Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Gaisce Átha Cliath
Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Gaisce Átha Cliath
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Craobh Gaisce Átha Cliath Bíd Cluithchí i gCóir na Craoibhe sin ar siubhal gach Domhnach geall leis. Dia Domhnaigh seo chuaidh thorainn do thárla dhá chluithche n-a thaobh ag Bóthar Mhic Seóin. Bhí cluithche báire ann idir na Dáibhisigh is na Fontanóigh agus cluithche peile idir fóirnibh Dhóthchuis na hÉireann is na gCluigtheach. Bhí an lá buille spáideamhail. Do tháinig cioth nó dhó shneachta réidhte a ghoill ar gach éinne. An Táille Sa bháire bhí an lámh uachtair ag na Fontanóigh sa chéad bhabhta agus do dheallruigh go rithfeadh leo. Sa dara leath amhthach, do ghéaruigh na Dáibhis a n-imirt agus do bhuadhadar i ndeireadh na mbeart. Sidé an scór. Dáibhisigh, 1-12; Fontanóigh, 1-6. Comórtas idir sóisearaibh do b'eadh an cluithche peile. D'imreadar na Dóthchasaigh go treán. Bhí an ghaoth is an sneachta féin n-a gcoinnibh le linn an chéad bhabhta. Sa tarna babhta, amhthach, do chuireadar caoch ar na Cluigthighibh agus bhuadar 2-8, i gcoinnibh 1-6 a bhí ag na Cluigthighibh. Ógfhuireann is eadh na Dóthchasaigh, acht tá adhbhar fóghanta ionnta. Má leanaid de'n taithighe agus ní fuláir no cloisfear uatha fós. Cumann na Peile Bíd comórtaisí fá riar an Chumainn seo ar siubhal gach Domhnach. Sidé táille an Domhnaigh: Ag an Díon: — Sóisir — Naomh Phádraig, 0-7; Hibernian, 0-3. Sinsir — Párnailigh, 0-14; Geata Shain Séamus, 0-7. Sóisir — Párnailigh buadh i n-aiscidh ó sna Biadhtaigh. Ag Carn na gCloch: — Óganaigh — Énnrigh, 0-15; Dáibhisigh, 1-6. Ag Rialto: — Sinsir — Ciceamaigh, 1-6; Raghallaigh, 0-2. Ógánaigh — Eimitigh buadh i n-aiscidh ó Bhinn Éadair. Táille Báire Sa Pháirc: — Biadhtaigh, 3-4; G.S. & W.R. 1-3. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services