Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Na Gaedhil-Ghaill
Title
Na Gaedhil-Ghaill
Author(s)
Níc Fhualáin, Úna,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Na Gaedhil-Ghaill Chuir an aiste sin, “Aigne na nGaedheal- Ghall” a bhí i “gCLAIDHEAMH SOLUIS” na seachtmhaine seo chuaidh thorainn, ag smaoineadh agus ag machtnamh mé ar cheisteannaibh ar smaoinidh mé agus ar mhachtnaidh mé go minic cheana ortha; .i. cia an fáth nach dtagann na Ghaedhil-Ghaill nó na Protasdúin isteach i gConnradh na Gaedhilge? Céard atá ghá gcoinneál amach? An creideamh, creidim. Nílim ghá rádh so as m'úghdarás féin, mar nach bhfuil aon eolas agam ortha; acht d'innis bean uasal dá gcreideamh féin dom gur b'in é an fáth nach bhfuil siad a cuidiughadh le Connradh na Gaedhilge nó nár chuidigh siad leis go dtí seo; agus chomh fada le mo chuimhne (tá sé ós cionn dhá bhliadhain ó bhí mé a cainnt léi) dubhairt sí freisin dá mbadh Catoiliceach a bheadh 'na uachdarán ar an gConnradh nach rachfadh aon duine aca ann. Mar dheimhniughadh ar an gcómhrádh bhí againn d'innis sí a sgéal féin dom. Dubhairt sí an chéad oidhche 'riamh a ndeachaidh sí chuig Craobh de Chonnradh na Gaedhilge go raibh a muinntir ar buile léi. Bhíodar cinnte go mbeadh sí, ar a laighead, 'n-a leath-Chatoiliceach ar theacht a bhaile dhi. Ní raibh, ar ndóigh, ná athrughadh gránna ar bith eile uirthi de bhárr a cuairte; agus nuair a chonnaiceadar nach raibh, agus nach rinne sé aon díoghbháil di, níor chuireadar aon bhacainn uirthi uaidh sin amach. Is cinnte ó'n méid seo agus ó gach a ndubhairt “Cú Uladh” gurbh é an creideamh an claidhe teorann atá a coinneál na nGaedhil-Ghaill gan cuidiughadh le na Gaedhil. Ní féidir milleán a thabhairt dóibh fá bheith mar so, sgáthmhar, aimhreasach, roimh Chatoilicighibh, mar creidim gur cuid dá n-oideachas é. Acht cheapfadh duine go mbeadh sé de mhisneach aca, an tráth so de'n tsaoghal, cruthughadh agus dearbhughadh dhóibh féin an bhfuil a gcuirtear a leith na gCatoiliceach fíor. Má bhí sé de mhisneach ag an mnaoi uasal ar thrácht mé uirthi a dhul agus a chruthugadh dhi féin, cad chuige nach mbeadh se de mhisneach ag tuilleadh aca? Mar a bhfuil sé de mhisneach aca a dhul ann asta féin caithfear iad a mhealladh ann, agus is iad a muinntir féin atá i gConnradh na Gaedhilge cheana a chaithfeas a bheith 'n-a mealltóirí. Is aca-san atá a chur i n-umhal dá gcáirde taobh amuigh de'n chlaidhe teorann nach mbéidh aon chur isteach ag na Catoilicighibh ar a gcreideamh, ná ar aon nídh eile a bhaineas leo. Dá mbeadh níos mó eolais aca ortha d'imtheochadh an sgáth agus an t-aimhreas díobh agus bheidís araon 'n-a gcáirde ní b'fhearr. Cia ar shon a bhfuil Connradh na Gaedhilge ag obair? An ar son na gCatoiliceach é? Ní headh, acht ar son na hÉireann, agus ar son muinntir na hÉireann, idir Chatoilicigh agus Phrotasdúin, idir Ghaedhil agus Ghaedhil- Ghaill; agus ó 'seadh cia an fáth a bhfuil dream aca a fágáil na oibre uilig ag an dream eile le déanadh? Tá Éire 'n-a máthair fhial, char- thanach, tá grádh agus fáilte aici de gach duine dá cloinn, is cuma cad é a chreideamh; acht is maith léi go ndéanfadh 'chaon nduine de'n chloinn sin a chionn féin ar a son. Anois má admhuigheann na Gaedhil-Ghaill gurbh' í Éire a dtír agus gur Éireannachaibh iad féin, cad chuige nach bhfuil sé de dhualgas ortha cuidiughadh agus cabhrughadh le lucht a saor- suighthe? Tá go cinnte; agus is fealltach, suarach an duine a thiubhras cúl a láimhe dá thír dhúthchais féin, is cuma cia'n sórt tír í sin, bocht ná saidbhir, áluinn nó a mhalairt, agus a chuideochas le n-a námhaid. Creidim nach bhfuil aon duine chomh ceann- dánach ná chomh dí-chéillidhe an tráth so de ló is go ndéarfadh sé nach é “anam tíre a teanga,” ná gur féidir le tír a bheith 'n-a náisiúin dá- ríribh gan í. Má admhuigheann cách gurb é “Anam tíre a teanga,” foillseóchadh sé dhóibh cé an fáth a bhfuil an oiread dul 'un chinn déanta ag Connradh na Gaedhilge ins an achar gearr atá sé ar bun; foillseóchaidh sé dhóibh an míorbhúil mór (mar ní féidir a chur a gcomórtas le rud ar bith eile) atá le feiceál i nÉirinn fá láthair i dtaoibh díospóireacht na hOllsgoile nua. Is iomdha connradh chun an tír seo a fheabh- sughadh a cuireadh ar bhun le leath chéad bliadhain agus cá bhfuil siad anois? Cuireadh ar bun iad le gleo, agus le cainnt, agus le fothram. Bhí an sluagh ar a mbaisdeadh. Cuireadh i dtalamh iad an chéad lá 'riamh 'n-a gcrainn móra láidre agus cá bhfuil siad anois? An ceann is láidre aca fá láthair, Connradh na Talmhan (ní féidir Connradh na nGaedhil nAontuighthe a thabhairt air), cia an chaoi tá air? Tá, dhá chrathadh anonn agus anall ar nós an t-saileáin le chuile chuaifeach dá mbuaileann é. Nuair a cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun badh bheag an gleo ná an fothram a deineadh. Cad chuige a ndeinfidhe? Céard a bhí ins an ngarra bheag dí-chéillidhe sin, a smaoinidh ar a leithéid de Chonnradh chuir ar bun, acht daoine ar chóra bheith, dá mbeadh ceart le fágháil, istigh i dtigh na ngealt. Cé air a rabhadar a cainnt go deimhin? An Ghaedhilge d'athbheodhchaint! As a gcéill a bhíodar! Acht níor thug na laochra calma soin a tháinig le chéile i mBaile Átha Cliath aon áird ar an mbaoth-chainnt seo. Leannadar dá lámh agus chuireadar an síol beag bídeach soin i dtalamh agus d'fhás sé. Cia'n fáth ar éirigh chomh maith sin le Connradh na Gaedhilge seachas na connraidhthe eile? Seo é an fáth: Thóg na Connraidhthe eile cúram corp na tíre ortha féin; shíleadar go dtiocfadh leo créachta an chuirp sin a leigheas agus a chneasughadh, acht thasbáin an aimsir go rabhadar ag dul amugha. Tá fhios ag 'chuile dhuine nach féidir duine a leigheas agus a dhéanadh slán, folláin an fhaid is tá an croidhe fabhtáilte. Ar an nós chéadna ní féidir créachta tíre a leigheas ná an tír a dhéanadh slán, folláin, an fhaid is tá croidhe na tíre plúchta, múchta sa salachar. “Anam agus croidhe tíre a teanga.” Thuig lucht bunughadh Chonnradh na Gaedhilge seo; thógadar ortha féin croidhe na hÉireann a dhéanadh slán, folláin ar dtús agus d'éirigh leo. Do réir mar bhí an teanga ag éirghe as an salachar agus as an nGalldachas, do réir mar bhí sí a teacht fá meas aríst, thosuigh créachta na tíre a cneasughadh do réir a chéile. Do réir mar bhí meas a teacht ar Theanga na hÉireann bhí meas a teacht ar dhéantúisíbh na hÉireann. Thosuigh cuid de na daoinibh a tógáil a súile de na tíorthaibh thar lear agus dá dtabhairt ar a dtír féin. Facthas dóibh gurb' iad an dream so, ar cheapadar teach na ngealt sáthach maith aca, a bhí dá gcur ar bhealach a leasa. Facthas dóibh go raibh an dream so dáiríribh. Thuigeadar ar deireadh shiar, thall, gurbh' é “Anam tíre a teanga.” Tá sé ion-tuigthe ag 'chuile dhuine anois nach ar shon aon dream amháin atá Connradh na Gaedhilge ag obair acht ar son na hÉireann. Ar an ádhbhar soin, is le 'chuile Éireannach, is cuma cad é a chreideamh, a admhuigheas gurbh' Éireannach é, agus gurbh' í Éire a thír, cuidiughadh agus cabhrughadh leis an gConnradh. Déarfainn leo i bhfocla Sacs-Bhéarla do sgríobh T. D. Ua Súilleabháin: — Úna Níc Fhualáin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services