Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Má tá do chéile leisgeamhail

Title
Má tá do chéile leisgeamhail
Author(s)
Ó Conaire, Pádraic,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Má tá do chéile leisgeamhail.



Bhí an lá ann. Bhí solus na gréine ag soill-
siughadh isteach sa seomra bhíodh is go raibh an
fhuinneog bheag ar an taobh ó dheas de'n teach
féin. Bhí fuamanna éagsamhla na maidne le
clos taobh amuigh: na huain ag méidhligh ar an
mbán; an gadhar ag tafaint ar an tsráid; an
bhó ag géimnigh sa ngort.



Sí an bhó a dhúisigh Pait Mór. Bhí sé beagnach
cinnte dhe. Bhain searradh as féin go leisgeamhail.
Ghlan na sramhacha dá shúilibh. Shín na géaga
móra láidre gur thósuigh an tsean-leabaidh ag
creathadh agus ag giosgán faoi. An bhó arís.
Seadh — agus an gadhar ag tafaint. Céard a bhí
ar siubhal?



“Éirigh a bhean,” ar seisean, “tá an lá
caithte! Nach deas an chaoi orm é, mé bheith
pósta ag do leithéid de staoille spadánta!
Éirigh adeirim! A Mháire!...”



Acht nuair a bhí na géaga sínte aige agus na
súile fosgáilte i gceart, thug sé aghaidh ar an
áit go mbá chóir dá bhean a bheith. Ní raibh sí
ann. Ní raibh aon tsúil aige-sean go mbeadh.
Le 'n-a brostughadh, dá mba rud é nach raibh sí
'n-a suidhe fós, dubhairt sé an chainnt. Agus
gach uile lá 'san mbliadhain, nuair a d'fhos-
glóchadh sé féin na súile, déirfeadh sé rud mar
é le n-a spreagadh chun oibre ar eagla go
n-éireochadh sí leisgeamhail. An leisge an rud
is measa ar an saoghal so. Má fhághann an
leisge greim ort tá tú réidh, mar adubhairt sé
féin go minic.



Acht ba bheag an baoghal bhí ar a mhnaoi bhocht
bheith leisgeamhail. Dá mbeadh ní bheadh teach
ná talamh, bó, gamhain ná eile aca. Ní raibh lá
san mbliadhain nach mbíodh sé 'n-a shuidhe roimh
an ngréin. Tar éis éirghe dhi, d'fhaduigheadh sí
teine, chuireadh sí gráinne tae 'san bpóta,
bhligheadh sí an tseanbhó fhaid is bhíodh an tae
shíos, d'óladh sí muga dhe, agus thugadh sí siar
muga eile chuig Pait. Cheap an fear macánta
soin nach raibh aon-cheo ann le do chroidhe a thógáil
ar maidin mar chupán maith láidir tae.



An maidin seo d'fhan sé sgathamh maith ag
fanacht léithi agus é ar a leath-uillin san
leabaidh. Nuair nár airigh sé ag teacht í luidh
sé siar ar an bpiolúr an ath-uair. Bhí sean-
dúidín ar an mbord beag corrach le n-a ais
agus thosuigh sé ag ceapadh dhó féin céard
ab'fhearr dhó dhéanamh — fanacht go mbeadh an
tae ólta aige nó gail tobac a bheith aige i dtosach.
Acht ní raibh a bhean ná an tae ag teacht chuige.
Nach mór an moill a bhí sí ag cur air? Cé'n
mí-ádh bhí uirthi nach raibh sí ag teacht? Cheap sé
go gcuirfeadh sé an oiread stróimh ar féin is go
ngabhfadh sé chuig an bhfuinneóig go nglaodhfadh
sé uirthi. Acht dá ndéanadh sé sin nach mbeadh
sé chomh maith dhó éirghe ar fad? Bhí an cheist
seo ag déanamh níos mó buaidheartha dhó ná cheist
an tae féin. Is ar éigin a bhí a dhá shúil fosgáilte
ag an bhfear mór feasógach, acht mar sin féin
d'éirigh sé ar a dhá ghlúin le dhul go dtí an
fhuinneóig. Bhí pictiúir bheag de'n Mhaighdean
Mhuire crochta ar an mballa le hais na
fuinneóige bige, agus is cinnte go n-abróchadh
sé paidir nó dhó os a comhair ar a ghlúnaibh
muna mbeadh go raibh fhios aige go n-abrócadh
a bhean cúpla ceann ar a shon. Ar an bpointe
sin d'airigh mo dhuine a chosa agus a cheathramhnaí
ag éirghe an-fhuar. Chaith sé siar sa leabaidh
é féin arís agus tharraing na héadaigh leapthan
'n-a thimcheall.



Faoi cheann cúig nóiméid bhí gach uile cheist a
bhí gá bhodhradh idir codladh agus dúiseacht dó,
socruighthe aige ar a bhealach féin. Agus
is aige féin agus aige féin amhain atá eolas an
tsocruighthe sin. Níl le rádh annseo acht amháin
gur dhún sé na súile arís, gur shín sé na géaga
móra láidre, gur bhain sé searradh eile as
féin, gur shocruigh sé a fhéasóg fhada dhubh taobh
amuigh de'n chuilt agus gur thuit a shuan agus
a throm-chodladh air. Ní fhaca tú a shamhail
ariamh ag tuitim 'n-a chodladh dhó acht beithidheach
mór mara d'fhágfadh an taoile trágha 'n-a dhiaidh
ar an gcladach — beithidheach mór ramhar beathaidhe
éigin a bheadh le cor a chur dhe dhá bhfuigheadh
sé a shaoghal air.



Acht dá mba rud é go ndeachaidh Pait Mór
chuig an bhfuinneoig, mar shíl sé a dhul bheadh fhios
aige céard a bhí ag coinneál moille ar a mhnaoi.
D'fheicfeadh sé sínte san ngarrdha cabáiste
faoi bhun an chlaidhe í, agus gan cor aisti
acht an oiread is bhí as féin faoi láthair. Dá
bhfanfadh sé sgathamh maith ag an bhfuinneóig
— dá mba nach leigfeadh an leisge agus an
fuacht dho é — d'fheicfeadh sé beirt bhan i ngreim
innti agus iad dá tabhairt isteach a bhaile. Acht,
ós rud é go raibh mo dhuine 'n-a chodladh feadh
an achair seo ní fhaca sé aon cheo muna bhfaca
sé i mbrionglóidíbh é.



II.



Tugadh an bhean isteach. Suidheadh i gcathaoir
cois teine í. Bhí dath an bháis uirthi agus í ar
creathadh. Tugadh uisge dhi acht níor fhéad
sí a ól. Ní raibh aon chainnt aici. Coinnigheadh
an cupán uisge le n-a bhéal. Dóirteadh cupán
eile ar a héadán. Ní raibh sí ag teacht chuici
féin.



“Meas tú céard d'éirigh dhi?” arsa duine
de na mnáibh.



“Dheamhan fhios soin agam,” ars' an bhean
eile, “acht coinnigh an soitheach le n-a bhéal.”



“B'fhearr liom ná go leór go mbeadh Pait
annseo,” ars' an chéad bhean. “Dá mba rud é
go n-eireóchadh tada dhi...”



“Coinnigh an soitheach le n-a bhéal adeirim,”
ars' an bhean eile. Rinneadh amhlaidh. Dóirteadh
cupán eile uisge ar an mnaoi a bhí tinn. Leig sí
osnadh lag. D'osgail sí na súile.



“An.. an.. gabh.. ar” ar sise go lag-
ghlórach.



“Cé'n gabhar?” ars' an bheirt bhan i
n-aondtigh.



D'fhan sí tamall maith fada gan focal eile
a rádh.



“An.. gabh..ar.. san... ngarrdha san
gcabáisde...”



“Céard tá sí a rádh faoi ghabhar?” ars' an chéad
bhean



“Coinnigh an t-uisge léithi agus ná bí ag
cainnt go bhfeicfidh mé cá bhfuil Pait,” ars' an
bhean eile.



Chuaidh sí go doras an tseomra agus is beag
nach ndeachaidh sise i laige freisin nuair chonnaic
sí Pait 'n-a chodladh.



“Ó go gcuiridh Dia an t-ádh ort acht gabh i
leith annseo go bhfeicidh tú é,” ar sise, “an
sumachán! 'n-a chodladh an tráth so de ló!
Agus a bhean ag fagháil bháis!”



Nuair a tháinig na mná isteach i dtosach
chuala Pait torann éigin agus é idir codladh
agus dúiseacht. Shíl sé gurab í Máire a bhí
ann agus go ndúiseochadh sí é nuair bheadh an
tae déanta aici. Dhúisigh sé i gceart agus do
gheit sé nuair thug an bhean (a bhean féin a bhí
ann cheap seisean) sumachán air. Céard a bhí
teacht ar an saoghal chor ar bith, go dtiubhradh
a bhean féin sumachán air! Acht nuair chuala
sé na focla “ag fagháil bháis,” agus nuair
chonnaic sé an bhean choimhthigheach san doras bhí
sgéal eile ann.



“Éirigh go beo a chladhaire an tsaoghail,”
ar sise.



“Cé..c..é thú..ú?”



“Cuma cé mise, Éirigh go beó. Téirigh i
gcoinne an tsagairt. Tá do bhean ag fágháil
bháis.”



“Máire ag fágháil bháis an eadh?” ar seisean
agus sgannradh air. Acht níor fhan an bhean
le n-a fhreagairt. D'iompuigh sí go tobann ar
a cois agus amach léithi.



Bhí Pait san gcistinigh i láthair na mban gan
mórán achair. Bhí a bhean féin ag teacht chuici
féin go mall. A dhá súil ar leathadh agus sgeóin
ionnta. A cuid fiacail ag giosgán. Cosamhlacht
uirthi gur baineadh geit uathbhásach aisti.



Níor baineadh an oiread oibre as cnámhaibh
Phait ariamh is baineadh an maidin seo. Bhí an
fear mór annseo agus annsúd ar an nóiméad
céadna. Bean aca ag iarraidh air uisge a
thabairt isteach agus ag tabhairt gach ainm ba
mhí-mhúinte ná a chéile air. An bhean eile ag
cur i gcéill dó céard a dhéanfadh sí dá mbeadh
a leithéid de chéile aici. Bhí an fear chos-
nochtuighthe agus gan cóta ar bith air. Bhí an
mhaidin roinnt fuar acht ar a shon sin bhí sé ag
cur alluis go tiugh — na braonacha móra ag
tuitim anuas dhá bhathais agus dá gcailleadh
féin 'n-a fhéasóig mhóir dhuibh. Ní bhainfeadh an
obair neamh-ghnáthach amháin an t-allus as; acht
an obair agus an droch-íde bhí sé a fágháil ó'n
mbeirt agus an sgannradh a chuir an droch-bháil
seo ar an bhfear mór.



I gceann uaire tháinig an cainnt chuig a mhnaoi.
Faoi'n am seo bhí sí istigh 'sa leabaidh agus
d'innis sí dóibh go lag-ghlórach go bhfaca sí
gabhar — gabhar mór dubh a bhí chomh mór le asal —
san ngarrdha cabáisde. Nuair a cheap sí a
chur amach d'ionnsuigh seisean í agus chuir a
dhá adhairc n-a taobh. Chuaidh sí i laige annsin
agus níor chuimhnigh sí ar a thuille.



Ní raibh aon chomhartha uirthi gur ionnsuigh an
gabhar ná beithidheach ar bith eile í. Ní raibh aon
chosamhlacht ar an ngarrdha go raibh gabhar ná
gamhain ann. Ní raibh a lorg le feiceál. Cuma
céard a bhí ann bhí Máire breóite. Bhí sí go
dona. Níor fhéad sí í féin a iompughadh sa
leabaidh. Maidir le h-éirighe ní raibh aon ghoir
aici air. Gach uile seanbhean timcheall na háite
bhí eolasach ar ghalraibh tugadh isteach í. Acht
ní raibh seanbhean ar bith aca chonnaic a leithéid
de ghalar le n-a bheo. Na dochtúirí féin nuair
a thagann siad ar ghalar neamh-ghnáthach — galar
nuadh nach bhfacadar cheana, is éigin dóibh ainm
éigin thabhairt air. Ní bhíonn siad sásta acht
an oiread go mbíonn fios fátha an ghalair
aca. Tús leighis an t-eólas. Dubhairt sean-bhean
le sean-mhnaoi eile gur “droch-rud” chonnaic
bean Phait. Dubhairt sise le mnaoi eile go
bhfaca bean Phait “droch-rud” san ngarrdha —
droch-rud mór dubh agus cosamhlacht gabhair
air acht go raibh a dhá shúil ar lasadh 'n-a cheann
mar bheadh dhá sméarthóid ann.



Dubhairt sise le mnaoi gurab é an fear mór
a chonnaic bean Phait agus é i riocht gabhair
theineadh. Dinnis sise do Phait gurab é Fear
na Ribhe chonnaic a bhean; go dtáinig sé le
cead fhágháil uaithi Pait féin a sguabadh leis i
ngeall ar ar fhág sé gan dhéanamh le linn a
shaoghail.



III.



Bhí eagla ar Phait. Bhí cosamhlacht na fírinne
ar an sgéal, cheap sé. Dá mba nach dtiubhradh
a bhean cead do'n fhear mór é féin a bhreith leis
bheadh olc ag an fhear mór aige fan dhe. Agus
b'in í anois í dá snaoidh os comhair a shúl gach
lá.



Ní raibh fhios ag an dochtúir céard a bhí uirthi.
Tháinig sé a hocht nó a naoi de uaireanntaibh,
agus d'fhág buidéal beag n-a dhiaidh gach uair
acht ní dhearna na druganna aon mhaith di. A
dhul i ndonas a bhí sí. Tháinig an sagart
go minic acht níor fhéad seisean fírinne an
sgéil a bhaint amach acht an oiread leis an
dochtúir.



Bhí Pait go cráidhte. Shíl sé go mbeadh fhios
ag an dochtúir nó ag sagart cé'n galar bhí
ar a mhnaoi. Bhí goile mhaith aici, acht má bhí féin
bhí sí ag cailleadh na feola gach lá. Bhí ceart
ag an sean-mhnáibh. “Droch-rud” a chonnaic
sí. Droch-ghalar éigin a bhí uirthi. B'fhéidir go
raibh sí ag fágháil bháis — ag fágháil bháis ar a
shon. Marach í b'fhéidir go mbeadh sé féin i dtigh
an fhir mhóir anois féin. A raibh de ghean agus
de ghrádh 'n-a chroidhe dá mhnaoi nochtuigheadh é.
Dhéanadh sé gach uile shórt dhi. An fear mór
feasógach so — an fear ramhar beathaighthe seo a bhí
'n-a leas-dhearbhráthair de'n diomhaointeas
agus n-a oighre ag na righthe agus na mór-
uaisle a chleachtuigh an suaimhneas agus an sogh
agus an ná-déan-faic. Dá bhfeictá é ar a
mhine-ghéire ag déanamh gach uile shórt a cheapadh
sé go ngabhfadh i dtairbhe dá mhnaoi bheadh fonn
gáire ort — nó fonn machtnaimh. D'fhadóchadh
sé an teine. Tharraingeochadh sé uisge.



Dhéanadh sé tae roimh éirghe lae dhi. Bhlighfeadh
sé an tseanbhó. Ghlanfadh sé soithigh. Sguabfadh sé
an t-urlár. Chorróchadh sé an leabaidh. Agus
nuair a bhíodh an teach tógtha aige, théigheadh sé
ag obair san ngarrdha nó ar an bportach, nó
bhéaradh sé a ghunna leis agus bhéaradh naosg
nó crutach nó patr'-uisge féin a bhaile leis.



Nuair a bhíodh an fheóil gléasta aige, agus
a bhean ghá ithe, shuideadh sé féin ag ceann na
leapthann ar an urlár ionnus go mbíodh a
cheann féin agus ceann a mhná ar aon áirde.
D'fhéachadh sé isteach 'n-a súilibh lán-bholgacha
go truaighmhéalach. Bhéarfadh sé ar láimh uirthi
agus thosuigheadh sé ag cuimilt a lámh a bhí a
dhul i míne agus i ngile agus i dtanaidhe ó ló
go ló. Leagadh sé an lámh ar a cheann féin,
agus d'fhanadh go dtosnóchadh sise ar a méaraibh
a chur thrí n-a thiugh-fholt dubh. Is annsin a bhíodh
an t-áthas air. D'fhanadh sé n-a shuidhe ar a
shuaimhneas cois na leapthann go dtuitfeadh
an bhean 'n-a codladh. Briseann an dúthchas
trí shúilíbh an chait adeirtear. Acht is ar na
hocáidibh seo agus ar na hocáidibh seo amháin
a bhriseadh an dúthchas thrí shúilibh agus trí
ghéagaibh Phait. Bhíodh sé chomh sásta chomh suaimh-
neach chomh leisgeamhail le cat mór ramhar os
comhair teineadh maithe.



Bhíodar beirt ar an mbealach so oidhche,
nuair a bhí Máire os cionn leith-bhliadhna tinn,
agus thárla an cómhrádh so eatorra:



“An mbeadh olc ort a Mháire,” ar seisean,
“dá gcuirfinn fios ar Shiobhán na n-orthacha?”



“Ní bheadh sé ceart. Ba mhór an peacadh é,”
ar sise.


L. 6


“Acht nuair nach bhfuil tú ag fágháil biseach
ar aon chaoi eile.”



“Ná bíodh aon bhaint againn léithi, a Phait.”



“Cá bhfios nach thú leigheas a dhéanadh sí?”



“Ná bacaimís léithi. Diabhluigheacht atá aici.”



Bhíodar beirt tamall beag 'n-a dtost. Bhí
an oidhche ag tuitim de réir a chéile. Bhí na
crainn agus na tighthe agus na sléibhte a bhí le
feiceál thríd an bhfuinneóig bhig os a gcomhair
amach ag cailleadh a gcuma agus a gcruth. Bhí
an solus a dhul i bhfolach san áird thiar;
dorchadas na hoidhche ag fághail tréise ar
ghileacht an lae.



Sé Pait a labhair i dtosach.



“Tá fios curtha agam uirthi,” ar seisean.



Níor labhair sise. Bhí sí go smaointeach.



“Má tá peacadh ann is orm-sa a bhéas sé,”
ar seisean, “má tá tairbhe ann bíodh sé agat-sa.



IV.
Fágadh an sgéal mar sin. Ar maidin go
moch tháinig bean na n-orthacha. Bhí aithne mhaith
uirthi ar fud na mbáilte, agus bhí fhios ag a
lán cá raibh a triall. Lean cuid mhaith í. Bhí
dream beag timcheall an tighe nuair a bhuail sí
isteach. Acht ní raibh roimpi san gcistinigh acht
Pait féin agus é ag fadughadh na teineadh.



“Tá bean tinn sa teach seo,” an chéad rud
adubhairt sí.



“Tá. Buail fút ar an gcathaoir annsin.
Tá an maidin roint fuar.”



“Ní fhéadfaidh mé. Cá bhfuil an bhean atá
tinn?”



“Shiar sa seómra.”



Chuaidh sí siar. Ní bheadh “an deamhan 's a
mháthair” ráidhte agat go raibh sí amar arís.



“Ó thuaidh agus ó dheas atá an leabaidh agaibh.
Athruightear an leabaidh ar an bpointe,” ar
sise.



“Níl congnamh agam,” arsa Pait, “tá an
leabaidh trom.”



“Tá fir annsin amuigh. Tá agus mná.
Táid ag fanacht go gcloisfidh said céard tá
déanta agam-sa.



Chuaidh Pait go doras. Bhí dream beag fear
óg ar an gcnocán ó dheas de'n teach. Blaodh sé
ortha. Tháinig seisear nó mór-sheisear fhearaibh
óga chuige. D'órduigh bean na n-orthacha dóibh
an leabaidh athrughadh. Bhí an bhean breóite
ró-lag le héirghe, acht ní raibh aon chall
dhi — bhíodar-san sáthach láidir í féin agus
an leabaidh a thógáil.



An t-ádhmud a bhí san leabaidh bhí sé sean
lobhtha. Athair mór Phait a chuir suas i dtosach
é. An chéad tarraing dá dtug na fir óga
ní dhéarnadar acht a creathadh. Bhí sé
greamuighthe de'n urlár agus de'n bhalla.
Thugadar tarraing eile. Thuit an t-ádhmud ó
n-a chéile. Thuit ceann na leapthann anuas
ar an mhnaoi bhreóite. Leig sí sgread.
Baineadh geit aisti. Shíleadh go raibh sí marbh
ar fad. Is ann a bhí an rúille-búille.



“Fágtar an seómra fúm-fhéin,” arsa bean
na n-orthacha.



Fágadh. D'fhan sí leath-uair nó mar sin leis
an mnaoi a bhí breóite. D'fhan an dream eile
'sa gcistinigh go dtáinig sí aniar.



“Ní bheidh blas uirthi faoi cheann seachtmhaine,”
ar sise; “tá deifir a bhaile orm anois acht
feicfidh mé athrughadh i mbárach thú, a fhir a' tighe,
ar aonach Dhoire na bhFiach,” agus siúd amach an
doras go tapaidh í.



Tháinig biseach ar Mháire. Bhí sí a dhul i
bhfeabhas ó ló go ló. Ní raibh seachtmhain caithte
go raibh sí 'n-a suidhe. I gceann míosa bhíodh sí
ag bleaghan na mbó, agus ag tógáil an tighe.
Faoi cheann raithe ní raibh aon cosamhlacht uirthi
go raibh sí tinn ariamh. Dubhairt cuide de na
daoine gurab í bean na n-orthacha leighisigh í.
Cheap cuid eile go raibh an leigheas i ndán di.
Dubhairt sí féin gus leighisigh an gheit a baineadh
aisti nuair a thuit an leapaidh uirthi í. Tá
daoine eile ann adeireann nach raibh tinneas ná
galar ariamh uirthi — nach raibh sí acht ag leigint
uirthi le go leigheasóchadh sí féin a fear. Níor
tugadh aon áird ortha súd. Nach bhfuil daoine
ann a chuirfeadh an dubh 'n-a bhán ort?



Cuma cé'n dream aca bhí ceart. 'Sí Máire a
fhághas an cupán maith láidir tae, 'san leabaidh
ar maidin anois. Agus a léightheóir a chroidhe,
má tá do chéile leisgeamhail —



Pádraic Ó Conaire.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services