Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Craobh Gaisce Átha Cliath

Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Gaisce Átha Cliath
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Craobh Gaisce Átha Cliath



Bíd Cluithchí i gCóir na Craoibhe sin ar siubhal
gach Domhnach geall leis. Dia Domhnaigh seo
chuaidh thorainn do thárla dhá chluithche n-a thaobh
ag Bóthar Mhic Seóin. Bhí cluithche báire ann
idir na Dáibhisigh is na Fontanóigh agus cluithche
peile idir fóirnibh Dhóthchuis na hÉireann is
na gCluigtheach. Bhí an lá buille spáideamhail.
Do tháinig cioth nó dhó shneachta réidhte a ghoill
ar gach éinne.



An Táille



Sa bháire bhí an lámh uachtair ag na Fontanóigh
sa chéad bhabhta agus do dheallruigh go rithfeadh
leo. Sa dara leath amhthach, do ghéaruigh na
Dáibhis a n-imirt agus do bhuadhadar i ndeireadh
na mbeart. Sidé an scór. Dáibhisigh, 1-12;
Fontanóigh, 1-6. Comórtas idir sóisearaibh do
b'eadh an cluithche peile. D'imreadar na
Dóthchasaigh go treán. Bhí an ghaoth is an sneachta
féin n-a gcoinnibh le linn an chéad bhabhta. Sa
tarna babhta, amhthach, do chuireadar caoch ar
na Cluigthighibh agus bhuadar 2-8, i gcoinnibh 1-6
a bhí ag na Cluigthighibh. Ógfhuireann is eadh
na Dóthchasaigh, acht tá adhbhar fóghanta ionnta.
Má leanaid de'n taithighe agus ní fuláir no
cloisfear uatha fós.



Cumann na Peile



Bíd comórtaisí fá riar an Chumainn seo ar
siubhal gach Domhnach. Sidé táille an Domhnaigh:
Ag an Díon: —
Sóisir — Naomh Phádraig, 0-7; Hibernian, 0-3.
Sinsir — Párnailigh, 0-14; Geata Shain
Séamus, 0-7.
Sóisir — Párnailigh buadh i n-aiscidh ó sna
Biadhtaigh.



Ag Carn na gCloch: —
Óganaigh — Énnrigh, 0-15; Dáibhisigh, 1-6.



Ag Rialto: —
Sinsir — Ciceamaigh, 1-6; Raghallaigh, 0-2.
Ógánaigh — Eimitigh buadh i n-aiscidh ó Bhinn
Éadair.



Táille Báire



Sa Pháirc: —
Biadhtaigh, 3-4; G.S. & W.R. 1-3.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services