Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Ar Faithche na hImeartha - Comhaltus Chúige Laighean

Title
Ar Faithche na hImeartha - Comhaltus Chúige Laighean
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Ar Faithche na hImeartha



Comhaltus Chúige Laighean



Bhí scéala maithe le hinnsint ag Rúnaidhe
Chomhaltus Chúige Laighean ar an gcruinn-
iughadh a bhí aca Dia Domhnaigh. Cúig cinn is
dá fichid de chluithchibh a thárla idir conntaethibh
Chúige Laighean i gcaitheamh na bliadhna so ghabh
tharainn. Tá os cionn céad punt sa bhannc
aca agus beagán eile ag teacht chuca. Má
bhíonn éinnidh spártha aca d'éis a bhfiacha a
dhíol comhairleoghainn dóibh é chur i dtaiscidh i
gcóir láthair oireamhnach a cheannach do Ghaedhlaibh
Bhaile Átha Cliath. Is mór an náire don dream
céadna gan láthair fé leith aca féin i gcóir
cluithchí fóghanta. Tá airgead dá cailleamhaint
aca gach bliadhain ar cíos láithreach. Dá mbeadh
láthair aca féin is cucha a bheadh an cíos ag teacht.
Tugaimís beagán eile aimsire dóibh amhthach.



Rún i dtaobh na Gaedhilge



Is maith liom a fheicsint gur cuireadh an rún
i bhfeidhm i dtaobh na Gaedhilge sa hIolscoil. An
rún ó Loch gCarmain a tháinig os a gcomhair.
Do labhair Donnchadh Ó hÉaluighthe i nGaedhilg
ag cuidiughadh leis. Molaim thú, a Dhonnchadh.



Bóthar Mhic Seóin



Sa láthair sin Dia Domhnaigh thángadar laoch-
raidhe Laighean is Uladh ar aghaidh a chéile féachaint
cia aca b'fhearr sa báire is sa pheil. Bhí an
ghaoth an árd. Ní gabhadh puinn a rádh i dtaobh
aon cluithche aca, mar do b'fhollus go mbuadhfadh
na Laighnigh i ngach mbeirt. Ní faláir a rádh
amthach go bhfuil feabhus mór ar muinntir Bhéal
Féirste sa pheil. Sidé táille an lae: —
Sa pheil: Áth Cliath, 1-8; Aondruim, 0-2.
Sa báire: Áth Cliath, 4-12; An Cabhán, 1-3.



I gCorcaigh



Do thárla dhá chluithche comórtuis i gCorcaigh
Dia Domhnaigh .i. cluithche peile idir fóirnibh ó
Dhún Garbhán agus Beanntraighe, agus thógha
cluithche báire idir laochraidhe Chill Choinnigh
agus Chorcaighe. Sa pheil do bhuadhadar an
fhuireann ó Dún Garbhán d'aon chúl amháin,
agus níor cuireadh isteach i ráth na haimsire acht
an cúl soin amháin. Ní feacathas riamh i
gCorcaigh leithéid an cluithche báire. Cheithre
huaire i gcaitheamh an chluithche do bhíthas ar
aon-scór. Tespeánann soin a dheine a bhí
gach taobh ag obair. I ndeireadh na dála bhíodar
ar aon-scór leis. Sidé é Cill Choinnigh, 2-8;
Corcaigh 3-5.



Tórna

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services