Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Comhaltas Chorcaighe
Title
Ar Faithche na hImeartha - Comhaltas Chorcaighe
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Comhaltas Chorcaighe Tá an tseanathroid ar siubhal i gCorcaigh. Is annamh riamh ná bhíonn easaontas éigin eatortha ann, agus badh chora dóibh ciall a bheith aca. Bíodh gach taobh sásta go ceann bliadhna le socrughadh an Domhnaidh. An aimsir a caithear ar a leithéid sin dhe ghnó, do b'fhearr abhfad é thabhairt i ndiaidh liathróide ar pháirc na himeartha. Ná bímís ró-cheanamhail ar dlighthibh nó millfar sinn. Ní fuláir dlighthe bheith ann acht de réir an steanfhocail is chun a mbriseadh do ceapadh iad. Má bristear féin iad ná gabhaimís le craobhchaibh dá bhárr. Is mór an truagh nár tháinig sóisir Chill Choinnigh go Bhaile Átha Cliath Dia Domhnaigh. De réir mar thuigim-se an scéal do bhí an sciath buaidhte i gceart ag muinntir Chill Choinnigh agus ar an adhbhar san níor chóir í coimheád uatha. Ar an dtaobh eile de ní mheasaim gur leor soin de chúis ag muinntir Chill Choinnigh gan a ndualgus a choimhlíonadh Dia Domhnaigh. Iad fhéin amháin a bheidh thíos leis. Nár leor dhóibh gearán a chur isteach agus freagairt don choinne a bhí déanta dhóibh? Ba deacair imirt ar aon láthair Dia Domhnaigh. Bhíos ag féachaint ar an gcluithche peile idir na Céitinnigh is na Mistéalaigh ag an nDíon agus dár leat gur mhó de útamáil is de sleamhnughadh bhí ann ná de bualadh liathróide. Craobh Chúige Laighean Uí Fáilghe (sóisir), 5-13; Cill Choinnigh, 0-7. Iarmhidhe, 1-5; Uí Fáilighe, 0-2. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services