Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Na Gaedhil-Ghaill

Title
Na Gaedhil-Ghaill
Author(s)
Níc Fhualáin, Úna,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Na Gaedhil-Ghaill



Chuir an aiste sin, “Aigne na nGaedheal-
Ghall” a bhí i “gCLAIDHEAMH SOLUIS” na
seachtmhaine seo chuaidh thorainn, ag smaoineadh
agus ag machtnamh mé ar cheisteannaibh ar
smaoinidh mé agus ar mhachtnaidh mé go minic
cheana ortha; .i. cia an fáth nach dtagann na
Ghaedhil-Ghaill nó na Protasdúin isteach i
gConnradh na Gaedhilge? Céard atá ghá
gcoinneál amach? An creideamh, creidim.
Nílim ghá rádh so as m'úghdarás féin, mar
nach bhfuil aon eolas agam ortha; acht d'innis
bean uasal dá gcreideamh féin dom gur
b'in é an fáth nach bhfuil siad a cuidiughadh
le Connradh na Gaedhilge nó nár chuidigh siad
leis go dtí seo; agus chomh fada le mo chuimhne
(tá sé ós cionn dhá bhliadhain ó bhí mé a cainnt
léi) dubhairt sí freisin dá mbadh Catoiliceach
a bheadh 'na uachdarán ar an gConnradh nach
rachfadh aon duine aca ann. Mar dheimhniughadh
ar an gcómhrádh bhí againn d'innis sí a sgéal
féin dom. Dubhairt sí an chéad oidhche 'riamh
a ndeachaidh sí chuig Craobh de Chonnradh na
Gaedhilge go raibh a muinntir ar buile léi.
Bhíodar cinnte go mbeadh sí, ar a laighead,
'n-a leath-Chatoiliceach ar theacht a bhaile dhi.
Ní raibh, ar ndóigh, ná athrughadh gránna ar
bith eile uirthi de bhárr a cuairte; agus nuair
a chonnaiceadar nach raibh, agus nach rinne
sé aon díoghbháil di, níor chuireadar aon
bhacainn uirthi uaidh sin amach.



Is cinnte ó'n méid seo agus ó gach a ndubhairt
“Cú Uladh” gurbh é an creideamh an claidhe
teorann atá a coinneál na nGaedhil-Ghaill
gan cuidiughadh le na Gaedhil. Ní féidir
milleán a thabhairt dóibh fá bheith mar so,
sgáthmhar, aimhreasach, roimh Chatoilicighibh, mar
creidim gur cuid dá n-oideachas é. Acht
cheapfadh duine go mbeadh sé de mhisneach aca,
an tráth so de'n tsaoghal, cruthughadh agus
dearbhughadh dhóibh féin an bhfuil a gcuirtear a
leith na gCatoiliceach fíor. Má bhí sé de
mhisneach ag an mnaoi uasal ar thrácht mé uirthi
a dhul agus a chruthugadh dhi féin, cad chuige
nach mbeadh se de mhisneach ag tuilleadh aca?



Mar a bhfuil sé de mhisneach aca a dhul ann
asta féin caithfear iad a mhealladh ann, agus
is iad a muinntir féin atá i gConnradh na
Gaedhilge cheana a chaithfeas a bheith 'n-a
mealltóirí. Is aca-san atá a chur i n-umhal dá
gcáirde taobh amuigh de'n chlaidhe teorann nach
mbéidh aon chur isteach ag na Catoilicighibh ar a
gcreideamh, ná ar aon nídh eile a bhaineas leo.
Dá mbeadh níos mó eolais aca ortha d'imtheochadh
an sgáth agus an t-aimhreas díobh agus bheidís
araon 'n-a gcáirde ní b'fhearr.



Cia ar shon a bhfuil Connradh na Gaedhilge
ag obair? An ar son na gCatoiliceach é?
Ní headh, acht ar son na hÉireann, agus ar
son muinntir na hÉireann, idir Chatoilicigh
agus Phrotasdúin, idir Ghaedhil agus Ghaedhil-
Ghaill; agus ó 'seadh cia an fáth a bhfuil dream
aca a fágáil na oibre uilig ag an dream eile
le déanadh? Tá Éire 'n-a máthair fhial, char-
thanach, tá grádh agus fáilte aici de gach duine
dá cloinn, is cuma cad é a chreideamh; acht is
maith léi go ndéanfadh 'chaon nduine de'n
chloinn sin a chionn féin ar a son.



Anois má admhuigheann na Gaedhil-Ghaill
gurbh' í Éire a dtír agus gur Éireannachaibh iad
féin, cad chuige nach bhfuil sé de dhualgas ortha
cuidiughadh agus cabhrughadh le lucht a saor-
suighthe? Tá go cinnte; agus is fealltach,
suarach an duine a thiubhras cúl a láimhe dá
thír dhúthchais féin, is cuma cia'n sórt tír í sin,
bocht ná saidbhir, áluinn nó a mhalairt, agus
a chuideochas le n-a námhaid.



Creidim nach bhfuil aon duine chomh ceann-
dánach ná chomh dí-chéillidhe an tráth so de ló
is go ndéarfadh sé nach é “anam tíre a teanga,”
ná gur féidir le tír a bheith 'n-a náisiúin dá-
ríribh gan í.



Má admhuigheann cách gurb é “Anam tíre a
teanga,” foillseóchadh sé dhóibh cé an fáth a
bhfuil an oiread dul 'un chinn déanta ag
Connradh na Gaedhilge ins an achar gearr atá
sé ar bun; foillseóchaidh sé dhóibh an míorbhúil
mór (mar ní féidir a chur a gcomórtas le
rud ar bith eile) atá le feiceál i nÉirinn fá
láthair i dtaoibh díospóireacht na hOllsgoile
nua.



Is iomdha connradh chun an tír seo a fheabh-
sughadh a cuireadh ar bhun le leath chéad bliadhain
agus cá bhfuil siad anois? Cuireadh ar bun
iad le gleo, agus le cainnt, agus le fothram.
Bhí an sluagh ar a mbaisdeadh. Cuireadh i
dtalamh iad an chéad lá 'riamh 'n-a gcrainn
móra láidre agus cá bhfuil siad anois?
An ceann is láidre aca fá láthair,
Connradh na Talmhan (ní féidir Connradh na
nGaedhil nAontuighthe a thabhairt air), cia an chaoi
tá air? Tá, dhá chrathadh anonn agus anall
ar nós an t-saileáin le chuile chuaifeach dá
mbuaileann é. Nuair a cuireadh Connradh na
Gaedhilge ar bun badh bheag an gleo ná an
fothram a deineadh. Cad chuige a ndeinfidhe?
Céard a bhí ins an ngarra bheag dí-chéillidhe sin,
a smaoinidh ar a leithéid de Chonnradh chuir ar
bun, acht daoine ar chóra bheith, dá mbeadh ceart
le fágháil, istigh i dtigh na ngealt. Cé air a
rabhadar a cainnt go deimhin? An Ghaedhilge
d'athbheodhchaint! As a gcéill a bhíodar! Acht
níor thug na laochra calma soin a tháinig le
chéile i mBaile Átha Cliath aon áird ar an
mbaoth-chainnt seo. Leannadar dá lámh agus
chuireadar an síol beag bídeach soin i dtalamh
agus d'fhás sé.



Cia'n fáth ar éirigh chomh maith sin le Connradh
na Gaedhilge seachas na connraidhthe eile? Seo
é an fáth: Thóg na Connraidhthe eile cúram
corp na tíre ortha féin; shíleadar go dtiocfadh
leo créachta an chuirp sin a leigheas agus a
chneasughadh, acht thasbáin an aimsir go rabhadar
ag dul amugha. Tá fhios ag 'chuile dhuine nach
féidir duine a leigheas agus a dhéanadh slán,
folláin an fhaid is tá an croidhe fabhtáilte.
Ar an nós chéadna ní féidir créachta tíre
a leigheas ná an tír a dhéanadh slán, folláin,
an fhaid is tá croidhe na tíre plúchta, múchta
sa salachar. “Anam agus croidhe tíre a teanga.”
Thuig lucht bunughadh Chonnradh na Gaedhilge seo;
thógadar ortha féin croidhe na hÉireann a
dhéanadh slán, folláin ar dtús agus d'éirigh
leo. Do réir mar bhí an teanga ag éirghe as
an salachar agus as an nGalldachas, do réir
mar bhí sí a teacht fá meas aríst, thosuigh
créachta na tíre a cneasughadh do réir a chéile.
Do réir mar bhí meas a teacht ar Theanga na
hÉireann bhí meas a teacht ar dhéantúisíbh na
hÉireann. Thosuigh cuid de na daoinibh a
tógáil a súile de na tíorthaibh thar lear agus
dá dtabhairt ar a dtír féin. Facthas dóibh gurb'
iad an dream so, ar cheapadar teach na ngealt
sáthach maith aca, a bhí dá gcur ar bhealach a leasa.
Facthas dóibh go raibh an dream so dáiríribh.
Thuigeadar ar deireadh shiar, thall, gurbh' é
“Anam tíre a teanga.”



Tá sé ion-tuigthe ag 'chuile dhuine anois nach
ar shon aon dream amháin atá Connradh na
Gaedhilge ag obair acht ar son na hÉireann.
Ar an ádhbhar soin, is le 'chuile Éireannach, is
cuma cad é a chreideamh, a admhuigheas gurbh'
Éireannach é, agus gurbh' í Éire a thír, cuidiughadh
agus cabhrughadh leis an gConnradh.



Déarfainn leo i bhfocla Sacs-Bhéarla do
sgríobh T. D. Ua Súilleabháin: —



Úna Níc Fhualáin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services