Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Comhaltus Chúige Laighean
Title
Ar Faithche na hImeartha - Comhaltus Chúige Laighean
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Comhaltus Chúige Laighean Bhí scéala maithe le hinnsint ag Rúnaidhe Chomhaltus Chúige Laighean ar an gcruinn- iughadh a bhí aca Dia Domhnaigh. Cúig cinn is dá fichid de chluithchibh a thárla idir conntaethibh Chúige Laighean i gcaitheamh na bliadhna so ghabh tharainn. Tá os cionn céad punt sa bhannc aca agus beagán eile ag teacht chuca. Má bhíonn éinnidh spártha aca d'éis a bhfiacha a dhíol comhairleoghainn dóibh é chur i dtaiscidh i gcóir láthair oireamhnach a cheannach do Ghaedhlaibh Bhaile Átha Cliath. Is mór an náire don dream céadna gan láthair fé leith aca féin i gcóir cluithchí fóghanta. Tá airgead dá cailleamhaint aca gach bliadhain ar cíos láithreach. Dá mbeadh láthair aca féin is cucha a bheadh an cíos ag teacht. Tugaimís beagán eile aimsire dóibh amhthach. Rún i dtaobh na Gaedhilge Is maith liom a fheicsint gur cuireadh an rún i bhfeidhm i dtaobh na Gaedhilge sa hIolscoil. An rún ó Loch gCarmain a tháinig os a gcomhair. Do labhair Donnchadh Ó hÉaluighthe i nGaedhilg ag cuidiughadh leis. Molaim thú, a Dhonnchadh. Bóthar Mhic Seóin Sa láthair sin Dia Domhnaigh thángadar laoch- raidhe Laighean is Uladh ar aghaidh a chéile féachaint cia aca b'fhearr sa báire is sa pheil. Bhí an ghaoth an árd. Ní gabhadh puinn a rádh i dtaobh aon cluithche aca, mar do b'fhollus go mbuadhfadh na Laighnigh i ngach mbeirt. Ní faláir a rádh amthach go bhfuil feabhus mór ar muinntir Bhéal Féirste sa pheil. Sidé táille an lae: — Sa pheil: Áth Cliath, 1-8; Aondruim, 0-2. Sa báire: Áth Cliath, 4-12; An Cabhán, 1-3. I gCorcaigh Do thárla dhá chluithche comórtuis i gCorcaigh Dia Domhnaigh .i. cluithche peile idir fóirnibh ó Dhún Garbhán agus Beanntraighe, agus thógha cluithche báire idir laochraidhe Chill Choinnigh agus Chorcaighe. Sa pheil do bhuadhadar an fhuireann ó Dún Garbhán d'aon chúl amháin, agus níor cuireadh isteach i ráth na haimsire acht an cúl soin amháin. Ní feacathas riamh i gCorcaigh leithéid an cluithche báire. Cheithre huaire i gcaitheamh an chluithche do bhíthas ar aon-scór. Tespeánann soin a dheine a bhí gach taobh ag obair. I ndeireadh na dála bhíodar ar aon-scór leis. Sidé é Cill Choinnigh, 2-8; Corcaigh 3-5. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services