Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Má tá do chéile leisgeamhail
Title
Má tá do chéile leisgeamhail
Author(s)
Ó Conaire, Pádraic,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Má tá do chéile leisgeamhail. Bhí an lá ann. Bhí solus na gréine ag soill- siughadh isteach sa seomra bhíodh is go raibh an fhuinneog bheag ar an taobh ó dheas de'n teach féin. Bhí fuamanna éagsamhla na maidne le clos taobh amuigh: na huain ag méidhligh ar an mbán; an gadhar ag tafaint ar an tsráid; an bhó ag géimnigh sa ngort. Sí an bhó a dhúisigh Pait Mór. Bhí sé beagnach cinnte dhe. Bhain searradh as féin go leisgeamhail. Ghlan na sramhacha dá shúilibh. Shín na géaga móra láidre gur thósuigh an tsean-leabaidh ag creathadh agus ag giosgán faoi. An bhó arís. Seadh — agus an gadhar ag tafaint. Céard a bhí ar siubhal? “Éirigh a bhean,” ar seisean, “tá an lá caithte! Nach deas an chaoi orm é, mé bheith pósta ag do leithéid de staoille spadánta! Éirigh adeirim! A Mháire!...” Acht nuair a bhí na géaga sínte aige agus na súile fosgáilte i gceart, thug sé aghaidh ar an áit go mbá chóir dá bhean a bheith. Ní raibh sí ann. Ní raibh aon tsúil aige-sean go mbeadh. Le 'n-a brostughadh, dá mba rud é nach raibh sí 'n-a suidhe fós, dubhairt sé an chainnt. Agus gach uile lá 'san mbliadhain, nuair a d'fhos- glóchadh sé féin na súile, déirfeadh sé rud mar é le n-a spreagadh chun oibre ar eagla go n-éireochadh sí leisgeamhail. An leisge an rud is measa ar an saoghal so. Má fhághann an leisge greim ort tá tú réidh, mar adubhairt sé féin go minic. Acht ba bheag an baoghal bhí ar a mhnaoi bhocht bheith leisgeamhail. Dá mbeadh ní bheadh teach ná talamh, bó, gamhain ná eile aca. Ní raibh lá san mbliadhain nach mbíodh sé 'n-a shuidhe roimh an ngréin. Tar éis éirghe dhi, d'fhaduigheadh sí teine, chuireadh sí gráinne tae 'san bpóta, bhligheadh sí an tseanbhó fhaid is bhíodh an tae shíos, d'óladh sí muga dhe, agus thugadh sí siar muga eile chuig Pait. Cheap an fear macánta soin nach raibh aon-cheo ann le do chroidhe a thógáil ar maidin mar chupán maith láidir tae. An maidin seo d'fhan sé sgathamh maith ag fanacht léithi agus é ar a leath-uillin san leabaidh. Nuair nár airigh sé ag teacht í luidh sé siar ar an bpiolúr an ath-uair. Bhí sean- dúidín ar an mbord beag corrach le n-a ais agus thosuigh sé ag ceapadh dhó féin céard ab'fhearr dhó dhéanamh — fanacht go mbeadh an tae ólta aige nó gail tobac a bheith aige i dtosach. Acht ní raibh a bhean ná an tae ag teacht chuige. Nach mór an moill a bhí sí ag cur air? Cé'n mí-ádh bhí uirthi nach raibh sí ag teacht? Cheap sé go gcuirfeadh sé an oiread stróimh ar féin is go ngabhfadh sé chuig an bhfuinneóig go nglaodhfadh sé uirthi. Acht dá ndéanadh sé sin nach mbeadh sé chomh maith dhó éirghe ar fad? Bhí an cheist seo ag déanamh níos mó buaidheartha dhó ná cheist an tae féin. Is ar éigin a bhí a dhá shúil fosgáilte ag an bhfear mór feasógach, acht mar sin féin d'éirigh sé ar a dhá ghlúin le dhul go dtí an fhuinneóig. Bhí pictiúir bheag de'n Mhaighdean Mhuire crochta ar an mballa le hais na fuinneóige bige, agus is cinnte go n-abróchadh sé paidir nó dhó os a comhair ar a ghlúnaibh muna mbeadh go raibh fhios aige go n-abrócadh a bhean cúpla ceann ar a shon. Ar an bpointe sin d'airigh mo dhuine a chosa agus a cheathramhnaí ag éirghe an-fhuar. Chaith sé siar sa leabaidh é féin arís agus tharraing na héadaigh leapthan 'n-a thimcheall. Faoi cheann cúig nóiméid bhí gach uile cheist a bhí gá bhodhradh idir codladh agus dúiseacht dó, socruighthe aige ar a bhealach féin. Agus is aige féin agus aige féin amhain atá eolas an tsocruighthe sin. Níl le rádh annseo acht amháin gur dhún sé na súile arís, gur shín sé na géaga móra láidre, gur bhain sé searradh eile as féin, gur shocruigh sé a fhéasóg fhada dhubh taobh amuigh de'n chuilt agus gur thuit a shuan agus a throm-chodladh air. Ní fhaca tú a shamhail ariamh ag tuitim 'n-a chodladh dhó acht beithidheach mór mara d'fhágfadh an taoile trágha 'n-a dhiaidh ar an gcladach — beithidheach mór ramhar beathaidhe éigin a bheadh le cor a chur dhe dhá bhfuigheadh sé a shaoghal air. Acht dá mba rud é go ndeachaidh Pait Mór chuig an bhfuinneoig, mar shíl sé a dhul bheadh fhios aige céard a bhí ag coinneál moille ar a mhnaoi. D'fheicfeadh sé sínte san ngarrdha cabáiste faoi bhun an chlaidhe í, agus gan cor aisti acht an oiread is bhí as féin faoi láthair. Dá bhfanfadh sé sgathamh maith ag an bhfuinneóig — dá mba nach leigfeadh an leisge agus an fuacht dho é — d'fheicfeadh sé beirt bhan i ngreim innti agus iad dá tabhairt isteach a bhaile. Acht, ós rud é go raibh mo dhuine 'n-a chodladh feadh an achair seo ní fhaca sé aon cheo muna bhfaca sé i mbrionglóidíbh é. II. Tugadh an bhean isteach. Suidheadh i gcathaoir cois teine í. Bhí dath an bháis uirthi agus í ar creathadh. Tugadh uisge dhi acht níor fhéad sí a ól. Ní raibh aon chainnt aici. Coinnigheadh an cupán uisge le n-a bhéal. Dóirteadh cupán eile ar a héadán. Ní raibh sí ag teacht chuici féin. “Meas tú céard d'éirigh dhi?” arsa duine de na mnáibh. “Dheamhan fhios soin agam,” ars' an bhean eile, “acht coinnigh an soitheach le n-a bhéal.” “B'fhearr liom ná go leór go mbeadh Pait annseo,” ars' an chéad bhean. “Dá mba rud é go n-eireóchadh tada dhi...” “Coinnigh an soitheach le n-a bhéal adeirim,” ars' an bhean eile. Rinneadh amhlaidh. Dóirteadh cupán eile uisge ar an mnaoi a bhí tinn. Leig sí osnadh lag. D'osgail sí na súile. “An.. an.. gabh.. ar” ar sise go lag- ghlórach. “Cé'n gabhar?” ars' an bheirt bhan i n-aondtigh. D'fhan sí tamall maith fada gan focal eile a rádh. “An.. gabh..ar.. san... ngarrdha san gcabáisde...” “Céard tá sí a rádh faoi ghabhar?” ars' an chéad bhean “Coinnigh an t-uisge léithi agus ná bí ag cainnt go bhfeicfidh mé cá bhfuil Pait,” ars' an bhean eile. Chuaidh sí go doras an tseomra agus is beag nach ndeachaidh sise i laige freisin nuair chonnaic sí Pait 'n-a chodladh. “Ó go gcuiridh Dia an t-ádh ort acht gabh i leith annseo go bhfeicidh tú é,” ar sise, “an sumachán! 'n-a chodladh an tráth so de ló! Agus a bhean ag fagháil bháis!” Nuair a tháinig na mná isteach i dtosach chuala Pait torann éigin agus é idir codladh agus dúiseacht. Shíl sé gurab í Máire a bhí ann agus go ndúiseochadh sí é nuair bheadh an tae déanta aici. Dhúisigh sé i gceart agus do gheit sé nuair thug an bhean (a bhean féin a bhí ann cheap seisean) sumachán air. Céard a bhí teacht ar an saoghal chor ar bith, go dtiubhradh a bhean féin sumachán air! Acht nuair chuala sé na focla “ag fagháil bháis,” agus nuair chonnaic sé an bhean choimhthigheach san doras bhí sgéal eile ann. “Éirigh go beo a chladhaire an tsaoghail,” ar sise. “Cé..c..é thú..ú?” “Cuma cé mise, Éirigh go beó. Téirigh i gcoinne an tsagairt. Tá do bhean ag fágháil bháis.” “Máire ag fágháil bháis an eadh?” ar seisean agus sgannradh air. Acht níor fhan an bhean le n-a fhreagairt. D'iompuigh sí go tobann ar a cois agus amach léithi. Bhí Pait san gcistinigh i láthair na mban gan mórán achair. Bhí a bhean féin ag teacht chuici féin go mall. A dhá súil ar leathadh agus sgeóin ionnta. A cuid fiacail ag giosgán. Cosamhlacht uirthi gur baineadh geit uathbhásach aisti. Níor baineadh an oiread oibre as cnámhaibh Phait ariamh is baineadh an maidin seo. Bhí an fear mór annseo agus annsúd ar an nóiméad céadna. Bean aca ag iarraidh air uisge a thabairt isteach agus ag tabhairt gach ainm ba mhí-mhúinte ná a chéile air. An bhean eile ag cur i gcéill dó céard a dhéanfadh sí dá mbeadh a leithéid de chéile aici. Bhí an fear chos- nochtuighthe agus gan cóta ar bith air. Bhí an mhaidin roinnt fuar acht ar a shon sin bhí sé ag cur alluis go tiugh — na braonacha móra ag tuitim anuas dhá bhathais agus dá gcailleadh féin 'n-a fhéasóig mhóir dhuibh. Ní bhainfeadh an obair neamh-ghnáthach amháin an t-allus as; acht an obair agus an droch-íde bhí sé a fágháil ó'n mbeirt agus an sgannradh a chuir an droch-bháil seo ar an bhfear mór. I gceann uaire tháinig an cainnt chuig a mhnaoi. Faoi'n am seo bhí sí istigh 'sa leabaidh agus d'innis sí dóibh go lag-ghlórach go bhfaca sí gabhar — gabhar mór dubh a bhí chomh mór le asal — san ngarrdha cabáisde. Nuair a cheap sí a chur amach d'ionnsuigh seisean í agus chuir a dhá adhairc n-a taobh. Chuaidh sí i laige annsin agus níor chuimhnigh sí ar a thuille. Ní raibh aon chomhartha uirthi gur ionnsuigh an gabhar ná beithidheach ar bith eile í. Ní raibh aon chosamhlacht ar an ngarrdha go raibh gabhar ná gamhain ann. Ní raibh a lorg le feiceál. Cuma céard a bhí ann bhí Máire breóite. Bhí sí go dona. Níor fhéad sí í féin a iompughadh sa leabaidh. Maidir le h-éirighe ní raibh aon ghoir aici air. Gach uile seanbhean timcheall na háite bhí eolasach ar ghalraibh tugadh isteach í. Acht ní raibh seanbhean ar bith aca chonnaic a leithéid de ghalar le n-a bheo. Na dochtúirí féin nuair a thagann siad ar ghalar neamh-ghnáthach — galar nuadh nach bhfacadar cheana, is éigin dóibh ainm éigin thabhairt air. Ní bhíonn siad sásta acht an oiread go mbíonn fios fátha an ghalair aca. Tús leighis an t-eólas. Dubhairt sean-bhean le sean-mhnaoi eile gur “droch-rud” chonnaic bean Phait. Dubhairt sise le mnaoi eile go bhfaca bean Phait “droch-rud” san ngarrdha — droch-rud mór dubh agus cosamhlacht gabhair air acht go raibh a dhá shúil ar lasadh 'n-a cheann mar bheadh dhá sméarthóid ann. Dubhairt sise le mnaoi gurab é an fear mór a chonnaic bean Phait agus é i riocht gabhair theineadh. Dinnis sise do Phait gurab é Fear na Ribhe chonnaic a bhean; go dtáinig sé le cead fhágháil uaithi Pait féin a sguabadh leis i ngeall ar ar fhág sé gan dhéanamh le linn a shaoghail. III. Bhí eagla ar Phait. Bhí cosamhlacht na fírinne ar an sgéal, cheap sé. Dá mba nach dtiubhradh a bhean cead do'n fhear mór é féin a bhreith leis bheadh olc ag an fhear mór aige fan dhe. Agus b'in í anois í dá snaoidh os comhair a shúl gach lá. Ní raibh fhios ag an dochtúir céard a bhí uirthi. Tháinig sé a hocht nó a naoi de uaireanntaibh, agus d'fhág buidéal beag n-a dhiaidh gach uair acht ní dhearna na druganna aon mhaith di. A dhul i ndonas a bhí sí. Tháinig an sagart go minic acht níor fhéad seisean fírinne an sgéil a bhaint amach acht an oiread leis an dochtúir. Bhí Pait go cráidhte. Shíl sé go mbeadh fhios ag an dochtúir nó ag sagart cé'n galar bhí ar a mhnaoi. Bhí goile mhaith aici, acht má bhí féin bhí sí ag cailleadh na feola gach lá. Bhí ceart ag an sean-mhnáibh. “Droch-rud” a chonnaic sí. Droch-ghalar éigin a bhí uirthi. B'fhéidir go raibh sí ag fágháil bháis — ag fágháil bháis ar a shon. Marach í b'fhéidir go mbeadh sé féin i dtigh an fhir mhóir anois féin. A raibh de ghean agus de ghrádh 'n-a chroidhe dá mhnaoi nochtuigheadh é. Dhéanadh sé gach uile shórt dhi. An fear mór feasógach so — an fear ramhar beathaighthe seo a bhí 'n-a leas-dhearbhráthair de'n diomhaointeas agus n-a oighre ag na righthe agus na mór- uaisle a chleachtuigh an suaimhneas agus an sogh agus an ná-déan-faic. Dá bhfeictá é ar a mhine-ghéire ag déanamh gach uile shórt a cheapadh sé go ngabhfadh i dtairbhe dá mhnaoi bheadh fonn gáire ort — nó fonn machtnaimh. D'fhadóchadh sé an teine. Tharraingeochadh sé uisge. Dhéanadh sé tae roimh éirghe lae dhi. Bhlighfeadh sé an tseanbhó. Ghlanfadh sé soithigh. Sguabfadh sé an t-urlár. Chorróchadh sé an leabaidh. Agus nuair a bhíodh an teach tógtha aige, théigheadh sé ag obair san ngarrdha nó ar an bportach, nó bhéaradh sé a ghunna leis agus bhéaradh naosg nó crutach nó patr'-uisge féin a bhaile leis. Nuair a bhíodh an fheóil gléasta aige, agus a bhean ghá ithe, shuideadh sé féin ag ceann na leapthann ar an urlár ionnus go mbíodh a cheann féin agus ceann a mhná ar aon áirde. D'fhéachadh sé isteach 'n-a súilibh lán-bholgacha go truaighmhéalach. Bhéarfadh sé ar láimh uirthi agus thosuigheadh sé ag cuimilt a lámh a bhí a dhul i míne agus i ngile agus i dtanaidhe ó ló go ló. Leagadh sé an lámh ar a cheann féin, agus d'fhanadh go dtosnóchadh sise ar a méaraibh a chur thrí n-a thiugh-fholt dubh. Is annsin a bhíodh an t-áthas air. D'fhanadh sé n-a shuidhe ar a shuaimhneas cois na leapthann go dtuitfeadh an bhean 'n-a codladh. Briseann an dúthchas trí shúilíbh an chait adeirtear. Acht is ar na hocáidibh seo agus ar na hocáidibh seo amháin a bhriseadh an dúthchas thrí shúilibh agus trí ghéagaibh Phait. Bhíodh sé chomh sásta chomh suaimh- neach chomh leisgeamhail le cat mór ramhar os comhair teineadh maithe. Bhíodar beirt ar an mbealach so oidhche, nuair a bhí Máire os cionn leith-bhliadhna tinn, agus thárla an cómhrádh so eatorra: “An mbeadh olc ort a Mháire,” ar seisean, “dá gcuirfinn fios ar Shiobhán na n-orthacha?” “Ní bheadh sé ceart. Ba mhór an peacadh é,” ar sise.
“Acht nuair nach bhfuil tú ag fágháil biseach ar aon chaoi eile.” “Ná bíodh aon bhaint againn léithi, a Phait.” “Cá bhfios nach thú leigheas a dhéanadh sí?” “Ná bacaimís léithi. Diabhluigheacht atá aici.” Bhíodar beirt tamall beag 'n-a dtost. Bhí an oidhche ag tuitim de réir a chéile. Bhí na crainn agus na tighthe agus na sléibhte a bhí le feiceál thríd an bhfuinneóig bhig os a gcomhair amach ag cailleadh a gcuma agus a gcruth. Bhí an solus a dhul i bhfolach san áird thiar; dorchadas na hoidhche ag fághail tréise ar ghileacht an lae. Sé Pait a labhair i dtosach. “Tá fios curtha agam uirthi,” ar seisean. Níor labhair sise. Bhí sí go smaointeach. “Má tá peacadh ann is orm-sa a bhéas sé,” ar seisean, “má tá tairbhe ann bíodh sé agat-sa. IV. Fágadh an sgéal mar sin. Ar maidin go moch tháinig bean na n-orthacha. Bhí aithne mhaith uirthi ar fud na mbáilte, agus bhí fhios ag a lán cá raibh a triall. Lean cuid mhaith í. Bhí dream beag timcheall an tighe nuair a bhuail sí isteach. Acht ní raibh roimpi san gcistinigh acht Pait féin agus é ag fadughadh na teineadh. “Tá bean tinn sa teach seo,” an chéad rud adubhairt sí. “Tá. Buail fút ar an gcathaoir annsin. Tá an maidin roint fuar.” “Ní fhéadfaidh mé. Cá bhfuil an bhean atá tinn?” “Shiar sa seómra.” Chuaidh sí siar. Ní bheadh “an deamhan 's a mháthair” ráidhte agat go raibh sí amar arís. “Ó thuaidh agus ó dheas atá an leabaidh agaibh. Athruightear an leabaidh ar an bpointe,” ar sise. “Níl congnamh agam,” arsa Pait, “tá an leabaidh trom.” “Tá fir annsin amuigh. Tá agus mná. Táid ag fanacht go gcloisfidh said céard tá déanta agam-sa. Chuaidh Pait go doras. Bhí dream beag fear óg ar an gcnocán ó dheas de'n teach. Blaodh sé ortha. Tháinig seisear nó mór-sheisear fhearaibh óga chuige. D'órduigh bean na n-orthacha dóibh an leabaidh athrughadh. Bhí an bhean breóite ró-lag le héirghe, acht ní raibh aon chall dhi — bhíodar-san sáthach láidir í féin agus an leabaidh a thógáil. An t-ádhmud a bhí san leabaidh bhí sé sean lobhtha. Athair mór Phait a chuir suas i dtosach é. An chéad tarraing dá dtug na fir óga ní dhéarnadar acht a creathadh. Bhí sé greamuighthe de'n urlár agus de'n bhalla. Thugadar tarraing eile. Thuit an t-ádhmud ó n-a chéile. Thuit ceann na leapthann anuas ar an mhnaoi bhreóite. Leig sí sgread. Baineadh geit aisti. Shíleadh go raibh sí marbh ar fad. Is ann a bhí an rúille-búille. “Fágtar an seómra fúm-fhéin,” arsa bean na n-orthacha. Fágadh. D'fhan sí leath-uair nó mar sin leis an mnaoi a bhí breóite. D'fhan an dream eile 'sa gcistinigh go dtáinig sí aniar. “Ní bheidh blas uirthi faoi cheann seachtmhaine,” ar sise; “tá deifir a bhaile orm anois acht feicfidh mé athrughadh i mbárach thú, a fhir a' tighe, ar aonach Dhoire na bhFiach,” agus siúd amach an doras go tapaidh í. Tháinig biseach ar Mháire. Bhí sí a dhul i bhfeabhas ó ló go ló. Ní raibh seachtmhain caithte go raibh sí 'n-a suidhe. I gceann míosa bhíodh sí ag bleaghan na mbó, agus ag tógáil an tighe. Faoi cheann raithe ní raibh aon cosamhlacht uirthi go raibh sí tinn ariamh. Dubhairt cuide de na daoine gurab í bean na n-orthacha leighisigh í. Cheap cuid eile go raibh an leigheas i ndán di. Dubhairt sí féin gus leighisigh an gheit a baineadh aisti nuair a thuit an leapaidh uirthi í. Tá daoine eile ann adeireann nach raibh tinneas ná galar ariamh uirthi — nach raibh sí acht ag leigint uirthi le go leigheasóchadh sí féin a fear. Níor tugadh aon áird ortha súd. Nach bhfuil daoine ann a chuirfeadh an dubh 'n-a bhán ort? Cuma cé'n dream aca bhí ceart. 'Sí Máire a fhághas an cupán maith láidir tae, 'san leabaidh ar maidin anois. Agus a léightheóir a chroidhe, má tá do chéile leisgeamhail — Pádraic Ó Conaire.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services