Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Gaisce na hÉireann
Title
Ar Faithche na hImeartha - Craobh Gaisce na hÉireann
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Tórna
Composition Date
1909
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Ar Faithche na hImeartha Craobh Gaisce na hÉireann I Luimneach Dia Domhnaigh do socruigheadh cunntaisí idir laochraidhibh na Mumhan is Chonnacht i leith báire is peile. Sa báire theangmhaigh fóirne ó Thiobraid Árann is ón nGaillimh le chéile. Sidé an scór: — Tiobraid Árann, 5-15; Gaillimh, 1-0. Sa pheil do bhuaidh gaiscidhigh Chiarraighe. Ar a gcomh-mbráithribh ó Chonndae Mhuighe Eó. Do sháruigh an chéad bhabhta den gcluithche aon nídh ná bhfeacathas le fada ar láithreachaibh na hÉireann. Sidé an scór: — Ciarraighe, 2-4; Muigh Eó, 0-1. Ag Bóthar Mhic Seóin Ar an láthair sin Dia Domhnaigh fé riar Comhlucht an Bháire i mBaile Átha Cliath do fearadh cluithche maith idir na “Fágaigh” is na Daibhisigh. Bhí súil i n-áirde ag gach éinne féachaint cia aca bhuadhfadh. Roinnt seacht- mhainí ó shoin d'imreadar cheana féin, agus b'iad na Dáibhisigh a bhuaidh. Mar sin féin bhí tuairim ag a lán go mbeadh malairt scéil ann Dia Domhnaigh. Ní hamlaidh a thárla amhthach. Chuireadar na Daibhisigh tuilleadh leis an dtáille thall. De bharr oibre an Domhnaigh ní fuláir dóibh theacht i gcoinnibh a chéile arís. Tá an dá bhuidhin anois ar aon-chomhaireamh i liosta an Chomhluchta agus is éigin dóibh an trímhadh imirt a fhulaingt. Sidé scór an Domhnaigh — Dáibhisigh 3-8; Fágaigh, 1-9. Sóisir Ar an láthair céadna do himreadh cluithche peile idir fhuireann “Dóthchus na hÉireann” agus na Sáirséalaigh. Bhíodar araon 0-5 i ndeireadh na mbeart. Agus mar cheann ar obair an lae do fearadh cluithche báire idir sóisearaibh na nDáibhiseach is Lusca. Sidé an scór: Dáibhisigh, 3-2; Lusca, 1-3. Ag “An Díon” Thárla ana thabhairt amach fé riar Chumainn Peile Bhaile Átha Cliath ar an láthair úd Dia Domhnaigh. Badh dheacair cuid den imirt do sárughadh go háirithe sa chluithche a fearadh idir na Ciceamaigh is an dream ó Rinn Muirbhthean. Sidé táille an lae: — Dáibhisigh (Meadhóin), 0-8; Rinn Muirbhthean, 1-5. Geata Shain Séamus, 1-10; Raghallaigh, 0-3. I gCorcaigh Is maith liom gur cuireadh i bhfeidhm ar an gcruinniughadh cinn bliadhna i gCorcaigh an rún i dtaobh na Gaedhilge sa nIolscoil. Ní raibh pioc dá mhearathal orainn riamh ná go mbeidís Gaedhil an Bháire is na Peile ar thaobh na Gaedhilge. Anois an t-am ag muinntir Bhaile Átha Cliath. Tórna
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services