bhí an aimsear doineannta go leor amuich
acht chá dtáinig stoirm ná anfadh fhad leis
an chuideachtain ghalánta a bhí go súghach só-
mheanmnach i bproinn tigh Fheargail Uí Ghadhra.
Ní hionann sin agus a rádh nach rabh adhbhar
bróin ag cuid aca. Na sean daoine go háithrid
dá gcaithidís a mheabhair agus a gcuimhne siar
go dtí aimsear a n-óige bheadh adhbhart bróin agus
caointe aca. De shliocht Ghaedheal iad fur-
mhór aca agus i dtús a n-óige bhíodh siad féin
nó a n-aithreacha faoi airdréim agus onóir i
ndúthaigh éigin. Acht briseadh ortha 'sa deireadh
agus sguabadh amach as a n-oighreachtaibh iad
agus ní mór an stró do bhí ortha an uair úd.
Ní amhlaidh do bhí an sgéal go dearbhtha ag
Feargal Ua Gadhra. Ghéill a athair dó'n
choigcríochach i n-am, nuair a bhí an troid thart
agus fágadh beagán dá dhúthaigh aige. Ní hé
amháin sin acht tugadh tuilleadh talaimh dhó i
módh go mbeadh sé níos dílse dá mháighistríbh.
Agus tógadh Feargal ar an nós soin
agus bhí sé dílis do na gallaibh agus leigeadar dó
a chuid talaimh agus maoine do choinneál rud
ba leisge leobhtha leigint le fear ar bith de
shliocht Ghaedheal. San am so bhí Carlus I.,
'n-a rígh ar Shasanaibh, agus an tighearna
Strafford 'n-a fhear ionaid i nÉirinn agus
d'imir an beirt aca an flaitheas agus cleas-
aidheacht go leor ar Éirinn. I modh go mbeadh
slighe níos fearr aca cíos-cána níos truime
do chruinniughadh i nÉirinn chuir siad parlamaid
ar bun i mBaile Átha Cliath agus do ghair siad
chuca annsin na daoine is mó cumhacht sa tír
eadar Ghaedhealaibh is Gallaibh, agus bhí Feargal
Ua Gadhra ar dhuine de na Ridiríbh Gaedhealacha
sa pharlamaid sin. Bhíodh Ruaidhrí Ua Mórdha,
Laoighse, i láthair agus súil aige coimhcheangal
do snaidhmeadh ós íseal eadar Gaedhealaibh acht
chan éistfeadh Feargal Ua Gadhra le focal
uaidh. Bhí eagla air go dtogfaidhe bruighean
i nÉirinn arís agus go gcaillfeadh sé an
fearann do fágadh ag a athair. Acht bhí báidh
aige dá thír agus dá chineadh agus ba mhinic dó
a shean-chomhursanna do chruinniughadh 'n-a
chaisleán agus féasda agus suairceas do
dhéanamh dóbhtha mar rinne a sheacht sinnsear
roimhe.
Is amhlaidh do bhí siad ag suidhe thart i seomra
mór i lár an chaisleáin. Bhí an fhleadh caithte
aca agus fuighleach an bhídh glanta ar siubal.
Acht bhí fíon dearg Spáinneach go fairsing ar
bord agus bairille leanna ar fhosgailt agus
iad go meidhreach meanmnach. Bhí na cruitirí
agus na píobairí ag seinm; agus anois agus
arís dheanfadh sgéalaidhe nó file reacaireacht
sgéil nó dáin dóbhtha. Is annamh thráchtfadh
duine ar bith ar an tsean-aimsir. Bhí seort
náire ortha labhairt uirthi agus seort eagla chomh
maith. Is amhlaidh do bhí Feargal Ua Gadhra
agus a chuideachta nuair tháinig an doirseoir
isteach agus dubhairt go rabh duine bocht ag an
doras ar mhaith leis labhairt le hUa Gadhra.
“Seol isteach chugainn é,” arsa Feargal, go
mór-fhlaitheamhail mar ba mhaise dhó. “Is
cuma cé é féin, ní chuinneochainn ar an taoibh
amuich de'n doras anocht é.”
D'imthigh an doirseoir, agus níor bh'fada go
dtáinig ar ais agus duine éigin agá leanmhaint.
Stad an cainnt agus an ceol ar an taoibh istigh
ar an bhomaite agus bhí siad uile go léir 'n-a
dtost ar feadh i bhfad. Go dearbhtha b'fhiú
amharc ar an duine tháinig isteach.
Fear mór caol-árd do bhí ann, acht go rabh
sé cromtha beagán. A ghruaig agus a fhéasóg
ghorm-liath, acht go rabh sneachta reoidhte agus
coinnle reoidh leo a thug dath gheal-liath dóbhtha.
Gruaidh ghlan bhán air agus éadan árd deagh-
chumtha. Srón fada agus í ag tuitim beagán
thar a bhéal. Acht ba hiad na súile na baill
b'éachtaighe bhí in a cheann. Súile móra gorma
ba hiad acht iad suidte i bhfad isteach i n-a
gcuasaibh. Radharc géar fad-fulaingt ionnta
go bhfeicfidís thríd duine, ná rud, a dtuitfeadh
a radharc air. Sheas sé i lár an urláir, bhain
sé a bhairéad de agus chroith an sneachta de. Thuit
cioth sneachta ar an luachair úr do bhí ar an
urlár agus annsoin thug cách fá dheara gur
baineadh a ghruaig dá bhaitheas agus gur brathair
bocht é. Bhí mála leathair crochta ar a
ghualainn aige mar bheadh an gasúr a bheadh ar
sgoil an lá indiu, acht go rabh sé níos mó agus
níos truime, agus go rabh cuma air go rabh ualach
trom 'sa mhála mar bhí an fear ar chromadh
faoi. Chár bhain sé de a mhála acht tar éis a
bhairéad do chroitheadh dó dhírigh sé a cheann agus
d'amharc thart timcheall ar a chuideachta gur
thuit a shúile ar Fheargal Ua Gadhra agus
d'umhlaigh dó. Labhair Feargal.
“Céad fáilte romhat, á bhráthair. Is tráth-
amhail a tháinig tú, acht go bhfuil an fleadh caithte
againn. Acht is dóigh liom go bhfuil an oiread
fágtha is maolfas d'ocras, agus tá go leor
dighe againn ar sgór ar bith.”
“Go rabh maith agat, a Fheargail Uí Ghadhra.
Chan ar lorg do fhleidhe tháinig mé chum do thighe
acht ar a shon soin cá deirim nach dteastui-
gheann biadh agus deoch uaim, óir is dócamhail
an aimsir í agus is fada an aisdear rinne mé
indiu; agus is maith an mhaise d'Fheargal Ua
Gadhra oidheacht do thabhairt uaidh ar an bhocht chomh
maith leis an saidhbhir.”
“Labhrann tú go ciallmhar agus go cáir-
deamhail, a bhráthair,” arsa Feargal, “agus
tá cluas le héisteacht agam duit aon uair is
mian leat, acht anois tá tú flichte leis an
doineann agus caillte leis an ocras agus
siubal isteach sa bhiadhlann go n-íosaidh tú
greim bhidh agus go dtéidhfidh tú do lámha agus
do chosa; agus nuair dhéanfas tú soin, agus
nuair ólfas tú ar shláinte i ngloine maith fíona,
thig linn trácht ar cibé ar bith gnó atá eadar
lámhaibh agat.”
Chaith an bráthair bocht tuairim is uair ag ithe,
agá théidheadh féin agus ag tiormughadh a chuid
éadaigh gur fhill sé isteach 'sa phroinntigh.
Thairig an dáileamh gloine fíona dó. Chuir sé
ar leath taoibh é. “Brathair bocht tuatha mé
d'Órd Naoimh Phroinsias agus ní ceaduightheach
damh fíon d'ól; acht bhí bolgam maith bainne
the agam ar ball agus níl tart ná ocras
orm, míle áltughadh do Dhia. Agus anois a
Fheargail Ua Ghadhra, nochtfaidh mé fáth mo thurais
duit. Fear do mhuinntir Chléirigh mé Ó Chill
Bharúin i dTírchonaill. Baisdeadh Tadhg mar
ainm orm agus tugadh Tadhg an tSléibhe mar
leas-ainm orm i dtús mo shaoghail. Tógadh
mé i modh is go leanfainn do'n ghairm do bhíodh
ar mo shinnsear romhaim leis na céadtaibh
bliadhan. Tugadh árd-sgoláireacht damh agus
bhí céim ollamhan agam ar fhilidheacht agus ar
sheanchus. Bhí mé 'mo shaighdiúr tamall fosda
agus is cuimhneach liom agus gan mé acht in
mo ghasúr ar an lá a chuir Aodh Ruadh Ua
Domhnaill, atá sa Flaitheas anois tá súil agam,
an tóir dhearg ar Sir Coineas Clifford agus
sluagh na nGall ar Chorn-shliabh na Seaghra ins an
duthaigh seo. Cuireadh ar sgoil arís mé agus
chá rabh mé leo an lá shíor-bhrónach úd ag Cionn
tSáile ó a dtáinig céasadh na nGaedheal. Lean
mé de'n fhoghluim ar feadh i bhfad, acht ó chonnaic
mé go rabh na Gaedhil claoidhte go buan tháinig
athrughadh croidhe orm agus mheas mé nárbh'
fhiú ar saothar eolas na cruinne. Chuaidh mé
go dtí an tsean-mhainistir i nDún na nGall,
áit a rabh dream beag de mhanaighibh go fóill
agus mar bhí mé ró-shean agus fós nárbh fhiú mé
bheith mo shagart leigeadh isteach mé mar bhrathair
tuatha san Órd. Annsoin cuireadh mé go
Lóbháin le cuidiughadh leis an tsagart oirbhíd-
neach Aodh Mac A' Bháird a bhí ag cruinniughadh
adhbhair le beathaibh naomh na hÉireann do
sgríobh. Fuair an fear maith bás sul ar
críochnuigheadh an obair acht tá sí ar láimh ag
an athair Mac Colgain fá láthair. Mise do
chruinnigh le chéile an chuid is mó de'n adhbhar.
Shiubhal mé mór dtimcheall na hÉireann fá
thrí agus níor fhág mé mainistir nó conbhent
i nÉirinn gan cuairt do thabhairt ar a mbar-
clannaibh agus cóip do dhéanamh de na sean-
sgríbhinníbh do theasluigh uaim. Chan eadh soin
amháin acht thug mé cuairt ar gach sgoláire i nÉirinn
eadar cléireachaibh agus laochaibh go bhfuair mé
eolas agus cuidiughadh uatha. Le linn na
haimsire sin thug mé fá deara liacht na sean-
sgríbhinní a bhaineas le stair na tíre, le beathaibh
ar sean agus ar sinnsear agus d'éirigh imnidh
im' aigneadh ar an urdhubhadh thiocfadh ar stair na
tíre agus thréithibh agus cáil na nGaedheal go
coitchionn dá gcaillfidhe na sgríbhinní. Agus
féach tá contabhairt ann go gcaillfear iad.
Tá cuid aca ar doiligh iad do léigheadh cheana
féin, mar san riocht 'n-a bhfuil na Gaedhil is
deacair dóibh dada do choiméad go cúramach.
Is minic go gcaithfidh siad teicheadh roimh a
námhdibh gan fiú a gcuid éadaigh leo. Agus
an námhad! Tá fuath agus gráin aige do gach
uile rud Gaedhealach agus go mór-mhór do
stair agus filidheacht na nGaedheal. Tá fios
aige go maith go gcoimhéadann siad meas ag
na daoinibh ortha féin agus ar a sinnsearaibh
agus go dtiocfaidh an t-am go n-éireóchaidh
Clanna Gaedheal arís agus go sguabfaidh siad
Clann Lonndain as an tír. Ó go dtigidh an
lá soin! Go dtigidh an lá soin!
Stad an brathair bocht agus bhí sé 'n-a thost
ar feadh tamaill. Tháinig racht bróin air agus
shil na deora go fras ó n-a shúilibh.
Ní fhóirfeadh sé damhsa, a bhrathair.” arsa
Feargal, “éisteacht le cainnt mar soin,” agus
dhearc sé thart timcheall air feachaint cé bhí
ag éisteacht”.
“Tá rí maith againn fá láthair agus ní
theastuigheann coimheasgar eile uainn do
bhainfeadh an méid atá fágtha againn uainn.
Acht ní fhágann soin nár rí-mhaith an obair stair
ar dtíre agus ar muinntire do fhuasgailt má's
féidir é. Má tá bealach le n-a dhéanamh agus
go dtig liom-sa cabhair do thabhairt san obair
sin taisbeán dúinn an bealach agus ní dhiúl-
tóchaidh mise dhuit.”
“Is mór, tábhachtach an focal é, a Fheargail
Uí Ghadhra. Tá spiorad do shinnsir ionnat
go fóill siúd is gur ghéill d'athair do'n
námhaid. Éist liom mar soin. Fuair mé
cead ó m'uachtarán teacht go hÉirinn agus
an obair do chur ar cois. Thug mé cuairt ar
na sgoláiríbh is mó agus is tasgamhla atá sa
tír. Gealladh dam na leabhra is mó cáil agus
éifeacht sa tír ar iasacht agus iad do thabhairt
d'aon láthair. Fuair mé gealladh ó thrí nó
ceathar de na seanchaidhibh is mó eolas ar
stair agus ar sheandacht na tíre atá ann anois
leas an obair do dhéanamh. Acht béidh costas
orainn. Tógfaidh sé mórán bliadhan uainn
agus ní ceart iarraidh ar na sgoláiribh úd an
obair throm so do ghlacadh de láimh gan luach
a gcuid saothair.”
“Íocfaidh mise an cosdas iomlán,” arsa
Feargal.
“Go méaduighidh Dia thú a fhlaith uasail!
Tá mo dhearbhráthair féin na ghuardian ar
Chonbhent Dúin na nGall agus thairg sé dam
sinn do bheathughadh chomh fhad is bheidhmíd i
gcionn na hoibre seo. Tá an sean-mhainistir
briste brúighte ortha acht tá siad annsiúd go
fóill ins na fothruighthibh, agus deir sé gur
féidir dúinn lóisdín fhágháil ó na comhursannaibh
bochta. Ní bhéidh ort díol ar na rudaíbh sin.”
“Na bac an díolaidheacht. Fágadh an chuid
is mó de m'athardhacht agam, rud nár fágadh
ag furmhór de Ghaedhealaibh agus ní fhiosach
damh dóigh níos fearr le n-a chaitheadh ná ag
cuidiughadh libh san obair uasail seo.”
“Go dtugaidh Dia coróin na glóire dhuit
agus saoghail agus séan dod' shliocht. Déan-
famaoid an obair mhór so do chum glóire Dé
agus onóra na tíre agus déanadh ar náimhde
rogha rud i n-ar n-aghaidh, bíodh go reabfaidh
siad an tir n-a giotaibh beaga ní éireochaidh
leo sa deireadh. Sé an t-aineolas amháin an
námha is measa do'n tír. Bíodh eolas staire
na tíre ag ar sliocht agus ní increidthe é go
ngéillfeadh daoine mar sinne do bhodachaibh
gan chreideamh gan slacht gan múnadh gan
chroidhe gan anam. Agus, tusa, a Fheargail
Uí Ghadhra, cuirfidh mé d'ainm ós árd, agus
ainmeanna do shinnsir san leabhar annalach a
chumfas sinn, agus mairfidh d'ainm faoi mhór
meas i nÉirinn chomh fhad is mhairfeas sliocht
Ghaedheal, sé sin go bronn na brátha.”
Stad an bráthair bocht agus cár labhair aon
duine. Bhí fhios aca go rabh sé ag labhairt
ó n-a fháidh-eolas.
Cú Uladh.