Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Comhaltas Chorcaighe

Title
Ar Faithche na hImeartha - Comhaltas Chorcaighe
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Comhaltas Chorcaighe



Tá an tseanathroid ar siubhal i gCorcaigh.
Is annamh riamh ná bhíonn easaontas éigin
eatortha ann, agus badh chora dóibh ciall a bheith
aca. Bíodh gach taobh sásta go ceann bliadhna
le socrughadh an Domhnaidh. An aimsir a
caithear ar a leithéid sin dhe ghnó, do b'fhearr
abhfad é thabhairt i ndiaidh liathróide ar pháirc
na himeartha. Ná bímís ró-cheanamhail ar
dlighthibh nó millfar sinn. Ní fuláir dlighthe
bheith ann acht de réir an steanfhocail is chun a
mbriseadh do ceapadh iad. Má bristear féin
iad ná gabhaimís le craobhchaibh dá bhárr.



Is mór an truagh nár tháinig sóisir Chill
Choinnigh go Bhaile Átha Cliath Dia Domhnaigh.
De réir mar thuigim-se an scéal do bhí an
sciath buaidhte i gceart ag muinntir Chill
Choinnigh agus ar an adhbhar san níor chóir í
coimheád uatha. Ar an dtaobh eile de ní mheasaim
gur leor soin de chúis ag muinntir Chill
Choinnigh gan a ndualgus a choimhlíonadh Dia
Domhnaigh. Iad fhéin amháin a bheidh thíos leis.
Nár leor dhóibh gearán a chur isteach agus
freagairt don choinne a bhí déanta dhóibh?



Ba deacair imirt ar aon láthair Dia Domhnaigh.
Bhíos ag féachaint ar an gcluithche peile idir
na Céitinnigh is na Mistéalaigh ag an nDíon
agus dár leat gur mhó de útamáil is de
sleamhnughadh bhí ann ná de bualadh liathróide.



Craobh Chúige Laighean



Uí Fáilghe (sóisir), 5-13; Cill Choinnigh, 0-7.
Iarmhidhe, 1-5; Uí Fáilighe, 0-2.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services